Top Issue 1-2024

17 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Vótáil TEIDÍ Uimhir a hAon!

Tá na scamaill arais Buíochas le Dia, beidh ‘Chartbusters’ agus na tiománaí sásta. Ní raibh rud ar bith le gearan faoi le deanaí. Tá scamaill dubh agus liath lasmuigh, tá an gaoth ag séideadh agus níos tabhachtaí ná sin tá sé ag stealladh báistí.
Cheap mé go raibh mé i mo chonaí in Antigua le dhá mhí anuas – muintir na cathrach ag rith thart ina gcuarain agus a léintí ó Ulupalakua, ag gearradh an féir i línte díreach, ag iarraidh patrúin úr a chruthú lena lomairí faiche agus ag dódh ispíní gránna ó ‘Lidl’ ar an fleá fhulachta.
Níos fearr ná sin tá an feachtas toghcháin ar siúl agus is féidir leis na tiománaí léasadh béil a thabhairt do Bertie, agus iad ag tabhairt comhairle saoil duit ag an ám céanna.
Tá mé ag tabhairt mo vóta don Teidí ata ag rith i ndeisceart na cathrach darbh ainm Dochtúir Róisín Healy. Tá bean ag seasamh in aice leis sa phóstaer atá níl sise ach ag lorg clú agus cáil. Tá Teidí ag obair go dian ar an talamh ar son na picnic agus ag lorg vótai “i gcomhair na páistí”.
Tá cara óg liom, ceathair bhliain d’aois ag impí ar a thuismitheoiri Uimhir 1 a thabhairt dó ar son a pholasaithe.
Fuair sé culaith nua éadai i gcomhair an lá mór ach tá cuma air cosúil le John Bruton (an gcuimhin leat John bocht?!).
Níl sé ró-gafa le Bertie agus a thriobloid faoina theach ar Ascal Uí Ghríofa mar tá sé “ina chonaí i bpeaca” le Barbie i dteach na mbabóg.
Níl Ken ró-shásta ach tá cosc air teacht in aice an ti mar chaith sé a ola gréine ar Bharbie bocht.
Tá Teidi ag lorg picnic gach lá do gach páisti in Éirinn, mar go mbíonn ceann ag gach dara duine fasta, le Dutch Gold. Tá Teidí ag lorg níos mó airgid i gcomhair na hospidéil agus na scoileanna agus níl móran pairtí (ach amháin Sinn Féin), ró bhuartha faoi seo. Tá plastar mór ar bharr a cheann de dheasca ionsaí a rinne Míchéal Mac Dubhghail air sa Dáil ach tá sé ag lorg uimhir 2 i gcomhair Aengus Ó Snodaigh, atá sásta é a chosaint ón fathach.
Níl móran freasúra ina choinne ina Dáil cheantair. Tá amadán a sheineann an Pianó ag rith do na PD’s agus ag díriú isteach ar an vóta i VIP agus Hello agus tá Twink ag cuidiú leis, ós rud é nach bhfuil sí ar an fón leis an iar-fhear-chéile.
Tá beirt sean leaid ó na Sopranos in iomaíocht ar son “foireann Bertie” agus aeróstach ag déanamh a dícheall ar son Enda Kenny.
Caitear a rá go bhfuil an gruaig is deise ag Enda agus go bhfuil sé an chosúil le polaiteoir Meirceánach. Beimíd uilig faoi shainordú go luath tonntai gruaige a bheith againn nuair a bheidh Enda mar Thaoiseach.
Má tá Poblachtánnaigh sásta bheith i Rialtas leis na hAondochtúirí an mbeidh siad réidh cumhacht a roinnt leis na léintí gorm?
Gan dabht buafaimíd 10 suíocháin agus ní bhfaighfeá iarrthóirí níos fearr na Daithí Doolan nó Ó Snodaigh féin ach tá roinnt iarrthóiri nach bhfuil móran difriúil ná na pairtí eile.
Ar aon nós tá mise ag cloígh le Teidi - tá níos mó smaointe ina chloigeann ná an chuid iarrthóiri eile agus níos mó idéalachas aige. Tá Gaeilge liofa aige agus creideann sé san tumoideachas. Is fuath leis na Gardaí agus is breá leis Celtic agus beidh sé an oiriúnach i gcomhair ceannaireacht ar an FAI. Tá sé i bhfad níos nua aimsire ná Willie O’ Dea agus níor chaith sé cannabís ríamh.
Bhí droch thaithí aige leis na braithri chríostaí nuair a thug siad na Smarties dó aguis ní théann sé ar Aifreann ríamh. Tá sé an bhog ach ní mhaith leis “ na daoine eile ag teacht anseo  ag fáil pramaí saor agus ticéid bhus”.
Beidh picnic ollmhór aige oíche an toghcháin in Óstán Barry’s agus beidh an ‘Irish Brigade’ ag seinnt agus Mary Harney ar an saxophone. Bí ann.
Tá mise ag tabhairt mo uimhir a haon do Teidí.

Foclóir

Teidí...candidate in Dublin South
in iomaíocht...in competition
fleá fulachta...barbecue
lomaire faiche...lawnmower
iarrthóir...candidate
ag impí...insisting
an freasúra...opposition
Barbie...American fascist doll
Ken...leader of the PD’s
idéalachas...ideology


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland