Top Issue 1-2024

23 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Seachtain san Aifric Theas

I gcillín Nelson Mandela, bhí beagnach 140 cime i seomra amhain

I gcillín Nelson Mandela, bhí beagnach 140 cime i seomra amhain

LE SÉANNA BREATHNACH

Chaith mé féin, Bairbre de Brún agus Réamonn Mac Cartnaigh seachtain san Aifric Theas ar tionóil fá “conflict resolution”ag tús na míosa. D’fhan muid taobh amuigh de Cape Town, cathair galánta i dtír galánta B’fhéidir go labaharfaidh mé fán cheist sin “conflict resolution” am éigin eile ach anseo ba mhaith liom labhairt fán tír agus an oidhreacht a d’fhág cinedeighilt ina dhiaidh.
Tá an iomarca sin fadhbanna sa tír, cuid acú de thoradh cóilíneachais agus cinedeighilt, cuid acú a chruthaigh said féin agus cuid eile mar gheall ar tíreolaíocht na tíre agus na tíortha atá thart air.
Ach sin uilig raite, tuigeann an ANC go bhfuil sliabh le dreapadh acú agus beidh said ag tosnú ar ollchlár athnuaíocht na heagraíochta ag Ard Fheis s’acu i Mí na Nollag.
Tuigeann an cheannaireacht go bhfuil neamhshocracht ag forbairt i measc roinnt gníomhaithe ar an talamh agus lucht tacaíochta chomh maith. Tá plean agus stráitéis dreachtaithe acú chun seo uilig chur i gceart agus freabhacha na heagraíochta a neartú is a áthógáil. Beidh le feiceáil ach tá iomlán dóchas acú astú féin mar sin tá mé féin dóchasach dóibh.
On a lighter note, agus muidne ansin bhí orainn cuairt a thabhairt ar oileán Robben, ar an phríosún féin agus an máguaird. Cé go raibh níos mó na daichead bliain caite i bpríosún idir Réamonn agus mé féin, fiú ansin bhí sé iontach corraitheach. D’imigh muid ón chuan i gCape Town ar bhád beag farantóireachta. Bhí radharc galánta na cathrach ar ár gcúl le Sliabh Tábla ina seasamh go maorga os ár gcionn – ansin tháinig imlíne na hoileáin míchlúiteach úd ar amharc agus thosaigh amhrán náisiúnta na tíre aga bualadh amach ar an tannoy – shil mé go raibh mo chroí chun pleascadh. Bhí sé i bhfad ní ba mhó, nuair a bhain muid an oileán amach, ná a shíl mé. Chónaigh daoine ann lá den saol agus tá daoine ag cur futhu arís ann. Thug duine de seanfhundéirí an ANC, Mac Maharaj, turas speiséalta dúinn. Chuaigh muid thart ar an chairéal inar thiochal sé féin, Madela agus na comrádaithe eile ón ‘Trial Rivonia’. Bhí muid sna cillíní inar chaith said na blianta, blianta fada. D’inis Mac scéal dúinn fán choras a chum said chun nótaí a chur ó chillín amháin go cill os a chomhair inar úsáid siad cnaipí agus tead – ceacht a d’fhoghlaim muid féin sna Blocanna H tamall de bhliain ina ndiaidh.
Leigh muid “biachlár an phríosúin” a cuireadh le chéile ag dochtúirí is airde na stáite cinedheighilte. Bhí liosta bidh do na ‘Colours’ agus liosta eile de na ‘Bantus’. Ní bhfuair na daoine gorma – na ‘Bantus’ feoil ná subh milís. Ní bhfuair said arán. Fuair said ‘mealie meal’, cinéal de brachán déanta as ‘maize’ agus geir.
Tharla an rud annblaidh leis na héidí phríosúin, bríste gairid agus cuaráin don lucht Bantu, bríste fada brogan is stocaí don lucht ‘Coloured’.
Is suíomh oidhearachta domhanda anois í Robben Island agus is séadchomhartha é don mhídhaonnacht, don fhuath agus don chiníochas. Caithfidh an Aifric Theas a clú a chinntú mar lócharann na saoirse agus chomhionnanais do chosmhuintir an domhain. Tá sár iarracht os ár gccomhar amach anseo le chinntiú go dtig linn an rud céanna a dhéanamh anseo in Éirinn. Beidh dian-obair de dhíth chomh maith leis an togra atá idir lámha againn ar todhchaí Long Kesh agus Blocanna H a chinntiú agus an aisling a fhíorú.
GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland