Top Issue 1-2024

31 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Saint 3 Seirbhísí 0

Tá Bertie ar ais! Tá Ivor Callely bocht imithe agus Mícheal bocht Von Dubhghaill i ndiaidh éirí as – beidh sé ag cur isteach ar jab i 44 Cearnóg Pharnell, ag tabhairt aire don doras.
Ach an mbeimíd níos fearr gan Mhícheal?
Gan dabht, ní haon chailliúint iad an PD – iad a stiúradh pholasaithe na heite deise le deich mbliana anuas ach ar a laghad bhí idéalachas ag Mac Dubhghaill agus
spreag sé muid chun athsmaoineamh ar ár bpolasaithe agus cén chiall a bhí leo.
Chaill sé amach go háirithe de dheasca a phearsantachta agus na n-ionsaithe a rinne sé ar go leor daoine, go háirithe na hionsaithe scanrúla a rinne sé ar Frank Connolly, é ag briseadh an dlí agus é in Aire Dlí agus Cirt.
Ach cá mhéad duine a léann an ‘Irishman’s Diary’ ó d’imigh Kevin Myers? Chuir an bheirt acu dúshlán os ár gcomhair agus bhí siad an-neamhspleách.
Bhuaigh Fianna Fáil mar is iadsan na bainisteoirí is fearr ar an droch-chóras atá sa Stát seo – in ionad bheith ag vótáil i gcóir páirtí tugann formhór an stáit
Uimhir 1 don té a dheisíonn an bóthar cé go gur chóir go mbeidh sé deisithe sa chéad áit.
Bhuaigh siad mar tá meaisín ollmhór acu – cosúil le Cumann Lúthchleas Gael tá a gcraobhacha in achan pharóiste sa stát – tá sé soiléir go mbíonn formhór na mball ag obair ar son a leasa féin ach tá siad ann. Bhí sé deacair sna hochtóidí sa bhaile jab a fháil in Aerfort na Sionainne gan bheith i do bhall de na FFigh agus chríochnaigh cosán a thóg an chomhairle contae ag doras ár gcomharsana béal dorais mar bhí sé ina shaighdiúir do Charlie agus bhí m’athair ina shaighdiúir do Gerry!
Bhuaigh siad mar tá íomhá láidir ag Bertie - is duine slachtmhar cairdiúil é a chuireann achan duine ar a shuaimhneas, cosúil le Máirtín Mac Aonghusa, agus
i ndomhan na meán cumarsáide, tá sin níos tábhachtaí ná polasaithe.
Chun bheith cóir dó, ní dhearna sé ionsaí pearsanta ar a namhaid, ach go hannamh, ar Joe Higgins, a chaill a shuíochán i mBaile Átha Cliath.
Cad a dhéanfaidh Higgins anois? Is duine de na polaiteoirí is fearr in Éirinn é, atá i ndiaidh beart a dhéanamh ar son a cheantair agus mar bhuíochas air seo, caitheadh amach é, mar tá a smaointe ‘ródhainséarach’ don Tíogar Ceilteach agus dhá charr, agus saoire in Euro Disney agus ticéid i gcóir Pat ar an ‘Late Late’.
Cad faoi Larry O’Toole agus Dessie Ellis?
Gan trácht ar Pearse nó na Dálaigh  – tiocfaidh a laethanta – ach tá an bheirt eile ag obair le fada an lá ar son an íochtaráin agus ag méadú a vótaí, go dtí an Déardaoin seo caite. Cén fáth qr vótáil muintir Bhaile Munna agus Fhionnghlaise atá ag fulaingt de bharr dífhostaíochta, droch-chóras scoile agus sláinte ar son páirtí na heite deise?
Is soiléir nár vótáil an-chuid acu, fiú an té a fuair teach de bharr obair Dessie agus Larry.
Tá sé soiléir fosta gur thréig an-chuid daoine Sinn Féin mar bhí eagla orthu go gcaillfeadh siad a gcarranna nó a saoire in Lanzarote.
Bhí rogha ann an tseachtain seo caite idir córas ceart sláinte agus sláinte agus airgead sa phóca agus roghnaigh na toghthóirí saint.
Bhí iarrthóir neamhspleách, Ciaran Perry, i mBaile Átha Cliath Láir, a chaill leath a vóta de dheasca na gcúiseanna céanna.
Ach níl aon dul as – caithfidh Sinn Féin cloí lena gcuid polasaithe agus gan dul leis an slua eile atá ag iarraidh laghdú cánach, fiú mura bhfaighimid vóta breise, nó beimid cosúil leis na FFigh ag déanamh bainistíochta ar an Tíogar Ceilteach ar mhaithe leas na bodaigh mhóra agus na dtógálaithe.

Foclóir

Saint...greed
Idéalachas...idealism
Dúshlán...challenge
eite dheis...right wing
craobhacha...branches
slachtmhar...personable
namhaid...enemy
go hannamh...rarely
íochtarán...underdog
dífhostaíocht...unemployment
toghthóirí...electorate
na bodaigh mhóra...the big shots


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland