Top Issue 1-2024

19 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

le 
Seán ó Donaile

Rotha mór an tsaoil. Ag fás aníos i gContae an Chláir ní raibh dúil ar bith againn i lúthchleasaíocht ach amháin an té nach raibh in ann iomáint a imirt.

Bhí 'Newmarket Celtic FC' i gcóir na leaids nach raibh ábalta an fhuinseoig a luascadh agus a raibh 'fancy Dan' buaitisí acu agus bhí an rith i gcóir na mbómán agus na leamhán a raibh eagla orthu roimh an fhuinseoig.

Bhuaigh ár gcumann sa bhaile Craobh Shinsir an Chontae trí huaire déag ó 1963 go dtí 1981 agus bhí tráth ann nuair a bhí seachtar ar fhoireann an chontae - d'fhreastal mé ar an chraobh dheireanach a bhuaigh siad i '81 agus gheall mé dom fein go mbeinn i mo laoch sa pharóiste, ag imirt ar an chéad fhoireann eile.

Shiúlamar cúpla míle achan tráthnóna go dtí an pháirc iomána, áit nach raibh aon am curtha amú le peil Ghaelach is ní raibh aon chaint faoi chithfholcadh ach bhí 'fancy Dan' amháin a nigh é féin i ndiaidh gach seisiún traenála, ach ní raibh maitheas ar bith ann.

Níor athraíomar ar bhfobhríste riamh agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch ach bhí dhá lítear liomanáide againn ar an bhealach abhaile.

Níor bhacamar le baill ghorma ná le dochtúirí agus is iomaí leaid óg a fuair amach go raibh méara briste aige cúpla bliain ina dhiaidh.

Mhol ár mbainisteoir dúinn an camán a thabhairt linn achan áit agus bhí roinnt againn a thóg ar mbataí fuinseoige go dtí an leaba linn, oíche roimh chluiche mór. Ní haon ionadh nach raibh aon chailíní againn.

Ní raibh am againn i gcóir rómánsaíochta agus an t-aon ghirseach a phóg mé Máire Carr - bhí leasainm Máire Bus uirthi.

Bhí déagóir amháin nach raibh sásta a shaol a leagan síos le haghaidh na cúise agus dhiúltaigh sé, tráth, geansaí le cac bó a chaitheamh agus é ina luí i mála ar feadh sé mhí.

Phléasc an sagart paróiste sa seomra gléasta agus rinne sé óráid faoi na laochra a chuaigh romhainn a bhí sásta fuil a dhoirteadh ar son an gheansaí ghoirm; bhíomar réidh le gol ach amháin Billy nach raibh fós sásta an geansaí a chaitheamh.

Bhí an lánchúlaí chomh tugtha don chúis gur rith se amach ar an páirc i gcóir an chluiche leathcheannias gan air ach a 'Y fronts'. Bhí sé ina laoch an lá sin.

D'athraigh an saol agus chuamar ar bhealach an diabhail leis na drugaí, an t-ólachán agus na mná, ach níos measa ná sin an pholaitaíocht, a ghlac seilbh ar ár saol.

Ní rabhamar ró-bhuartha faoi Mickey Joe agus é ag imirt le leathchos agus é dall i 1942, nuair a bhí seans luí cois trá le Nóra ó Chill Finnóra agus bhí sé deacair rith tar éis oíche ar LSD.

Ní raibh ach beirt ag imirt nuair a shroicheamar tríocha agus nuair a d'amharc mé amach fuinneog an eitleáin thar cósta Rio de Janeiro thuig mé nach raibh Craobh Shóisir 'C' an Chláir chomh tábhachtach is a cheap mé agus nach raibh muintir na Brasaíle róbhuartha faoi chosa Bhriain Uí Leocháin.

I ndiaidh na dtaomanna croí is an cholscartha thit roinnt dínn isteach ar an deoch, ós rud é nach raibh aon chairde fágtha againn agus cuirfeadh sé ionadh

ort an méid traenacha atá le feiceáil le do dhéshúiligh.

Tá roinnt againn tugtha do na siopaí daoine fásta agus roinnt eile lasmuigh den siopa céanna ar phicéad agus an Choróin Mhuire á rá againn.

Cheannaigh mé péire leathbhrístín agus chuaigh mé a rith, nuair a bhí sé dorcha, i bhFeabhra 2000 - bhronn mé na déshúiligh ar an sniper agus lean mé leis ar chúis éigin agus fuair mé amach go raibh inneall agam agus croí mór, agus chaith mé m'am ag rith thart Pháirc an Fhionnuisce leis na leamháin eile agus i ndiaidh tamaill ní raibh mé in ann éirí as.

Tá an cumann sa bhaile ar ais sa chraobh shinsir don chéad uair ó '81 agus ní bheidh mise ná duine de mo sheanchomrádaithe ag imirt.

Ní bheidh mé ann fiú amháin.

Beidh mé ag déanamh mo naoú maratón - leis na ceoláin eile.

'Nois an bhfaca éinne mo bhainseo?!

Focloir

Leamháin/bómain...freaks

Ceoláin...more freaks

Fobhríste...underpants

ball gorm...bruise

Ag luascadh fuinseoige...swinging the ash

deshúiligh...binoculars

An Choróin Mhuire...the Rosary

siopa daoine fasta...adult shops


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland