Top Issue 1-2024

28 June 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

An Gaeilge sa Chóras Oideachais

A Gaelic Experiment – The Preparatory System 1926-1961 and Coláiste Moibhí
  I Feasta na Míosa seo tá léirmheas déanta ag Helen Ó Murchú ar an leabhar seo le Valerie Jones. Tá cur-síos sa leabhar ar na seacht gColáistí Ullmhúcháin a lean ó 1926 go dtí 1961 nuair a dúnadh iad uilig ach ceann amháin. Bhí Coláiste Moibhí ag feidhmiú go dtí 1995 agus tá níos mó spáis tugtha sa leabhar do stair, cúlra oideachais agus soisialta an choláiste seo ná na cinn eile. Ach tá go leor eolais ar na Coláistí uilig. Tá 320 leathanach ann agus é bunaithe ar thaighde leathan agus doimhin a rinne sí le cabhair ón iarléachtóir Susan Parkes.

Pointí Suimiúla
I measc na bpointí suimiúla ann ;

  • “An marriage ban”, nuair a b’éigean dó mhná stopadh den mhúinteoireacht indiaidh a bpósta.
  • Mar bhí Coláiste Phádraig dúnta nuair a bhí iomarca múinteoirí sa tír.
  • Public Notice No. 4 de Rialtas Sealadach na hÉireann ar mhúineadh na Gaeilge (1922).
  • An choimhlint a bhí idir Roinn an Oideachais agus an Roinn Airgeadais, iadsan ag coinneáil súil ar chaiteachas airgid na gColáistí.
  • Leanúnachas na gColáistí le linn blianta Éigeandála an Chogaidh- a bhúiochas sin don Aire Tomás Ó Deirg.
  • Mar a bhí Cumann Múinteoirí Éireann in aghaidh an Chórais ariamh anall.
  • An tAire John M O’Sullivan, Cumann na nGaedhal,  a chuir tús leo, cé nach raibh an Gaeilge aige féin,
  • Bhí cumhacht eaglaise go láidir iontu, faoi phatrúnacht Ard Easpaig Protastúnach nó Caitliceach.


Aidhm na gColáistí Ullmhúcháin
An chúis gur bunaíodh iad ná gurbh é polasaí an Stáit an Ghaeilge a chur chun cinn, chuirfeadh na Coláistí seo ábhar múinteoirí ar fáil a bheadh líofa sa Ghaeilge agus iad ábalta múineadh tré mheán na Gaeilge. D’éirigh thar barr leo an aidhm seo a bhaint amach mar thoradh ar chóras an Tumoideachais. Chun cabhrú leis na daltaí le líofacht Gaeilge, bhí scéim tacaíocta ann, dfhéadfadh siad bliain a chaitheamh sa Ghaeltacht roimh dul go dtín Coláiste Ullmhúcháin.

Meath na gColáistí
Gan plé ar bith dúnadh na Coláistí i 1961 ach ceann amháin, Coláiste Moibhí. An príomh chúis le na ndúnadh ná go raibh lagú mór an pholasaí an Stáit i Leith na Gaeilge. Bé’n argóint a bhí ann ná go raibh siad ró-chostasach. Cuireadh oiliúint ar 4,500 ábhar múinteoirí iontu agus chuir siad go mór le saol oideachais, cultúra agus spóirt na tíre. Bhí na múinteoirí díograiseach agus bhí grá acu don teanga is don chultúr.
 
An Lá Inniu
Tagann an leabhar seo amach ag an am a bhfuil imní ar go leor daoine faoi chaighdeán na Gaeilge ins na scoileanna, ina measc an tAire Oideachais, an tAire Ó Cuiv agus  an Coimisinéir Teanga.  Tá moltaí ag Conradh na Gaeilge ach an bhfuil aonduine ag tabhairt aird orthu? Tá na daltaí ag brath ar na múinteoirí ach tá go leor múinteoirí nach bhfuil ach beagán Gaeilge acu féin mar gheall ar an gCóras ins na Coláistí Oideachais atá ag cur na múinteoirí ar fáil. D’admhaigh Rúnaí an INTO ar an radio go bhfuil fadhb ag roinnt múinteoirí leis an Ghaeilge agus iad ag teacht amach as na Colaistí Oideachais. Múinteoirí maithe iad ach conas is féidir leo Gaeilge a mhúineadh agus gan í acu féin ?
‘Sé an moladh atá ag Conradh na Gaeilge, go gcaithfeadh ábhar oidí bliain sa Ghaeltacht agus go ndéanfadh siad an Cúrsa Oideachais tré Ghaeilge comh maith, chun réiteach a fháil ar an droch chaighdeán atá acu. Molann Helen Ó Murchú ; go nárdófaí an riachtanas iontrála sna Coláistí Oideachais; go mbeadh cúrsaí oiliúna ann do mhúinteoirí lan-Ghaeilge; go gcaitfeadh ábhar oidí bliain sa Ghaeltacht.
 
Réiteach na Faidhbe — An Ghaelscolaíocht
Tá ceacht le foghlaim ó na Coláistí Ullmhúcháin, ceacht an Tumoideachais. Bhí mé ag Cluiche Ceannais iomána  Chontae a Chláir do na bunscoileanna le déanaí, áit ar bhuaigh Scoil Mhichíl Ciosóg as Inis. Thógfadh sé do chroí bheith ag éisteacht leis an gcaiftín, dhá bhliain déag d’aois agus é ag glacadh an choirn. Thug sé óráid uaidh i sruth Ghaeilge líofa, gan bac na buaireamh air cosuil le Seán Óg Ó hAilpín i bPáirc an Chrócaigh. Is toradh é seo ar Thumoideachas atá mar pholasaí sa   Ghaelscoil áit a bhfuil Dónal Ó hAinifín ina phríomh oide. Tá sé go láidir i bhfábhar an Tumoideachais agus níl deireadh ráite aige faoin ábhar seo leis an Roinn Oideachais. Tá ag éirí le Gaelscoileanna idir bhunscoileanna agus meánscoileanna, caighdeán maith oideachais Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil agus freastal ar chúrsaí spóirt, ceoil, agus dramaíocht, rud a fhágann go bhfuil na daltaí lán d’fhéin mhuinín. Ba cheart do gach scoil sa tír a bheith ina Ghaelscoil agus gach múinteoir a bheith cáilithe chun múineadh tré Ghaeilge.

Foclóir

Ag feidhmniú...operating from
Taighde...research
Leachtóir...lecturer
Leanúnachas...continuity
Cumhacht eaglaise...power of the church
Imní...worry
Caighdeán...standard
Réiteach na faidhbe...solution to the problem
Moltaí...proposals


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland