Top Issue 1-2024

15 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Didil-Dí-Dí!

Tá mé i ndiaidh fáil réidh leis an bómán eile De Gaeilf agus é ag scríobh amach tré thóin a bhríste, ag taisteal timpeall na cruinne leis na mná-bhuachaillí. Níor chuala mé tada uaidh le coícís anuas – seans gur mharaigh dleachtóir éigin é I Meiricea Theas nó gó bhfuil se ar shiúl leis na piongain go dtí an Antartaic - tá sé ag cailliúint amach ar na kebabíní agus muintir na bpraim i dtuaisceart Ath Chliath; tá na sluaite díbh thart na laethanta seo ag rith timpeall na h-ionaid siopadóireachta le málaí lán le bruascar, atá riachtanach don Nollaig.
D’fhoghlaim mé mo cheol i gCondae an Chláir, áit a raibh didil-dí-dí in athann coirneál den chondae, nuair nach raibh aon rud eile le déanamh, ach gnéas a cheannach ón fear a bhí tiomáint timpeall iarthar an Chondae le leaba ina Hiace, agus ag goidiú na sean baitsiléir bocht, agus iad gnóthach.
Chuir mé mo mhéara i mo chluasa ag tiasteal tríd an chistin, chomh tapaidh agus is féidir, agus na tuathaigh ag cleachtadh a n-uirlisí.
Bhíodh Sharon Shannon ag seinnt go minic sa chistin, ach níor thug mé aon aird uirthi go dtí go raibh orm €30 a íoc chun í a fheiceáil sa Cheoláras Náisiúnta leis na bodaí móra, gan tae agus ceapairí agus Mikado’s ar fáil, mar a bhí faoin tuath sna seachtaidí.
Bhí ‘teach Hiulaí’ in athann pharóiste agus bhí orainn freastal air uair sa seachtain I gcomhair rince san fhuacht leis na cailíní – an t-aon fath gur thaitin sé liom ná go raibh
Máire Fionn ag damhsa ann agus bhí mé in ann greim a fháil ar a lámh.
Tar éis dhá damhsa bhí mé “ag siúl amach léi”, cé nár tharla faic riamh eadrainn, ach bhí sé maith I gcomhair creidmheas sráide .
Chaill mé mo shuim sa rince nuair a d’fhág Máire agus bhí mé fágtha leis an cailín ríbeacha le glúin corcra agus spéaclaí agus an leasainm ‘Tarbhghadhar’ uirthi.
Deirtear gur minic i do shaol a fhilleann tú chuig caitheamh aimsire a bhí agat mar ghasúr, agus I ndiaidh sos fiche mbliana d’fhill mé ar an fheadóg mhór agus gan ar eolas agam ach Rodaí MacCorlaí agus ‘Tabhair Dom Do Lámh’.
Ní bhíonn an luas foghlama céanna agat ós cionn triocha agus bhí orm mé féin a ghlasú
Le sé mhí chun cúpla poirt a fhoghlaim agus cur isteach ar seisiúin agus Poncánach saibhir a phósadh.
Faraor ní raibh ach ceathrú  de na diabhail poirt agam agus chaith mé níos mó áma ag déanamh ‘rollies’ agus ag deisiú mo chuid gruaige, agus mé ag srath fhéachaint ar mo chlog ag súil le meanoíche.
S’é an ceol an rud is deacra a rinne mé  ríamh I mo shaol- sa mharatón ní gá  duit bheith chomh rian l’asal agus leanúint ag rith, agus chun bheith I do Phoblachtánach ní gá duit ach íobairt nó trí a dheanamh.
Ach I saol na gceoltóirí traidisiúnta tá cúig mhíle poirt le foghlaim, agus muna bhfuil siad ar fad ar eolas agat, thig leat d’oíche a chaitheamh ag stánadh amach an fuinneog agus  gáire ar na bómáin eile.
Tá ceoltóirí ann a chaitheann ocht nó naoi uair a chloig ag foghlaim athann lá ach ní labhraíonn siad leat sa teach tabhairne ach le rá “cad is ainm den tíún sin?...
Ca bhfuair tú do fheadóg...? & rl”
Tá mé bréan de na cheoltóirí agus mo chuid áma a chur amú ag ól tae I dteach tabhairne gruaimeach gach Máirt- tá go leor eile le déanamh- mo charr a nigh agus piléir plaisteach Gréigeach a fháil I gcomhair mo theach; scrabble a imirt leis an sagart paróiste agus an tSiú Genivieve agus mo lámh a chur ar a glún corcra nó clocha  a chaitheamh ar thurasóirí.
Tá mé dul a cheannach ‘anorak’ nua agus filleadh go dtí Stáisiún Heuston le mo chóipleabhar agus mo chairde le speaclaí- tar arais ‘Tarbhghadhar’

Foclóir

Dleachtóir...dictator
Ionaid siopadoireachta...shopping centres
Creidmheas sráide...street cred’
Ag siúl amach le...courting a quare wan’
Tarbhghadhar...Bulldog
Sráthfhéachaint...glance
Íobart...sacrifice
Rian....stubborn
Glúin corcra...purple knees
Gruaimeach...depressing


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland