29 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Dúshaothrú an Oirthir

BY Cathal O Murchu

Nuair a thug muintir Oirthear na hEorpa droim láimhe don chóras cumannach i ndiaidh thitim Mhúr Bheirlín sa bhliain 1989, ba léir gur tháinig an córas nua caipitleach aniar aduaidh orthu agus nár reitigh sé leis an aisling a bhí acu faoi roimh ré. Cá raibh an teach mór leis an Mercedes lasmuigh? Is éard a bhí i ndán dóibh, ó Bheirlín go Vladivostok, ó Mhoscó na Rúise go Skopje na Macadóine ná díthionsclú, dífhostaíocht, bochtanas agus dúshaothrú, i measc uafás fadhbanna eile.

Dóibh siúd i measc tráchtairí an Iarthair a bhí ag maíomh as an tsaoirse úraimsithe ag muintir an Oirthir, tugadh cluas bhodhar dóibh ina dhiaidh sin le conas a d'imir an córas nua ar a saol - iad oiread níos boichte, gan teacht ar thithíocht, ar oideachas (tríú leibhéal) agus ar shláinte de cheart, gan fostaíocht bhuan shlán, agus le muintearas an phobail tite as a chéile. Tháinig méadú mór ar fhadhbanna sóisialta eile, ar nós dífhostaíochta, coiriúlacht, mí-úsáid drugaí, striapachas, féinmharú, laghdú cáilíocht bheatha, titim ar fhad beatha, titim ar rátaí sláinte, srl.

Tá leasa rachmais ón Iarthar anois ag tabhairt faoi thíortha san Oirthear le hinfheistiú ollmhór chun tairbhe agus brabús a bhaint ar mhaithe leo féin. Tá an dúshaothrú a ghabhann leis na leasa rachmais ag sileadh isteach i ngach gné den tsaol. Lonnaíonn a lán comhlachtaí ilnáisiúnta san Oirthear mar gheall ar na costais ísle saothair agus chun tairbhe a bhaint as an gcóras oideachais a chuir na cumannaithe iad féin i bhfeidhm. Ceann de na gnéithe is gránna den dúshaothrú a bhíonn ar siúl mná agus páistí a fhuadaítear chun freastal a dhéanamh sa tionscal gnéis - sclábhaíocht ghnéis atá ar siúl i ndáiríre.

Iompraítear a lán ban chun an Iarthair, go minic i gcoinne a dtola, le go bhfreastalófaí ar an tionscal gnéis ann - bíodh sé sna clubanna damhsa glúine, sa phornagrafaíocht nó sa striapachas den chuid is mó agus coirpigh ina bhun. Is minic a iompraítear daoine idir tíortha mar gur mhian leo teacht i dtír orthu nuair a thiteann siad isteach i bhfiacha ollmhóra. Is minic na daoine bochta ag sclábhaíocht ó éirí go luí na gréine ar shuímh thógala ar fud na hEorpa, nó sna monarchana, nó ar na páirceanna torthaí, nó cibé áit ar féidir tairbhe a bhaint as daoine dúshaothraithe.

Tá neart samplaí ann, áfach, den dúshaothrú a imríonn lucht maoine ar mhuintir an Oirthir. Is é an caidreamh dúshaothraithe idir Iarthar agus Oirthear atá i bhfeidhm anois - nuachoilíneachas an rachmais. Nuair a bhídís ag caint faoin tsaoirse ón gcumannachas, an rud a bhí i gceist saoirse do lucht maoine agus rachmais dúshaothrú a imirt ar an gcuid eile den chine daonna. Ciallaíonn an tsaoirse acu siúd maoin gan srian.

Cé go raibh lochtanna ag gabháil le cuid mhaith den chóras cumannach, bhí sé bunaithe le go bhfaighfí réidh le caidreamh dúshaothraithe sa chine daonna. Is é sin an príomhchoincheap a ghabhann le réabhlóidithe ar mian leo domhan níos fearr a chruthú thar an ceann suarach, salach atá againn i láthair na huaire. B'fhiú go gcuimhneodh poblachtaigh áirithe air sin!

Foclóir

  • dúshaothrú exploitation
  • dífhostaíocht unemployment
  • striapachas prostitution
  • tionscal gnéis sex industry
  • rachmas capital
  • pornagrafaíocht pornography
  • i bhfiacha in debt
  • nuachoilíneachas neocolonialism
  • príomhchoincheap main concept

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland