Top Issue 1-2024

19 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

Dá Acht - Sprioc amháin

Le

Gael Mise

Fuair mé téacs ó chara liom ag an deireadh seachtaine ag insint dom go raibh cath mór a bhí pobal na Gaeilge ag troid, agus i lár ullmhúcháin don chéad bhabhta eile, go raibh sé buaite agus Acht Gaeilge faighte againn mar chuid d'idirbheartaíochtaí Chill Aindreasa!

Agus mé ag déanamh taighde agus fiosrúcháin don alt seo tháinig mé ar an fhoinse eolais seo ó Roinn an Taoisigh, Rialtas na hÉireann, mar gheall ar an Acht Gaeilge.

"The Government will introduce an Irish Language Act reflecting on the experience of Wales and Ireland and work with the incoming Executive to enhance and protect the development of the Irish language." Tá sé as Béarla agam nó seo a leanas a fuair mé nuair a d'fhiosraigh mé as Gaeilge é, "Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós."

Léiríonn an abairt bheag amháin seo na dúshláin atá romhainn, ní amháin sna 6 Chontae ach sna 26 Chontae chomh maith.

Tá dréachtrialacháin ag teacht os comhair Theach Laighean go gairid ina mbeidh cúig eisceacht sonraithe le h Acht na dTeangacha Oifigiúla.

1. Comharthaí Bóithre: Cé go bhfuil comharthaí bóithre luaite go sonrach in alt 9 den Acht. Ciallaíonn sé nach mbeidh comharthaí bóithre ag teacht faoin Acht agus, mar sin, ní chothófar timpeallacht Ghaelach/dhátheangach fud fad na tíre.

2. Fógraíocht: Luaite go sonrach in alt 9 den Acht chomh maith. Don chéad uair le blianta fada tá fógraí le feiceáil as Gaeilge ó Ranna Stáit na 26 Co. nó shíl siad go mbeadh fógraíocht ag teacht faoin Acht. Tá an fhógraíocht seo ag cur go mór le rathúlacht na meán Gaeilge agus déanfar damáiste milteanach dóibh, mar a chonaic muid le Daily Ireland, má imíonn an t-ioncam sin.

3. Lógónna: Beidh sé de chead ag comhlachtaí poiblí lógónna a gcuid lógónna bheith as Béarla amháin! Is cuid fhíorbhunúsach d'fhéiniúlacht aon eagraíocht a lógó agus tugann lógónna atá i mBéarla amháin le fios nach bhfuil fáilte roimh an Ghaeilge.

4. Gnó taobh amuigh de na 26 Co: Díolúine ón dátheangachas maidir le fógairtí taifeadta béil agus stáiseanóireacht fá choinne úsáideoirí taobh amuigh de na 26 Co.

5. Comharthaí Reatha: Ní gá go mbeadh an leagan Gaeilge chomh feiceálach ná chomh hinléite leis an Bhéarla ar chomharthaí reatha roimh 2026! Fiche bliain chun fógraí dátheangacha a dhearadh agus a chur in airde, an bhfuil siad i ndáiríre! Léiríonn sé seo cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge do Rialtas na hÉireann.

Mar sin, in ainneoin nach bhfuil an chogadh (teanga) thart, ach an argóint buaite againn ach is gá anois leanúint leis an bhrú chun go gcinnteofar ár gcearta agus nach ndéanfaí naimhde na teanga caolú ar ár gcearta agus ar na buanna atá bainte againnn.

Molaim go láidir do Shinn Féin seasamh láidir a thógáil ar an cheist seo, agus brú a chur na páirtithe eile, go háirithe muintir Fhianna Fáil ina leith seo. Nó, mura n-éiríonn linn anois beidh orainn fanacht na blianta sula bhfaigheann muid deis/seans eile mar seo!

Focloir

Téacs...text message

Ullmhúcháin...preparations

Idirbheartaíochtaí...negotiations

Taighde...research

Fiosrúcháin...investigations

Is oth liom a rá...I am sorry to say

Dréachtrialacháin...draft-regulations

(Cuid) fhíorbhunúsach...elementary (part)

In ainneoin/cé go...despite

Caolú...dilution


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland