12 July 2007 Edition

Resize: A A A Print

Féile an Phobail - Féile do chách

Seán Paul Ó Hare

Seán Paul Ó Hare

Le hÉamann Mac Mánais

Sheol Seán Paul Ó Hare agus a fhoireann Clár Fhéile an Phobail 2007 inné.  Is é Féile an Phobail ceann de na féilte pobail is mó san Eoraip agus i mbarúil s’agamsa an ceann is fearr! 
Clár lán le siamsaíocht, craic, cultúr agus rudaí do chách a mhaireann seachtain ina iomláine i gceist.  Bunaíodh an fhéile seo siar sna 80í (tá sé an fichiú Féile Lúnasa i mbliana!) agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Ag dul siar fosta tabhair faoi deara go raibh Caitríona Ruane BTR agus Carol Jackson, Roinn an Airgeadais s’againne i mbun; maith dóibh! 
Dúirt Sean Paul, Stiúrthóir, Féile an Phobail,
“Iarraimid oraibh bheith linn le culture dá éagsúil é, síocháin agus dul chun cinn a cheiliúradh agus foghlaim ó thaithí saoil daoine eile le gur féifir linn tionchar a imirt, ar ár ndóigh féin, le sochaí agus le domhan a dhéanamh níos fearr.”
Beidh ceol ó David Holmes, DJ. Tá a chuid cheoil le cluinstin sna scannáin “Oceans 11, 12 agus 13” srl.   Beidh ceol breise ó John Spillaine fosta, ceolteoir ó Corcaigh ó dhúchas a bhfuil clú air fud fad na tire agus neart ceolteoirí eile.
Ó thaobh cainteanna beidh Uachtarán Shinn Féin Georóid Mac Adaim FP i gcomhrá le Anne Cadwallader ag seoladh a leabhar nua de sireamh fosta machnaimh ar chuairteanna ar thír na mBascach agus ar an Mhéanoirthear agus an pholaitíocht sa dá áit. 
Ar an 7 Lúnasa beidh Raymond Mc Cartney BTR, iar fhear pluide, iar stailceaoir ocrais a chaith tréimhse i bpríosún sular cealaíodh é i mbliana i ndiaidh achomhairc fhada, i mbun an léácht Chearta an Duine PJ Mc Grory, I mbliana beidh sé dírithe ar príosún agus beidh sé ag labhairt le Sunny Jacobs, bean a chaith seacht mbliana déag I mbraighdeanas aonair ar shraith an bháis de dheasca dúnmharaithe nach ndearna sí.
Beidh rudaí nua ag tarlú i mbliana fosta.  Mar shampla, pictiúrlann mhótar na Feile, scoil samhraidh na féile, drámaíocht nua agus imeachtaí litríochta den chéad scóth.
 Ag tabhairt tacaíocht don Fhéile agus é ina chathaoirleach Choiste Roinn Cultúir sa tionól, dúirt an t-Uasal Barry Mc Elduff MLA  inné,
“Bhí mé iontach sásta a bheith ag freastail ar an ócáid seo agus guím bláth agus rath agus gach sonas orthu, agus ar son Sinn Féin is onóir dom Féile an Phobail seo a mholadh do chách. Mairfidh an ócáid seo 7 lá idir 5-12 Lúnasa agus cuirimsa fáilte roimh dhul chun cinn ar an Fhéile seo.”
Leis an méid sin ní bheidh duine ar bith fagtha ar an thrá foladh!  Táim cinnte go bhfuil meas agus tacaíocht tuillte ag foireann Fhéile an Phobail agus taim ag súil go mór leis na himeachtaí uilig. Le haghaidh tuilleadh eolais agus ticéid, déan teagmháil leo:
www.feilebelfast.com nó glaoch ar 02890313440.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland