Top Issue 1-2024

17 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Roinn an Chultúir - Stocáireamh Bliantúil!

Séanna Breathnach

Séanna Breathnach

LE EAMANN MAC MANAIS
 
Is gné lárnach í an Ghaeilge sa chultúr Gaelach atá mar oidhreacht chomónta d’achan duine a chonaíonn ar an oileán seo. Is linne uilig an teanga, pé creideamh ná dearcadh polaitiúil atá againn. Saibhraíonn an teanga muid uilig. Sin an fáth a chreideann Sinn Féin go docht go bhfuil gá leis an teanga a chosaint.
Tá Roinn an Chultúir beo bríomhar fud na tíre agus reidh do rialtas – thuaidh agus theas agus an seans chun an Ghaeilge a cur “ar ais i mbeal an phobail” agus cruthaíonn na hathruithe seo dúshláin nua dúinn.  Ba mhaith le Roinn an Chultúir go n-úsáideoidh achan ball Tionól i Stormont nó ag achan Teachta Dala i dTeach Laighean an Ghaeilge go laethúil amach anseo.  Agus go mbeadh deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim fosta.
Anuraidh, sheol Séanna Breathnach ár mbileog eolais; “an bhfuil eolas agat ar do chuid cearta teanga?”.  Déanann sé cur síos pas mion ar ár bhfeachtais agus bhur gcearta.  Mar shampla; agus tú i dteagmháil leis an earnáil phoiblí nó áisínteacht rialtais thuaidh agus theas is féidir leat, litreacha a scríobh as Gaeilge, foirmeacha iarratais a líonadh isteach as Gaeilge, glaonna fóin a dhéanamh as gaeilge, astritheoir a iarraidh ag crinniú, cáipéisí oifigiúla a iarraidh as gaeilge, úsáid a bhaint as an leagan Gaelach de d’ainm, úsaid a bhaint as a n leagan traidisiúnta de logainmeacha agus sna 26 contae muna fhaigheann tú seirbhís sásúil, déan gearán leis an Choimisinéir Teanga.
Chomh maith le sin bhí Slógadh iontach éagraithe ag Ciaran Mac Giolla Bhéin agus Fergal Mac Ionnractaigh agus a leithéid mí Méan Fómhair seo caite i mBéal Feirste. Ba é an Stailc Ocrais mórthéama na deireadh seachtaine agus é i mBéal Feirste den chéad uair le 15 bliain déag.  Bhí turas chun na Ceise Fada, díospóireacht ar Ghaelú Shinn Féin le Gerry Adams,  cainteanna ar an togra a thosaigh Herri Batasuna i dTír na mBascach, turais staire ar áiteanna poblachtánacha agus ceol, ól ‘s craic ar fáil fosta.  I mbliana, ba mhaith linn an rud cheannan chéanna a dhéanamh, b’fhéidir i nGaillimh agus beidh fáilte roimh gach duine freastal a dhéanamh air agus a gcuid tuairimí a nochtadh roimh ré.
Ag leanstain ar aghaidh, sheol an Roinn láithreán gréasáin anuraigh fosta; www.roinnanchultuir.ie.  Suíomh lenár bhforógra, stair na streachailte, agus agallaimh agus tuilleadh eile, más mian leat rud ar bith eile a chur air déan teagmháil linn. Don óige lansáil an Roinn á suíomh Bebo chomh maith le 31 cairde agus 241 “profile views”! Bígí i dteagmhail linn!
Mar focal scor, le haghaidh tuilleadh eolas maidir le Roinn an Chultúir, is féidir dul i dteagmhail le Séanna ag 02890223000 nó cuir ríomhphoist chuig [email protected] .
Mar a dúirt an t-Aire Oideachas nua, “tús maith leath na hoibre.”!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland