Top Issue 1-2024

12 October 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

le 
Seán ó Donaile

SPLANC

Is trua an duine nach bhfuil splanctha i ndiaidh rud éigin.

Tá aithne agam ar fhear darb ainm Decco atá ag fail bháis faoi láthair le hailse.

Tá sé ina chónaí ina aonar in árasán beag bídeach le cairpéad donn le patrún ciorclach air; cuirtíní buí agus téitheoir le barra amháin air.

Tá an chistin chomh beag go n-itheann sé núdail agus prataí ar an leaba agus ní thagann cuairteoirí ar bith chuig a dhoras ach amháin an tiarna talún agus cóta mór donn air agus é ag comhaireamh copair is airgid.

Tá 'Decco' tugtha do Man United agus coinníonn an sacar é beo - labhraíonn sé le paisean faoi Georgie Best agus '68, tá tatú ar a lámh in onóir ar bhua United ar Liverpool i gCraobh an FA i 1977; lasann a shúile nuair a luann tú Cantona agus briseadh a chroí nuair a d'fhág Keane anuraidh; tá muince óir air agus fáinne óir le 'Red Devils' air; bíonn fonn cainte air gach Luan má bhuann a fhoireann ag an deireadh seachtain agus caitheann sé cuid mhaith dá phinsean ar Sky TV agus turas uair gach bliain go Sasana.

Rinne mé iarracht fadó cur ina luí air drochstaid an domhain agus an géargá le daoine a bheith splanctha i ndiaidh chothrom na féinne in ionad na hamaidí eile ach cur amú amá a bhí ann.

Anois agus é tinn ní ligfeadh sé don ghalar an lámh in uachtar a fháil air go dtí go mbeidh an Phríomhsraith buaite ag na Red Devils arís.

Bhí tráth ann nuair a bhí an-chuid daoine splanctha i ndiaidh saoirse agus sóisialachais don tír seo - nuair a bhí an cogadh ar siúl bhí sé éasca bheith lasta le fearg in aghaidh Maggie Thatcher agus an chos ar bholg ar bhóthar na bhFál agus deisceart Ard Mhacha.

Bhí go leor feachtas le bheith páirteach ann - piléir phlaisteacha, na blocanna H, na dílseoirí agus an leatrom in aghaidh Caitliceach.

Chaith mé go leor ama leis an INC, grúpa a bhí ag obair ar son síochána agus chothrom na féinne agus leath acu as a meabhair - chaith mé go leor oícheanta ag rith thart le 'Captain Bonkers' ag cur suas póstaer ar bhoscaí poist Shráid Uí Chonaill agus ag scríobh graffiti ar son an 'Beechmount Five'.

Is cuimhin liom oíche ag scríobh 'Free the Ballymurphy 7' go dtí go bhfuaireamar amach go raibh drochlitriú ar an teimpléad agus 'Free the Ball Murphy' scríofa ar fhallaí lár na cathrach!

Bhí daoine ag an am a bhí chomh spreagtha ar son na saoirse go raibh siad sásta a saol a chur i mbaol agus deich nó fiche bliain a chaitheamh i ngéibheann.

Ansin tháinig an sos cogaidh i '94 agus le ham shocraigh rudaí agus d'fhágamar cúrsaí do na polaiteoirí - tá athrú mór ar Phoblachtnaigh - níl mórán iarchimí ag seasamh don Dáil agus go leor daoine amhrasach faoin ghlúin nua i gculaith agus gan stríocaí acu.

Níl na 'píléirí rua' ag scaoileadh mórán pilér plaisteach na laethanta seo, tá na príosúin folamh, níos mó fostaíochta agus féinmhuiníne ag na Caitlicigh ó thuaidh agus deireadh leis an UDR.

Tá roinnt iarchimí i ndiaidh eirí as an ghluaiseacht agus dóchas caillte ag roinnt eile.

Tá níos mó airgid againn agus nílimid lasta le fearg leis na scuaine dí-fhostaíochta agus ár mbolg ag méadú le haois.

Dhiúltaigh mé bheith páirteach i bhfeachtas an olltoghcháin le deanaí de dheasca an méid oibre ata ar siúl agam i gcursaí oideachais agus níl me cinnte faoin treo ina bhfuil Sinn Fein ag dul - cad atá i ndán dúinn sa Deisceart; agus ta géarghá bheith páirteach i gcúiseanna eile ós rud é nach bhfuil daoine ag fail bháis ar shráideanna Bhéal Feirste.

Ba mhaith liom an tine a lasadh i mo bholg arís agus rith thart Shráid Uí Chonaill leis na gealta agus ag creidiúint 'We shall Overcome' ag deireadh na hArdfheise.

Agus in amanna ba bhreá liom bheith cosúil le Decco.

Focloir

Splanc...passion/fire in the belly

Tiarna talún...landlord

Ag comhaireamh...counting

Galar...disease

Cos ar bholg...oppressed

Gealt...mad/crazy person

Dílseoirí...loyalists

Iarchimí...ex prisoners

I ngéibheann...imprisoned

Dífhostaíocht...unemployment


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland