Top Issue 1-2024

20 April 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Kim Il Sung agus na ba

Tá mé buartha faoi Kate Moss - feicim go bhfuil sí ag crochadh thart leis an rogaire sin Peadar Ó Dochartaigh agus iad ar an Pepsi don bhricfeasta; ní raibh Leo Sayer ríamh chomh sásta is atá sé lena 6ú bhean chéile agus a árasán nua san Astráil- is fada an bóthar dó ó Pháirc Uí Chaoimh agus a bhellbottoms glas agus Siamsa Cois Culchie agus é I drochchomhluadar leis na "comh-taistealaí Sealadaigh", na Wolfe Tones agus an brat glas crochta thart orthu; bheadh said thar a bheith sásta lesi an rí-ra agus rúille búille I nDubh Linn ag an deireadh seachtain.

Tá Pádraig Mac Piarais amach as an reoiteoir agus ta sé 'cool' arís; agus ta teachtaí Dála ag gléasadh suas mar Shéamas Ó Conghaile; tá cead ag múinteoirí na sean-bhailéid a chanadh arís- beidh Kelly the Boy from Killane, God Save Ireland agus The Bold Fenian Men ar Larry Gogan go luath-

" What's the news , what's the news,

Oh my Bold Shelmaliers.....?!"

Ach an cuimhin leat 1991 nuair a rinne Robert Ballagh agus an Irish National Congress iarracht an 75ú comóradh a eagrú- an Branch ag cur brú ar an té a chaith Líl na Cásca agus a rá lenár dtuismitheoirí go raibheamar inár sceimhlitheoirí!

Is cuma cé chomh maith is a raibh an mórshiúl nó ce mhéad a raibh ag mairseáil, thug na meáin cumarsáide neamh-aird iomlán orainn; cé go raibh I bhfad níos mó ealaín agus samhlaíocht I gceist I '91 ná I mbliana.

Tá sé spéisiúil an bhealach a leanann na nuachtáin a chéile mar chaoraigh - is stríopaigh Stáit formhór daoibh gan neamhspléachas na samhlaíocht.

Bhí go leor cáineadh faoi mórshiúl Shinn Féin le deanaí de dheasca cúpla aisteoirí a bhí gléasta suas mar shaighdiúirí- cheap mé go raibh mé I dTuaisceart Korea nuair a chonaic mé Kim Il Sung agus na heitleáin, tainc agus saighdiúirí ag líonadh Sráid Uí Chonaill ar an Domhnach- ní thiocfaidh na Géarmánaigh in aice linn I ndiaidh an taispéantas míleata sin.

Is léir go bhfuil Fianna Fail buartha faoi Sinn Féin i mBaile Átha Cliath go háirithe agus go bhfuil siad ag iarraidh seilbh a ghlacadh arais ar chomóradh 1916 - ach don té atá múscailte faigheann Dessie Ellis agus Larry Ó' Toole a votaí de bharr obair atá déanta acu ar an talamh.

Nuair a ghabhadh an tAthair Ó Murchú I mBoolavogue I 1798 chuir an Eaglais ina leith go raibh sé ina ghealt agus thug said tacaíocht do na Sasanaigh a mharaigh é; 100 bliain ina dhiaidh sin ghlac siad seilbh ar a gcuimhne ar son a leasa féin.

Is cuimhin liom bheith ag chomóradh Seán Ó Riain san tSionnain I 1985- bhí 30 sa slua-12 'Branchers' ina measc agus níos mó beithígh ag cur a sróin thar falla an reilg ag cur spéis I ráiteas Cásca an t-IRA a bhí á léamh ag gasúr óg ina spéaclaí gréine; rinne gasúr bocht eile praiseach d'Amhrán na bhFiann nuair a chaill sé a anáil ar na piobaí I lár an phoirt.

Rugadh Seán Ó Riain sa chéad teach chomhairle chondae a thógadh I gCondae an Chláir agus bhí se páirteach sna 'cattle drives' sa chondae le linn Cogadh na Saoirse nuair a chuir muintir na háite ruaig ar bhá na tiarnaí talúin agus scaip said iad ar fud an cheantair- rinne na piléirí rua ionsaí ar Ó Riain agus a chomraidí le linn scaipeadh agus maraíodh é.

Chónaigh sé sa teach céanna inár gabhadh Dominic McGlinchey I 1984 - Thaitin an comóradh sin liom níos mó na ceann Kim Il Sung ag an deireadh seachtain- níos lú daoine , níos lú bladar agus níos fiúntaí.

Foclóir

  • 'Comh-taistealí na Sealadaigh' 'Provo fellow-travellers'
  • Sceimhlitheoirí terrorists
  • Bladar waffle
  • Reoiteoir freezer
  • Meáin cumarsáide media
  • Nuachtáin newspapers
  • Samhlaíocht imagination

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland