Top Issue 1-2024

6 March 1997 Edition

Resize: A A A Print

Greaves agus fréamhacha na gCearta Sibhialta

     Cuireadh tús le léachtanna bliaintiúla Desmond Greaves i mBaile Atha Cliath ar an deireadh seachtaine seo caite. Seo tuairaisc ó Mícheál MacDonncha.

Tá neamhaird á thabhairt ag stáraithe ar ról na nEireannach sa Bhreatain i mbunú Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta. Dúradh sin le linn na díospóireachta ag céad Léacht Chuimhneacháin Desmond Greaves ar an Aoine 28 Feabhra.

Ba léir ó chaint an léachtóra Sean Redmond, agus ón díospóireacht, go raibh tábhacht ar leith in obair na nEireannach i Sasana, agus cairde na hEireann, in ullmhú an bhóthair roimh 1968. Tá cáil ar Desmond Greaves mar staraí a scríobh beathaisnéis James Connolly agus Liam Mellows; ach gníomhaí polaitiúl ab ea é chomh maith, mar a léirigh Redmond, atá ina oifigeach náisiúnta sa cheardchumann IMPACT agus a bhí gníomhach le Greaves sna 50í agus 60í.

Bhunaigh Greaves Cumann Uí Chonghaile (Connolly Association), an eagras polaitiúl Eireannach is sinne sa Bhreatain, agus bhí sé mar eagarthóir ar a nuachtán an Irish Democrat le blianta fada. O Greaves a tháinig an smaoineamh chun feachtas cearta sibhialta a bhunú chun seicteachas sna Sé Chontae a ionsaí, a dúirt Redmond. Lean sé:

``Trí obair an Connolly Association agus an Irish Democrat rinne Greaves an argóint gurb é an slí is fearr chun Aontachtóirí a scoilt agus míchlú a tharraingt orthu, ná an idirghealú seicteach faoi réim Stormont a léiriú don saol mór, agus ag an am chéanna chun cairde polaitiúl sa Bhreatain a fháil do chúis na hEireann aontaithe.''

Rinne Greaves feachtas oideachais agus bolscaireachta sa Bhreatain ó lár na 50í go tús na 70í. Mar gheall ar an obair sin bhí daoine i nGluaiseacht Lucht Oibre na Breataine níos báúile do na náisiúnaigh ná do na haontachtóirí nuair a cuireadh tús leis an feachtas cearta sibhialta i 1968, dar le Redmond. Fiche bliain roimhe sin neartaigh Rialtas Lucht Oibre na Breataine veto Phairlimint Stormont ar athrú bunreachtúil nuair a chuir siad an Ireland Act i bhfeidhm.

``Ní hamháin go raibh tionchar díreach ag Greaves agus an Connolly Association ach chomh maith le sin bhí tionchar ar leith acu ar feisirí phairliminte Lucht Oibre. Agus tionchar arís trí eagrais mar an National Council for Civil Liberties agus an Movement for Colonial Freedom [gluaiseacht a bhí gníomhach ar son na bpobal uile a bhí faoi réim Impireacht na Breataine ar fud an domhain.]

``Spreagadh an Campaign for Democracy in Ulster, a bhí eagraithe taobh istigh de Pháirtí an Lucht Oibre, ag obair Greaves chomh maith.''

Mhínigh Redmond an córas i bPairlimint Westminster ag an am nuair nach raibh cead ag feisirí aon ábhar faoi na Sé Chontae a lua; ní dlí a bhí ann ach nós a chuir an Cathaoirleach agus ceannairí na bpáirtíthe i bhfeidhm. Cinsireacht ar chursaí faoi réim Stormont a bhi san `convention' seo. Rinne Greaves alán obair chun é léiriú agus i 1966 thug an Priomh-Aire Aontachtach Terence O'Neill aitheantas don obair sin sa mhéid gur scríobh sé chun an Connolly Association chun an convention a chosaint.

An gné is conspóidí i bpolaitíocht Greaves ná gur chuir sé i gcoinne riáil díreach ó Westminster ag tús na 70í. Thacaigh sé le Bille Cearta a bheadh curtha ag Westminster ar tionól i mBéal Feirste. Leath-bhealach a bheadh ansin idir Stormont seicteach agus riail díreach ó Londain. Mar thoradh or obair Greaves thachaigh TUC na Breataine leis an Bille Cearta. Greaves féin a scríobh an Bille phairliminte agus moladh é sa Commons agus sa Lords ar an lé chéanna i 1971. Chuir na Tóraithe ina choinne agus theip air.

Dúirt Redmond gur oiriúnach an rud é gur rinneadh comóradh agus ath-smaoineamh ar straitéas frith-aontactach Greaves ar 30ú chumhneacháin de bunú fheachtas na gcearta sibhialta in Eanáir 1967. Dúirt Redmond:

``Tá sé ag éirí níos soiléire anois gur gá dul ar ais chun an saghas gníomhaíocht sin chun cur i gcoinne an scoilt idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh sa Tuaisceart, agus chun dul ar aghaidh go aontacht na hEireann in am.''

Lean díospóireacht an léacht in Ostán Wynn's i lár na cathrach. Scoil Samhradh Greaves a d'eagraigh an léacht agus beidh an scoil samhradh féin agu dul ar aghaidh mar is gnáth i mí Lúnasa.


Tacaíocht do Roisín McAliskey



Tá réimse leathan daoine i saol na Gaeilge ag tacú le Roisín McAliskey. I litir oscailte chuig na nuachtáin deir 15 gníomhaí, uachtarán an Chonartha agus Ard Stiúrthóir CCE san áireamh, gur chóir bannaí a thabhairt do Roisín. Seo thíos an litir. (Féach an leathanach seo chomh maith).

A chara,

Ba mhaith linne, atá páirteach i saol na Gaeilge, tacú le hachainní ag Amnesty International, Irish Council for Civil Liberties, the Irish Commission for Prisoners Overseas, the Committee on the Administration of Justice, An Tánaiste ar son an rialtais, agus mórán grúpaí eile le déanaí i gcás Roisín McAliskey.

Is Gaeilgeoir óg í Róisín a bhí ag obair lena phobal féin a fheabhsú agus cáineann muid go láidir í a bheith á gcoimeád faoi na droch-choinníollacha ina bhfuil sí i bPríosún Holloway faoi láthair. O thaobh cearta daonna de tá sí tinn agus ag iompar clainne agus ní raibh deis aici í féin a chosaint os comhair cúirte go fóill fiú.

Eileann muid, dá bhrí sin, go dtabharfaí bannaí do Roisín McAliskey gan mhoill ar na cúiseanna thuas-luaite.


Eamonn O Cuív TD
Gearóid O Cearealláin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Labhrás O Murchú, Ard-Stiúrthóir Chomaltas Ceoltóirí Eireann
Prionsias MacAonghusa, Chonradh na Gaeilge
Seán MacMathúna, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge
Ite Ní Chionnaith, Gníomhaí de Chonradh na Gaeilge
Máire Uí Ainnín, Gníomhaí de Pharlaimint na mBan
Nóirín Ní Chléirigh, Stiúrhtóir Ghlór na nGael, Béal Feirste
Cris Ní Choisdealbha, Ionad Buail Isteach na Gaeilge
Tomás O Cuillin, Rúnaí Craobh Inse Chóir
Sean O Tuathalain, Conradh na Gaeilge, Doire
An tAth Piaras O Dúill, Baile Atha Cliath
Flann O Riain, Tiobraid Arainn
Pádraig O Snodaigh, Coiscéim
Máire Mhic Niallais, Gaoth Dobhair.


Seachtain na Gaeilge i nGaillimh



Tá clár spreagúil foilsithe do Seachtain na Gaeilge i nGaillimh idir 10 Márta agus 17 Márta. Seo thíos roinnt de na himeachtaí atá ar siúl.

Dé Luain 10 Márta 8.30 Oíche na gCártaí An Club: Bígí linn don oíche chraic seo nuair a bheas deis agaibh bhur scileanna cártaí.... agus tic-tac .... a tháispeáint - agus duaiseanna a bhuachaint chomh maith!

Dé Máirt Oíche na Mac Léinn - Céilí, An Club: Cruinníonn na mic léinn , An Cumann D, An Cumann Craic, An Cumann Éigse agus Seanchais le chéile don oíche seo agus ní fios cad a tharlóidh roimh deireadh na hoíche. Mic léinn a eagraíonn an oíche, ach tá fáilte roimh cách, ar ndóigh. Tosaíonn an oíche ag 8.30.

Dé Céadaoin, Sean-nós, An Club: Bíonn, chuile bhliain, an-spéis in imeachtaí cultúrtha mar an imeacht seo. Beidh plúr na n-amhránaithe ó Chonnamara againn sa Chlub ó 9.00 ar aghaidh.

Dé Sathairn, Seisiúin, An Club: Ní bheadh an deireadh seachtaine i gceart gan iad... ceoltóirí an Chlub arís.

Dé Luain, Lá `le Pádraig, An Club: Caifé Gaelach, ceol, an Pharáid, ceol, Caifé Gaelach..... ná déan nós agus na bris nós!

Chomh maith leis na himeachtaí thuasluaite tá alán imeachtaí ar fud an chontae agus ar Lé `le Phádraig beidh Bailiúchán Chonradh na Gaeilge ar fud na Gaillimhe agus ar fud na tíre. Bígí fial!

Tuilleadh Eolais:    Eibhlín Ní Chlochartaigh 091-567824, 091-565139

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland