18 May 2006 Edition

Resize: A A A Print

Aga na Fírinne do Réabhlóid Veiniséala

Tá sé anois ocht mbliana ó a tháinig lucht réabhlóide i gcumhacht i Veiniséala agus Hugo Chavez mar cheannaire acu. Ní amháin gur cur i gcoinne do lucht maoine agus d'aicme shaibhir na tíre sin, ach cur i gcoinne é freisin don chóras nua-liobarálach domhanda atá curtha i bhfeidhm, a bheag nó a mhór, ar mhuintir na Cruinne ag na Stáit Aontaithe. Masla dar leis na Meiriceánaigh go bhfuil a leithéid i gcumhacht áit ar bith, ach go háirithe i dtír a sholáthraíonn 25% de riachtanais ola na Méiriceánach.

Tá fadhb mhór ag na Meiriceánaigh, áfach, sa chaoi go maíonn siad go dtagann fíor-dhlisteanas ag aon rialtas ón daonlathas agus is léir go bhfuil an dlisteanas sin faighte ag Chavez agus ag na réabhlóidithe ó mhuintir na tíre sin. Ach tá roinnt samplaí cheana féin nuair a rinne na Meireacánaigh sabaitéireacht ar thoil an phobail, mar a rinne siad sa Sílé i 1973 nó i nGuatamala i 1954, nuair a thacaigh agus a chabhraigh siad leis na seanluchtanna cumhachta ón meánaicme agus ón uasaicme teacht i gcumhacht go fealltach. D'éirigh leo na babhtaí sin, ach nuair a rinne na Méiriceánaigh agus an seanlucht cumhachta ceannas a ghabháil go fealltach i mí Aibreáin 2002, theip go tubaisteach leo. Ní raibh aon amhras ina dhiaidh sin go raibh naimhidí cumhachtacha ag daonlathuithe agus réabhlóidithe na tíre sin.

Le linn na bliana beaga anuas, tar éis teipeadh cheannas a ghabháil ansin i 2002, tá pobail i Meiriceá Theas tar éis casadh go mór le rialtais an eite chlé a thoghadh - Lula Silva sa Bhrasaíl, Evo Morales sa Bholaiv agus tíortha eile na mór-ranna sin. Tá fadhb mhór ag lucht cumhachta na Meiriceánach sa chaoi go bhfuil dúshlán mór á fhógairt i gcoinne a gcumhachta. Tá línte catha ollmhóra tarraingte ar an láthair ídé-eolaíochta i Veiniséala agus i gcuid eile de Mheiriceá Theas idir impiriúluithe Meiriceánacha lena gcomhleacuithe sna seanluchtanna cumhachta agus daonlathuithe/réabhlóidithe/muintir an phobail.

Tá a lán i ngeall anseo agus mura bhfuil na himpiriúluithe in ann athrú rialtais a dhéanamh trí lámh fealltach, tá seans an-mhór ann go gcasfaidh siad ar an lámh láidir mar atá déanta cheana acu. Mura féidir leo an líne catha a chasadh ar ais, tá íomhairtí móra míllteacha dá gcumhacha agus dá smacht i Leath Thiar na Cruinne. Déanfaidh Chavez i bhfad níos mó tinnis do na himpiriúluithe amach anseo.

Foclóir

aga na fírinne the moment of truth

lucht réabhlóide the revolutionaries

a sholáthraíonn that supplies

dlisteanas legitimacy

seanluchtanna cumhachta old powerful elites

uasaicme upper class

daonlathuithe democrats

línte catha ollmhóra major battle lines

íomhairtí consequences

Leath Thiar na Cruinne Western Hemisphere


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland