Top Issue 1-2024

22 June 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Tá an Samhradh linn!

Ar son Bord Fáilte ba mhaith liom fáilte oifigiúil a chur roimh an gnáth aimsir Samhraidh a d'fhill thar an deireadh seachtaine- cheap mé go raibh mé I Fuengerola leis an méid sin daoine ag rith thart le craiceann dóite agus na tuathaigh le prams agus tattoos agus boilg bródiúil.

Bhí tiománaí Bhaile Átha Cliath caillte mar nach raibh aon rud le gearán faoi agus tá Charlie san uaigh agus Terry ag cur na sciain I dhroim a h-iarr'ghrá, agus é taréis an pas bhus a thabhairt do na seandaoine.

Bhí sé ró-thé dul amach agus bhí Chartbusters ag cailliúnt airgid agus leath na cathrach ag dó feoil ar fhulachtaí.

Tá mé in ann faigh réidh le mo 'Jesus sandals' agus tá leithscéal againn an tráthnóna a chaitheamh sa local ar an karaoke mar tá an aimsir ró-dhona.

Cad faoi Doire bocht?! Tá sé ainmnithe i ndiaidh crann, tá sé freagrach as Dana agus Phil Coulter agus na girseachaí timpeall Leitir Ceannain oíche Aoine ag an nDioscó ag ól 'frog ramhar' agus anois tá siad caite amach as Chraobh Ulaidh ag na Conaillaigh-deirtear gur áit difriúil cathair agus deisceart Doire ach ní bheidh fhios agam go deo conas gur nár bhuaigh siad níos mó ná Chraobh amháin sna nochaidí leis na peileadóirí iontach a bhí acu; agus tá siad fós ag caitheamh stocaí bána agus ag ól Eurolager sa chathair.

Níl aon dabht ach gur spreagann rath foireann peile spiorad chondae no spiorad tíre- tá Sasana ar fad ag dul amú agus iad den bharúil go mbeidh Jules Rimet 'ag teacht abhaile go luath' I ndiaidh buachaint ar foireann ó theach tabhairne; bhí me ag déanamh mo dhícheall gan a bheith frith-Shasanach go dtí gur chonaic mé na ludramáin i Nuremberg leis na Spitfires plaisteach agus iad fós ag canadh faoin Dara Chogadh Domhanda agus 'God Save the Queen' ach níl aon dul as di , tá sí as a mheabhair go h-iomlán agus leathchos san uaigh, cosúil le Peig.

Is maith an rud nach bhfuil faitíos ar na Gearmánaigh tírghrá a thaispeáint ag an Corn Domhanda don chéad uair ó fuair an Domhan réidh leis an fear beag leis an croiméal- go dtí cúpla bhliain ó shin bhí se fíor dheacair brat náisiúnta a cheannach sa tír ach anois tá aghaidh gach dara pháiste daite le dubh, dearg 's buí.

B'fhéidir go ndéanfaidh siad iarracht ionradh ar 'Old Blighty' arís agus ní bheidh orainn éisteacht le cinnlínte Nuacht faoi metatarsál Wayne Rooney agus a seanmáthair ó Muigheo agus ba choir dó bheith ag imirt le Phil Babb agus na lads.

Feicim go bhfuil iarr-pheileadóir Bohemians Avery John-John-John ina réalt- níl fhios agam an mbuafaidh sé an 'buatais óir' ach ní ghlacfaidh Bohs é arais agus iad ina milliúnaigh anois.

Buíochas le Dia ní fhaca mé aon galf go fóill- chaill mé mo gheansaí buí agus mo jodphers agus níl mo shaol leadránach go leor go fóill. Tá sé ar m'intinn bheith as an tír nuair a thagann an Corn Ryder nó beidh mé I coma ina dhiaidh.

Tá mé ag fail mo phota phinginí agus mo scáth bhaistí agus ag filleadh ar Bundoran le Francie Brady!

Foclóir

  • tuathaigh countryfolk
  • fulacht barbecue
  • iarr ex
  • rath success
  • frith anti
  • croiméal moustache
  • ionradh invasion
  • buatais óir golden boot

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland