Top Issue 1-2024

19 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

Ní amháin saor ach gaelach chomh maith" -- Adams

Sinn Féin President Gerry Adams is speaking at the Sinn Féin Irish Language Strategy Conference this Thursday 19 January. in the Long Gallery at Stormont.

During the course of his adress Adams will tell delegates: "Tá muid anseo inniu chun cheiliúnadh agus chun chuimhniú ar dhá mór-ócaid i saol agus i stair na tíre seo.

"Dhá mhíle 'is a sé, sin nócha bliain ó Éirí Amach na Cásca agus cúig bhliain 'is fiche ón Stailc Ocrais, gan amhras is bliain an-mhór í seo do phoblachtánaigh ar fud na hÉireann.

Thig linn gáire beag a dhéanamh fosta go bhfuil muid anseo i Stormont, ceann ceathrú na n-aontachtóirí ar feadh caoga bliain agus anois tá muidne anseo, ag caint i nGaeilge agus ag caint faoi saol na Gaeilge sa tír seo.

Ach cad chuige go bhfuil muid anseo inniu ag caint as Gaeilge le chéile agus ag ceiliúradh na laochra a fuair bás ar son muintir na hÉireann?

"Is cuid an-tabhachtach de meon muintir na hÉireann í, an Ghaeilge. Thuig na daoine a chuaigh amach ar Domhnach na Cásca naoi déag sé déag é sin. Thuig na fir pluide a d'fhulaing chun bháis ar an Stailc Ocrais i naoi déag ochtó a haon é sin.

"Caithfidh muidne an lá atá inniu ann, sin a thuigbheail chomh maith. In achan cumann, in achan Cúige caithfidh muintir Shinn Féin, idir Gaeilgeoirí agus Bearlóirí - agus ba chóir do na Béarlóirí seo a cluinsint go minic - caithfidh muid uilig ár seacht ndicheall a dhéanamh ar na sráideanna, in sna comhairlí, in sna cainteanna agus taobh istigh den pháirtí féin, an teanga Ghaeilge a fhorbairt agus a bhrú chun tosaigh.

"Tá daoine sa phairtí agus deir siad go bhfuil siad ró-ghnóthach aon rud a dhéanamh faoin Ghaeilge ach deirimse féin má tá tú ró-ghnóthach don teanga, tá tú ró-ghnóthach do Saoirse na hÉireann.

"Bobby Sands spoke about "everyone having their part to play", James Connolly spoke about the need for a "reconquest of Ireland" and in this, the centenary year of the birth of Máirtín Ó Chadháin his words ring out truer than ever - "Ní amháin saor ach gaelach chomh maith".

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland