Top Issue 1-2024

1 February 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Boladh an tSliotair

 

Tá mé díreach i ndiaidh féachaint ar Francie Bellew ag deánamh iarracht Mickey Linden a chur i lár na seachtaine seo chugainn lena ghualann agus in ainneoin na tacaíochta agus na háibheile cuireann sé i gcuimhne dom an difear mór idir an pheil is an iomáint, caoireoil agus uaineoil!

Bhí draíocht ag Mickey Linden agus spreag sé an Dún i 1991, rud a chuir tús le hathbheochan Uladh agus is é Peter Canavan an peileadóir is fearr a chonaic mé riamh i bPáirc an Chrócaigh, ach samhlaigh dá mbeadh an bheirt sin ina laochra iomána.

Níl aon dabht faoin spreagadh a thug Ard Mhacha agus Tír Eoghain do mhuintir an Tuaiscirt ach is trua nach bhfuil siad láidir ag an iomáint.

Le linn ré órga na Mí agus Ard Mhacha bhí cúpla dornálaí ina measc - bhuaigh an Mhí ar Thír Eoghain i 1996 sa chéad leath nuair a thóg siad na tosaithe as an chluiche le doirn agus cosa.

Ní fhéadfá a leithéid a dheánamh ar DJ Carey ná ar Eoin Ó Ceallaigh mar ní bhíonn an méid céanna teagmhála fisiciúla san iomáint.

Deirtear gur chuir na tiarnaí talún smacht agus cruth ar an iomáint i gCill Chainnaigh agus Tiobraid Árann san 19ú aois deag agus sin ceann de na fáthanna nach bhfuair sí bás, in éineacht leis an dea-thalaimh atá i gCúige Mumhan, ach is trua nár tharla sé i dtuaisceart na tíre.

Bhí iomaint cuíosach láidir i Liatroim roimh Chumann Lúthchleas Gael, ach bhí an iomarca ragairne agus fonn troda ar mhuintir na háite ag na cluichí agus tháinig imreoir amháin go dtí an cluiche deireanach i Liatroim le camán cúig throigh déag!

Tá na cumainn timpeall na tíre ar chomhchéim leis na cumainn rugbaí ó thaobh eagraíochta de agus i bhfad níos fearr ná an sacar ach níl an iomáint ag fás mar is ceart – tá laghdú ar chumhacht Uíbh Fhailí, Loch Garman  agus an Chláir ó na nóchaidí i leith agus ag dul in olcas atá muintir Laoise agus Luimnigh.

Tá na cluichí in iomaíocht le han-chuid spórt eile agus cé go bhfuil na cumainn sna cathracha an-eagraithe tá rogha mhór ag an aos óg - chaith mé seal i gCloch na Coillte anuraidh agus bhí déagóirí an cheantair an-tógtha le bruth na farraige agus tumadóireacht, na namby pambys, cad a déarfadh Míchéal Ó Coileáin?

Mhol me dóibh go raibh an tír seo i bhfad rófhuar agus rofhliuch i gcóir ‘Baywatch’ agus go raibh corp Pamela déanta as plaisteach ach níor éist na ‘Nancy Boys’ liom ach lean siad leo.

Tá mé féin gafa leis an rith agus an rothaíocht, spórt i gcóir drochiomanaí, ach ar a laghad tá mé sean agus ramhar.

Tá muintir na Mumhan an-tógtha leis an fhoireann rugbaí faoi láthair cé go dtagann leath na foirne ón Astráil ach ní mhairfidh sé mar tá sé lán le ‘Yah-heads’ agus Trevor lena chóta leathair ag ól Corona IN Lillie’s Bordello.

Tá galf I gcóir seandaoine agus daoine nach bhfuil in ann a saol ar fad a chaitheamh leis an bean chéile agus daoine ar mhaith leo amharc ar phéint ag triomú.

Beidh mé ar Chnoc 16 Dé Sathairn le 80,000 eile agus ní bheidh orainn seasamh os comhair an Union Jack ach tá an-chuid daoine sa phríomhchathair a bheadh i bhfad níos sásta le Chraobh Laighean san iomáint ná Craobh na hÉireann sa pheil – níl ann ach cur amú ama agus fuinnimh in ionad bheith ag díriú ar Corn Liam Mhic Carthaigh.

Níl rud níos fearr ná boladh an tsliotair agus an féar fliuch san Earrach  – deirtear go bhfuil an iomáint níos deise na gnéas ach ná habair le do bhean chéile é.

 

 Foclóir

  • Caoireoil agus uaineoil  mutton and lamb
  • Spreag              inspire
  • Samhlaigh          imagine
  • Smacht              discipline
  • Ag dul in olcas  going from bad to worse
  • Cur amú ama     waste of time
  • Fuinneamh         energy
  • Boladh              smell
  • An t-aos óg       young generation
  • Pamela              Tipperary camogie player

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland