Top Issue 1-2024

9 February 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint - Cad ta cearr le Mohammed? le Seán ó Donaile

Na Danes bocht agus iad faoi ionsaí ag na Muslims- tá sé rud beag ait nuair a chuirerann tú san áireamh gur chuma le formhór muintir an Danmharg faoin reiligiún.

'Is ionann ailse agus an iarthar' agus 's'é Mohammed an t-aon slánaitheoir de réir cuid den lucht agóide a bhí ar shráideanna Londain an seachtain seo chaite.

Bhí cuid de na teachtaireacht cosúil leis an DUP nuair a chuir siad piceád lasmuigh den chead pósadh homognéiseach i mBéalFeirste le deanaí.

Bhí ionadh orm agus mé san Mheán Oirthear leis an neamh aird a thug an t-aos óg ar paidreacha i rith an lae.

Cé gur cheapann muintir an iarthar go bhfuil muintir an Mhean Oirthear an thógtha le reiligiún, níl seo fíor.

Tá cead ag athann reiligiún a rá gur iadsdan an t-aon dream le ciall ach ní feidir leo ar fad bheith ceart!

Tá 131 reiligiúin san Aetóip agus caithfidh go bhfuil 130 daoibh ar strae. Faraor s'é mo bharúil gur chuaigh siad thar fóir leis an agóid - cé gur mhasla mhór é cartún a tharraingt le buama ar chloigeann Mohammed caithfidh saoirse cainte bheith ann- gan é beidh deireadh leis an daonfhlathas.

Is cuimhin liom agóid lasmuigh de Choláiste Phádraig ar sna ochtoidí nuair a bhí an drama 'The Biggest Little Whorehouse in Texas' ar siúl ansin.

Agus bhí bac ar an scannan 'The Life of Brian' anseo ar feadh fiche bliain mar gur mhasla é ar shaol Íosa Chríost.

Buíochas le Dia táimíd níos reidh-chúisí i ré an Tíogar Cheilteach agus níos mó muinín againn faoi reiligiún agus an sochaí.

Cé gur ghoileann sé go mór orm an slad a dheanann rialtaisi agus comhlachtaí an iarthar ar an Phailistín agus an t-Iaraic níl cead vótal san chuid is mó dena tíortha Muslimeach san Mhean Oirthear agus is droch chomhartha é ar saoirse cainte.

Chuir Iran deireadh le tradáil leis an Daonmharg anocht agus d'ionsaigh slua an ambasóid le buamaí petrail.

Cé nar féidir leat aontú leis na hionsaí seo measaim go bhfuil muintir an Mhean Oirthear ar buile maidir leis an fimíneachas, maidir le dearcadh an Iarthar faoi cumhacht eithneach Iran.

Tá airm eithneach ag Pakistan agus an Ind acus bagairt láidir ó na h-Iosraelaigh.

Leis an ionsaí a rinne na Poncánaigh ar Iraq agus Afghanistan le deanaí agus an cur i gcéil sa Phailistín ni h-aon ionadh go bhfuil na h-Araibeach crosta.

Agus s'é ceann de na príomchúis gur thug muintir an Phailistín vóta mór do Hamas le deanaí.

Ach ní chóir dóibh dul síos bóthar na fundamentalists agus ba chóir dóibh eachmhainn grinn a fhorbairt!

Comóradh 1916

Tá muintir Fianna Fáil ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar chomóradh 1916 le déanai agus oidhreacht Phiaras agus Connolly a cheiliúradh.

Is cuimhin liom agus mé ag múindeah sna nochaidí an bac( ban) iomlán a bhí ar sean bhailéid an ré sin agus amhráin na Bhfininí agus Éirí Amach 1798.

D'athraigh Cruiser agus a chairde an Curaclaim Staire agus in ionad plé faoi 1916 bhí na téacsleabhair lan le scéaltai faoi Mother Theresa agus JFK.

Ghlaonn Fianna Fail Pobhlachtánnaigh orthu féin go fóill agus ceart acu ach goilleann se go mór orthu nach chreideann éinne iad agus go bhfuil níos mó baint

ag Sinn Fein le chomoradh an Éirí Amach.

Ta athrú ar chursaí leis an Proiséis Síochána agus tá leath na tíre ag caitheamh geansaithe Celtic agus ag canadh Seán South gach Satharn agus iad ag

amharc ar Sky Sports.

B'fhéidir go mbeidh níos mó phlé anois faoi stair na tíre agus níos mó beim ar na h-éirí amach i 1916, 1867 agus 1847.

N'fheadar an mbeidh comóradh sa Saorstát ar na Stailc Ocrais i gceann caoga bliain eile?!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland