Top Issue 1-2024

27 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

AINEOLAS AN LUCHT TÓGÁLA

Tuairisc a bhí ar Lá Nua ar 20 Meán Fómhair ag rá go raibh cinneadh déanta ag Aire Forbartha an Tuaiscirt dul chun cinn le comharthaí dátheangach ar bhóithre agus ar shráideanna.
Ach labhair Nelson McCausland ón DUP in aghaidh an chinnidh, ag éileamh gur cheart aitheantas a thabhairt d’Albainis Uladh agus mhaígh sé go mbeadh na comharthaí bóthair contúirteacht dá mbeadh siad dátheangach agus go dtárlódh timpistí dá bharr. Ach sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil comharthaí bóthair dátheangach, tuairiscítear nach bhfuil fírinne sa ráiteas a rinne McCausland faoi thimpistí bóthair. Rud eile, dá mbeadh Albainis Uladh ar na comharthaí bheadh deacracht ag McCausland agus a chomhleacaithe iad a léamh.
Ar an dtaobh seo den teorainn is ag dul ar gcúl ar fad atá cúrsaí Gaeilge ó síníodh an Conradh i 1921, ag an am céanna tá an Ghaeilge ag dul chun cinn go mall sa Tuaisceart ainneoin na ndeacrachtaí  atá á gcur sa bhealach le linn díospóireachtaí fada parlaiminte. Ar an data céanna san Irish Times bhí tuairisc shuimiúil ann ar an mheath uafásach tobann atá ag teach ar mhionteangacha. Ní raibh an Ghaeilge san áireamh  sa tuairisc seo cé gur mhaith le naimhde na Gaeilge go mbeadh, ina measc siúd, bheadh na húdaráis istigh sa Pháil atá freagrach as comharthaí sráide agus lucht gnó le hainmneacha ar shiopaí agus ionaid gnó.
De réir David Harrison, an teangeolaí ó na Stáit Aontaithe “nuair a fhaigheann teanga bás cailleann an cine daonna na céadta bliain de smaointe faoi na séasúir, am, neacha farraige, an réinfhia, biabhláthanna, matamataic, tírdhreacha, miotaseolaíocht, ceol, rudaí anaithnide agus laethúla”.
Ar an lá céanna ar an Irish Times léiríonn an forlíonadh ollmhór d’fhoirgnimh atá ar díol, léiríonn sé mar a théann cultúr ar gcúl le fógraí comónta ag déanamh aithrise ar stíl phéacach bhodaigh Hollywood.
Tá an nós seo níos feiceálaí taobh istigh den Pháil le hainmneacha eastáit mar Court, Manor, Hall, Woods, Carrington, Aubrey, Belmayne, Robswell agus Brighton, gan ach dornán beag a lua. Agus tá an baile nua in iarthair Chontae Átha Cliath, Baile Adaim, is cinnte nach bhfuil sé in onóir d’fhear Bhaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste.
Deirtear gur éirigh na Normanaigh níos Gaelaí ná na Gaeil féin ach anois tá na Gaeil ag éirí níos Gallda ná muintir na Breataine, a bhuíochas sin do lucht forbartha tithe agus foirgnithe go bhfuil cead acu na hainmneacha a roghnú agus na húdaráis phleanála a thugann cead a gcinn dóibh.
An é aineolas an lucht forbartha is cúis leis? Ceantálaí amháin a raibh mé ag caint leis dúirt sé go raibh aineolas mar seo forleathan i measc an lucht tógála.
De réir an Achta Teanga, 2003, tá iarracht ann chun nós an Ghalldachais a athrú agus tugtar treoir ann gur cheart cultúr agus teanga agus timpeallacht a chur san áireamh le linn ainmneacha a roghnú do shráideanna, bóithre agus eastáit tithe nua. Dá ainneoin sin, tugann an lucht tógála neamh aird ar an treoir agus an áit is measa sa tír ná an Pháil agus na bruachbhailte a tógadh timpeall uirthi mar áit chónaithe d’oibrithe na príomhchathrach.
Tá dualgas ar na húdaráis Rialtais agus Áitiúla a chinntiú go leanfar na treoracha atá luaite san Acht Teanga agus féachaint chuige go gcoimeádtar na rialacha atá leagtha síos. Ó thárla go bhfuil lucht tógála ag tabhairt neamhairde i gcás ainmneacha is féidir glacadh leis go bhfuil siad ag tabhairt neamhairde ar rialacha pleanála chomh maith.
Tá go leor Comhairlí Contae ag glacadh go hiomlán leis na rialacha agus obair ar dóigh ar siúl acu maidir le hainmneacha Gaeilge.
Bí páirteach san iarracht chun ainmneacha Gaeilge a chur ar fud na tíre. Déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge, Gael Taca, Clár as Gaeilge nó Oifigeach Gaeilge do Chomhairle Contae. Faigh cóip de Name Your Place saor in aisce ó Fhoras na Gaeilge.
Nuair a thiocfas deireadh leis an buaicthréimhse tógála sa tír, beimid fágtha le toradh na Seoiníneacha is measa dá raibh sa tír seo riamh, timpeallacht le hainmneacha gránna.

Foclóir

Aineolas...ignorance
Tógalaithe...builders
Cinneadh...decision
comharthaí dátheangacha...bi-lingual signs
lucht forbartha...housing development
tithe...group
Albainis Uladh...Ulster Scots
na húdarais phleanála...planning authorities
Galldachas...Anglicisation
Teagmháil...contact


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland