Top Issue 1-2024

16 February 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint - le Seán ó Donaile

Ag Ithe Sneachta - Latvia '06

Agus na calóga sneachta ag bualadh in aghaidh na fuinneoga chas me le Milo i dteach tabhairne Paddy Whelans ar phríomhshráid Riga, agus é gan pingin rua - a phóca glanta amach ón gCumann Damhsa Ghlúin ag pocéimnigh thart le 'Úna gan Gúna' go dtí breacadh an lae, ag canadh Sean South agus a chárta chreidmheasa i lámh an Mafia Rúiseach! Dar leis tá sé chomh briste go mbeidh se ag ithe sneachta roimh an Chéadaoin- ach fós tá níos mó airgid aige agus atá ag formhór an phobail anseo i Latvia, atá neamhspleách ón Rúis ó 1991.

Faoi chois ag nn bPolainn, ag an Sualainn agus go háirithe na Gearmánaigh, ní bhfuair an Latvia saoirse ach ar feadh tréimhse gearr idir an Dá Chogadh Domhanda.

Tháinig na Sóivéidigh i réim i 1944 agus cosúil leis an Liotuáin, bhog siad na mílte go dtí campa géibhinn sa Sibír , áit a raibh se 60 céim faoin róphointe, agus níor fhill formhór na gcréatúr bocht. An locht ba mhó a chuireann muintir na háite ar na Cumannnaigh ná nár thug siad saoirse cainte no aigne don phobail. Fuair siad réidh leis an té a bhí gceannas ar chúrsaí pobail- ceannairí cheardchumann, scríbhneoirí, polaiteoirí, múinteoirí, feirmeoirí....agus ag foghlaim o na Sasanaigh, chuir siad tús le plandáil nuair a bhog siad na sluaite on Rúis anseo.

Tá 50% den phríomhchathair ón Rúis agus teanga , saol sóisialta agus meáin chumarsáide difriúil acu.

Tá sé beagnach chomh fuar le Tír Chonaill anseo (-20) ach sceitimíní ar mhuintir na tíre ag súil leis an Corn Domhanda Hacaí ag tosú i Riga go luath ar an leac oighir; agus iad ag iarraidh a íomhá nua daonlathais a dhíol don Iarthar.

Faraor, tá siad ag díol go leor eile - chas me le scúitín (wee scitter of alad) óg ón gCarraig Dubh agus é ag maíomh as a infheistíocht nua sa chathair - árasán trí sheomra i lár na cathrach ar 80,000 Euro agus é ar chíos aige cheana féin go dtí daoine áitiúla nach bhfuil in ann a dtithe féin a cheannach.

Cé go bhfuil na mílte Éireannach ag rásaíocht go dtí Oirthear na hEorpa chun infheistíocht in árasáin agus a leithéid, cuireann sé i gcuimhne dom na tiarnaí talún ó Shasana a ghlac seilbh ar thalamh ár dtír féin san 17 aois déag.

An iad seo Géanna Fiáine an aois nua ag tógáil Impireacht nua Phaddy agus na tithe tabhairne le Guinness glas mar bhrat againn? Tá an tír seo ag athrú go tapaidh cosúil linn féin - mhothaím sean ag caint leis na hImircigh a chaitheann seal in Eirinn ag obair i McDonalds agus ag glanadh ti ar bheagán phá.

Fiche bliain ó shin rinneamar an rud céanna sna Stáit Aontaithe agus i Londain ag filleadh abhaile ag "speakáil Londonish"; agus déistean orainn leis na Poncánaigh a raibh ró-leisciúil a dtithe féin a phéinteáil nó a ghlanadh - casann an roth go tapadh agus anois téimid ar thuras síopadóireachta go dtí na háiteanna céanna a ghlanamar sna hochtóidí - tá súil agam go gcasfaidh an roth céanna do mhuintir Latvia gan moill.

Tiobrad Árann Abú!

Tá súil agam nach bhfuil mo chomharsan sa Chlár ag léamh seo, agus mé tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh ar shléibhte álainn Thiobrad Árann. Níl áit níos áille ná sléibhte Deisceart Thiobrad Árainn - na Gabhailte - ceantar nach raibh na Dúchrónaigh (Black and Tans) ábalta smacht a fháil ar Liam Lynch agus a chairde le linn Cogadh na Saoirse.

Rinne Nicky English miongháire ar fhoireann iomána an Chláir i '93 agus ó shin níor chaith muintir an Chláir mórán ama i Tipp' ó shin , agus Nicky bocht gan cartún ar bith a tharraingt! Fuair mé cuidiú ó mo shiceolaí (psychologist) agus chuaigh mé thar an líne le déanaí.

Níor ól mé is níor chaith mé, chaith mé m'am ar na sléibhte, ag casadh ceoil is ag canadh agus ag meascadh le daoine uaisle.

Ar aon nós, ar ais go Paddy Whelan's....


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland