Top Issue 1-2024

30 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Comhionannas Comharthaíochta

BY Cathal O Murchu

D'eagraigh Conradh na Gaeilge léirsiú lasmuigh de Theach Laighean chun comhionannas a fháil ar chomharthaí tráchta ar fud na tíre Dé Máirt seo caite. Bhí léirsithe eile ar siúl ag an am céanna lasmuigh d'oifig an Aire Iompair, Martin Cullen, i bPort Láirge agus lasmuigh d'Oifig an Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, i nGaillimh mar chuid den bhfeachtas úd. Baineann na léirsithe seo le feachtas an Chonartha níos mó comhionannais a chur i bhfeidhm idir an Ghaeilge agus an Béarla sa chomharthaíocht oifigiúil.

Mar a sheasann cúrsaí i láthair na huaire, tugtar i bhfad níos mó suntais don chomharthaíocht Bhéarla ná mar a thugtar don chomharthaíocht Ghaeilge ar chomharthaí tráchta, comharthaí sráide, comharthaí treo, comharthaí faisnéise agus roinnt mhaith comharthaí oifigiúla eile a bhaineann le Rialtas Átha Cliath. Má tá Gaeilge le féiceáil ar na fógraí úd, áfach, is i litreacha beaga atá an Ghaeilge in aice le litreacha móra don Bhéarla, agus níl aon amhras ann ach go dtéann dearcadh na bhfógraí seo i bhfeidhm ar dhaoine. Seo mar a sheasann cúrsaí trí bliana tar éis achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus is cosúil go bhfuil sé de láncheart ag na húdaráis an dlí a shárú nuair atá cearta ionannais na Gaeilge i gceist.

Baineann ceist na comharthaíochta le dá roinn stáit -- an Roinn Gaeltachta atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn, mar atá maíte in Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus an Roinn Iompair atá freagrach as ucht comharthaí tráchta a chur in airde. I láthair na huaire tá leasúchán á dhéanamh ar an Acht, ach níl an cheist seo le plé agus is mar gheall air sin atá Conradh na Gaeilge ag eagrú na léirsithe seo. Feicfear má dhéanann an Rialtas agus na hAirí úd de réir a mbriathar mar a bhí i gceist le haidhm an Achta ar an gcéad dul síos.

Cé nach samhlófá gur ceist mhór léi féin ceist na comharthaíochta, baineann na cineálacha comharthaí oifigiúla a fheictear ó cheann ceann na tíre go mór le nádúr an dá stáit bunaithe ar an oileán seo, agus is mar gheall air sin atá an cheist seo tábhachtach. Sna Sé Chontae, níl aon ghlacadh oifigiúil le comharthaí oifigiúla as Gaeilge agus is fianaise dhíreach (má bhí aon fhianaise de dhíth!) gur stát coilíneach ciníoch seicteach atá ann, díreach mar a bhí ó a bhunaigh impiriúlaithe na Breataine agus na hAontachtaithe é. Tá meon na mbunaitheoirí seo le feiceáil go smior i measc státseirbhísigh Oifig Thuaisceart Éireann (NIO) agus na rannóga ceangailte leis ar nós Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI). Cuimhnigh nuair a ghabh siad Máire Nic an Bhaird de dheasca gur mhian léi a gnó a reachtáil trína teanga dhúchais nó iarrachtaí an fórsa céanna ag tarraingt síos fógraí sráide as Gaeilge, tráth úd.

Sa Deisceart is minic a léiríonn lucht cumhachta sna meáin agus i réimsí eile an tsaoil a bhfuil an-tionchar ag gabháil leo naimhdeas d'aon ní Gaelach, náisiúnach agus poblachtánach, ar ndóigh. Tá leithéid (Sir) Anthony O'Reilly, dream na heite deise sna meáin, sa státseirbhís agus sa bhunaíocht pholaitiúil i gcónaí chun tosaigh ag déanamh ionsaithe ar aon rud atá forásach don tsochaí i gcoitinne agus ar aon rud a chuireann i gcoinne an choilíneachais, an impiriúlachais agus an ghalldachais.

Dóibh siúd a thacaíonn leis an impireacht, glacann siad leis an mbiogóideachas go smior iontu féin - bíodh siad ina nGael nó ina nGall!

Foclóir

  • comhionannas equality
  • comharthaíocht signage
  • léirsiú demonstration
  • dearcadh mentality
  • an dlí a shárú to breach the law
  • leasúchán amendment
  • ciníoch racist
  • seicteach sectarian
  • meon na mbunaitheoirí mindset of the founders
  • teanga dhúchais native language
  • naimhdeas hostility
  • biogóideachas bigotry

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland