Top Issue 1-2024

1 February 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ré Nua ag teastáil san iascaireacht

LE CATHAL Ó MURCHÚ

Ceann de na míbhuntáistí ba mhó a ghabh leis na Fiche Sé Chontae ag dul isteach san Aontas Eorpach ná gur thréig siad acmhainn shaibhir agus luachmhar i dtaobh na hiascaireachtaí lasmuigh chósta na hÉireann.  Glactar go ginearálta go bhfuil fearann mara na hÉireann ar cheann de na hiascaireachtaí is saibhre ar domhan – ar aon dul leis an bhfearann iascaireachta ó chósta Thalamh an Éisc, Oirthear Cheanada, an fearann iascaireachta ba shaibhre de réir dealraimh.

Droch-mhargadh ar fad a d’eascair ó na hidirbheartaíochtaí sna seachtóidí i dtaobh iascaireachta don tír seo sa chaoi go raibh dualgas ar an stát glacadh le smacht Eorpach ar cé a bhainfidh tairbhe as an acmhainn shaibhir agus luachmhar seo, mar atá leagtha síos sa Chomhbheartas Iascaireachta.  Ba léir nár thuig cinnitheoirí an stáit seo an luach a bhain le fearann iascaireachta na hÉireann, ach gan amhras, thuig maorlathaigh na hEorpa agus comhlachtaí iascaireachta na Spáinne.

Ar ndóigh, an fáth gur ghlac cinnitheoirí an stáit leis an droch-réiteach seo ná go raibh an oiread sin deifir ar fheirmeoirí móra tairbhe a bhaint as an gcíste ón gComhbheartas Talmhaíochta gan foighe acu éileamh do réiteach níos fearr don tír uile.  Ba léir cé acu a bhí an chumhacht pholaitiúil maidir leis an gcinneadh seo agus na hiascairí a d’fhulaing as, chomh maith leis an leas náisiúnta.

Meastar gur íoc an tír seo níos mó ón saibhreas caillte sna hiascaireachtaí ina bhain iascairí na Fraince, na Breataine agus na Spáinne dá dtairbhe féin, ná mar a fuair an tír seo ón gComhbheartas Talmhaíochta agus ó na Cístí Struchtúracha.  Cé nach bhfuil na figiúirí neamhspleácha agus an staidrimh oifigiuil ar aon dul faoin bhfigiúir chruinn, gan amhras, b’fhiú taighde a dhéanamh air.

Seachas an droch-réiteach a d’eascair ó dul isteach sa Chómhargadh (nó an tAontas Eorpach mar atá ann anois), fadhb mhór a ghabhann le hearnáil na hiascaireachta ná an easpa infheistíochta, sa chaoi go bhfuil iascairí na tíre ag plé le seanbhád a bhfuil droch-chuí orthu.  Chonacthas é seo go lom sa mhí seo caite nuair a chuaigh trí bhád dul go poll toinne agus seachtar iascaire a d’éag ag ceann amháin acu.  Ag tabhairt san áireamh go bhfuil farraigí na hÉireann sách garbh agus fiáin, ba cheart ag an Rialtas infheistiú sna báid iascaireachta le hiad a thabhairt suas go caighdeán réasúnta sa chaoi nach gcuirfidh oibreoirí mara i mbaol a bhfuil géarghá acu saothar a bhaint ón bhfarraige.  Tá cúinsí sláinte agus sábháilteachta oibre i gceist go mór anseo.

Le linn na bliana 2004, gabhadh 700,000 tonna iasc ó fhearann mara na hÉireann agus ní raibh ach codán beag dó sin ag iascairí na hÉireann.  Tá sé in am do Rialtas na Fiche Sé Chontae éileamh ar mhargadh níos fearr a aimsiú d’iascairí na tíre agus tairbhe mar ba cheart a bhaint as acmhainn ar leis an tír seo.  Caithfear infheistíocht chuí a dhéanamh sna báid iascaireacht le go gcuirtear báid urnua ar aon dul mar atá ag na Spáinnigh.  Ba cheart chomh maith infheistíocht a dhéanamh i mbáid níos gasta do chamhlach an stáit úd sa chaoi go mbeidh siad in ann gábháil a dhéanamh ar báid Spáinneacha, Francacha agus Breatanacha a sháraíonn rialacha Eorpach, mar is minic a úsáidtear na rialacha céanna le hiascairí na tíre seo a shrianú.

 

Foclóir

  • iascaireachtaí     fisheries
  • fearann mara na hÉireann           Irish territorial waters
  • Thalamh an Éisc             Newfoundland
  • Comhbheartas Iascaireachta      Common Fisheries Policy
  • Comhbheartas Talmhaíochta      Common Agricultural Policy
  • leas náisiúnta      national interest
  • Cístí Struchtúracha         Structural Funds
  • dul go poll toinne           to sink
  • infheistíocht        investment
  • a shrianú            to restrict

 

 

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland