Top Issue 1-2024

12 July 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Miltown Malibu

Tá fothbhríste leis an focal ‘endurance’ scríofa ar an taobh, ag crochadh ar an chiseán; tá scata chuileoga ag ithe úll lofa ar an talamh agus cuileog eile ag déanamh leaba dó féin ar sean stoca ar an mbord.
Tá se meán oíche agus bhí orm teacht abhaile luath ón teach tabhairne ar eagla go dtitfidh mo phubal as a chéile leis an gaoth agus an báisteach.
Tá mé ar mo laethanta saoire ag seachtain Willie Clancy ar chósta an Chláir leis na hippies agus na diddlí-di-s agus ta an fearthainn ag teacht tríd díon mo phubal bocht.
Tá me réidh le mo bhríste gearr agus mo ola gréine ach ta spéir dubh gruaimeach thart orainn ó tháinig muid- dúirt fear liom go ndúirt fear leis go mbeidh an ghrian amach ar feadh leath uair a chloig ar an Chéadaoin seo chugainn ach ní chreidim é.
Is cuma liom mar tá stór maith agam - tá bord fichille agus cartaí ionas gur féidir liom pócar nocht a imirt le Máire Rua agus na tuathaigh ag trí ar maidin agus léim isteach sa síbín i gcomhair ether agus poitín agus rí rá agus ruáille búille.
Tá dhá chamáin agam sa charr ionas gur féidir liom aithris a dhéanamh ar ghaiscígh an Chláir ar an trá agus ruaig a chur ar na Poncánaigh ag siúl ann lena ceamairí.
Tá poll uisce i lár an pubal anois ach tá sorn beag agam agus na ponairí beagnach réidh- beidh orm tae a dhéanamh sa phota céanna ina dhiaidh.
Tá dha asail ag cur a sróin thar an sconsa ag iarraidh mo bhia a ithe agus bhi orm mo champa a bhogadh cúpla slat i lár na hoíche agus sheas mé ar chac bó agus mo sandail orm.
Tá an sconsa ceangailte le chéile le teád agus poll san urláir sa seomra leithris; bíonn ort do pháipéar leithris féin a thabhairt leat agus bíonn fhios ag leath an champa go raibh tú ag ithe vindalú aréir.
Tá tuiltí le teacht amárach ach is cuma- rachaidh me ag rith i mo chosa nocht ar an trá timpeall Rinn na Spáinneach.
Bhí me ag seisiún ceoil aréir - thit fear an fhidil i laige in aice liom agus bhí bean an bodhráin ag caitheamh an stuif ait ar chúl an phub le seanlaid le gruaig fada air.
Tá an sráid lán le Sasanaigh le geansaí daite agus madraí ag díol seodaí agus pancóig blasta – chas mé le Jeremy irons aréir ag seisiún agus é ag foghlaim fidil in áit darbh ainm Mullagh, agus ní raibh muintir na Mi le feiceáil in aon áit.
Ta m’iníon ag freastal ar cheardlann ceoil in eineacht le dhá mhíle  daltaí eile ó se bhliain d’aois go nocha; s’é draíocht seachtain Willie ná go bhfuil an méid sin daoine ag cruthú ceoil, ealaín, rinnce agus amhránaíocht i measc sochaí atá tógtha le MTV agus SUV’s.
Tá féilte ceoil ag teacht suas i Sligeach, Liatroim, Muigheo & rl agus an Fleadh ag deireadh mí Lúnasa – muna chuireann an bháisteach isteach ort ceannaigh veain beag duit féin agus faigh banaltra le gruaig casta, líon suas é le pasta agus ponairí aguslean an cheoil don Samhradh.
Más bomán thú thig leat dhá mhíle euro a chur ar strae ar trí lá in óstán ag féachaint ar Feargal an Fear Grinn agus ag ithe lasagne.
Comhgairdeas do mhuintir Shligeach – ta mé ag fáil m’ola gréine agus ag luí amach faoin bháisteach – Hurá – ta an Samhradh linn.
Tiocfaidh an ghrian!

Foclóir

fothbhríste...underpants
pubal...tent
ceardlann...workshop
ponairí      beans
tuiltí...floods
pócar nocht...boarding school game
Máire Rua...mad lesbian warrior from Clare who threw one of Cromwell’s generals from the top of her castle
ficheall...chess
draíocht...magic


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland