Top Issue 1-2024

30 November 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint - le Seán ó Donaile

Spléachtaí siar!

Bhí brionglóid ait agam aréir. Bhí mé ar ais sa seomra gorm, bhí mé ceithre bliana d'aois agus rinneadh oighear den uisce sna píopaí; bhí smugairle ar ár srón is bhí mo dheartháir ag gearán mar bhí bealach druidte chuig an doras le mo stocaí salacha.

Bhí me ag ól mo shá as lochainín uisce agus ag glanadh mo shróine le sliseán aráin tar éis dul ar tóir francach sa ghairdín.

Bhí mé in óstán le Maighréad is a fear céile agus bhí sí ag gáire lena fear céile fúm.

Roimhe sin bhí mé siar ar an bhFál Carrach agus i mo shuí ar ghlúin mo sheanathar agus bhí tarracóir meirgeach sa ghairdín agus boladh ó na cearca agus iad ag 'cockadóodildóo' as Gaeilge.

Bhí mé ag caoineadh i gcóir mo mháthar agus mé i seanleaba le doras mór bán agus paipéar balla le bláthanna thart orm.

Agus tú corraithe faigheann tú go leor spléachtaí siar.

Bhí mo bhreithlá ann arís agus bhí mé ceithre bliana d'aois.

Bhronn m'aintín babhla calóg orm agus bhí geansaí cniotáilte glas orm agus fuair mé síob san Anglia le mo chomharsa agus é leis an teilifíseán daite.

Fuaireamar ceann cúpla bliain ina dhiaidh agus bhí dath oráiste ar gach duine go dtí gur thuigeamar conas na cnaipí a oibriú i gceart.

Bhí fantaisíocht álainn agam faoi Thelma Mansfield agus cha raibh a fhios agam go raibh m'athair ag féachaint isteach tríd an fuinneog agus mé ag pógadh Thelma ar an scáileán.

Bhí drochspion ar Mam agus d'éalaigh mé go dtí mo chaisleán sa chófra agus luigh mé ar an chairpéad ina dhiaidh agus scrabhadh báistí ag sileadh as mo fheadóg stáin, le mo chluasa i mo bhéal agus an buidéal le 'Cod Liver Oil' lán le guma coganta ionas nach mbeadh orainn an nimh ghránna a shlogadh siar achan mhaidin.

Fuaireamar sceallóga móra tiubha ar an Aoine nó spagití le citseap agus cúig phingin ar an Domhnach i gcóir líreacán Black Beauty agus é corcra leis na E's ar fad ann siar sna seachtóidí nuair nach raibh an Eoraip ag cur a ladair isteach agus scríobhamar 'EEC No Way' ar an bhóthar le péint bhán agus shiúl ceathrar dínn dhá mhíle go dtí Cora Caitlín le dhá phingin a bhí greamaithe ar an mbóthar a tharraing mé as an tarra a bhí ag leá agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch i '76 nuair a chuir Jimmy Keaveney an chaid thar cúl báire Chiarraí.

Dhreapamar na crainn, bhí mé mar rí ar an chaisleán agus an Branch ag cuardach an áiléir i gcóir óglach nach raibh ann!

Rinneamar comparáid idir ar mboid agus fuaireamar ceilt le bata bambú agus fuair mé póg ó Nóirín béal dorais agus í i bhfad níos deise ná Thelma ar an scáileán.

Bhí an cúigear againn brúite isteach i suíochán cúil an Hillman Hunter i mo bhrionglóid agus fuaireamar milseán ag gach baile ar ár mbealach go Tír Chonaill agus an bóthar mar spaigití gan aon chitseap agus d'fhiafraigh mé de Dhaid' "cá mhead míle eile? . . . an bhfuil muid beagnach ann?"

Bhí í gcónaí ag stealladh báistí i Luimneach agus seandaoine ag lorg deirce; bhí blas ait ag na daoine sa chathair ach bhí tú i gcónaí slán nuair a choinnigh tú greim daingin ar lámh Dhaidí agus bhí iontas ort an tslí a raibh sé i gconaí ábalta a bhealach abhaile a leanúint leis an méid daoine thart.

Lig Mam' duit suí sa leaba léi ar oícheanta speisialta; léigh sí scéalta faoi Fhionn agus na Fianna duit, chanamar Kelly the boy from Killane agus thug Daid' barróg mhór duit agus tú socair faoi na bráillíní.

Dá mbeadh a fhios agam ag an aois sin cad a bhí i ndán dom i mo shaol, seans go

gcuirfinn scairt ar 'Peter Pan' agus beidh mé fós ceithre bliana d'aois.

Foclóir

  • Spléachtaí siar flashbacks
  • Smugairle snot
  • Lochainíní puddles
  • Meirgeach rusty
  • Corraithe upset
  • Scáileán screen
  • Sceallóga chips
  • Líreacán icepop
  • Caid football
  • Iontas wonder

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland