30 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

An Géarchéim Tithíochta

LE
PEADAR de BLUIT

Le deanaí cuireadh tús le feachtas úrnua i mBlá Cliath. Tá an feachtas seo bunaithe thimpeall an méid tithe folamh, nó inúsáidte, atá sa príomhcathair, go háirithe agus sinn i lár géarchéim tithíochta mórthimpeall na tíre. Tá praghas fothain fad-téarmach imithe ar mire ar fad. Tá sé beagnach do-dhianta ar dhaonine óga tigh nua a ceannach gan cabhair éigin a fháil óna tuistí, ar a laghad. In ainneoin an méid seo áfach fós tá scata mór tithe folamh fud fad na cathrach. Sé aidhm an plean seo ná aird a tharraingt ar mhéid na faibhde i measc an phobail, ach go háirithe i measc daoine áitiúla na ceantair sin. Tá ceart bunreachtúil ag daoine fothain agus sábhailteacht a bheith acu agus iad ag cur fúthu sa stáit. Tá an eagráíocht i mBlá Cliath ag súil go dtuigfidh daoine an méid sin tréan bhfeachtas seo.
Ar an lá a cuireadh tús leis an bhfeachtas tháinig sé amach nach fadhb ag baint leis an bpríomhcathair amháin atá anseo ach ar fud na stáit atá sé. Níos measa ná sin áfach, ní tithe folamh amháin a bhí i gceist ach tithe saoire araon leoithe. De réir an daonáireamh is déanaí tá níos mó ná 30,000 tithe folamh ag am ar bith sa stát seo. Leis an eolas seo againn is scéal níos measa fós í go bhfuil daoine ann, nach mbíonn fothain ar bith acu am ar bith i rith na bliana. Mar sin más daoine sinn atá tugtha don comhionannas b’fhearr a ceistiú cad is féidir linne a dhéanamh faoi, agus cé atá ciontach as an méid atá dul ar aghaidh. Ar an gcéad ceist tá sé rí-léir gur gá dúinn a bheith gníomhach i ngach uile pobail sa stát seo agus an coir seo a mhúscailt i measc na ndaoine, post atá idir lámha ag muintir Blá Cliath, sampla cheart dúinn a leanúint. Ar an dara ceist is dóigh féin gur gá amharc ar an rialtas.
Tá a fhios againn go léir an gaol láidir atá ann idir roinnt baill, agus iar-bhaill, den rialtas agus an lucht tógála. Chomh maith céanna tá cur amach ag roinnt againn ar na dlithe pleanála agus conas a castar iad, go minic ar son na tógálaithe céanna. Tóg mar shampla roinn cúig de thithíocht sóisialta agus inceannaithe, tá tógálaithe in ann éalú leis an cuid sin den reachtaíocht tré suim airgead a íoc don údarás áitiúl. Ní hamháin go bhfuil seo ag cur bac ar dhaoine atá ag iarraidh tithíocht a ceannach ar phraghas réasúnta, ach tá sé ag oscailt bearna ollmhór idir na haicmí sóisialta chomh ag cruthú sochaí ar dhá céim éagsúil.
Mar sin mar aon leis an córas sláinte, píobháidiú acmhainní an stáit agus a leithéid, arís anseo tá an rialtas ag iarraidh ionadaíocht a dhéanmh ar son lucht an airgead agus an cuid eile dúinn a fhágáil taobh thiar, tá teipithe ag an Sóisialach Ahern arís. De bharr sin tá an post againne rí-thábhachtach. Caithfimidne seasamh suas dosna daoine a bhfuil dearmad déanta ag an rialtas orthu, mar mura dhéanaimidne ní dhéanfaidh aoinne eile a dhath ach an oiread.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland