Top Issue 1-2024

10 November 2005 Edition

Resize: A A A Print

An Fhrainc Éirí amach na cosmhuintire - Fó-aicme Imirceach na Fraince

BY Cathal O Murchu

Le déanaí tá a lán cloiste sa mheán chumarsáide faoi fhó-aicme na Fraince tar éis coicís círéibeacha a bheith ar siúl. Den chuid is mó eascraíonn formhór na fó-aicme ansin ó bhunús imirceach Afraiceach de muintireacha éagsúla - ón Ailgéir agus ón Afraic Fó-Saharach ach go háirithe. Ní bhaineann na círéibeacha le lucht bhunús imirceach amháin ach le lucht dúchasach bocht chomh maith. Ar dtús thosaigh na círéibeacha i bParás na Fraince agus ansin scaip siad go cathracha eile ar nós Lille, Strasbourg agus Toulouse. Is iad na téamaí is mó a bhaineann leis na círéibeacha seo ná aicmeachas, bochtanas agus faillí ar pobail dhímhaoin chomh maith le ciníochas.

Cé nach nglacfaidh an chuid is mó de na Francaigh leis, is sochaí sách ciníoch an sochaí sin. Is mar oidhreacht chóilíneach atá pobal mór de bhunús imirceach lonnaithe sa tír sin a shíneann siar san am nuair a bhí na Francaigh i mbun a n-impireachta agus iad in uasal réime ar chríocha móra na cruinne - go háirithe san Afraic agus tíortha Arabacha. Ní ba ionann leis na himpireachtaí Eorpacha eile, mhaígh na Francaigh gur department a bhí sna cóilíneachtaí éagsúla agus gur shaonánaigh Fhrancacha iad na daoine ansin, chomh cothrom céanna le saoránaigh eile in ainneoin an bhunús cine as ar tháinig siad. Cur i gcéill a bhí anseo i ndáiríre go háirithe nuair a thugtar isteach san áireamh ar an gcaoi a chaith na choilínigh Francacha le pobal dúchasach na hAilgéire. Is ó na caogaidí ar aghaidh a thosaigh imircí ag teacht go dtí an Fhrainc nuair a bhí an-chuid oibre ar fáil ag atógáil na tíre sin tar éis scrios an Dara Chogaidh Dhomhanda.

Maraon le sochaí caipitleacha eile san Eoraip, fágtar fó-aicme ar leataobh a bhfuil faillithe agus dímhaoin. Is mar rabhadh do dhreamanna éagsúla eile cad a bheidh i ndán dóibh mura ndéantar de réir tola dóibh siúd i gcumhacht. Sa chaoi seo, tá an aicmeachas agus an ciníochas naiscithe go tréan lena chéile. San Fhrainc, maraon le tíortha eile in Iarthar na hEorpa, úsáideann fostóirí dreamanna áirithe ar nós imircí chun gearradh síos ar chostas oibre agus ar choinníollacha oibre sean-bhunaithe. Cothaíonn sé seo aighneas agus coimhlint i measc iad siúd go léir a bhrathann ar a saothar chun tairbhe saoil a bhaint. Fágann sé seo an lucht oibre i gcoitinne deighilte. I measc an lucht oibre dúchasach, tá iad siúd a fhéachann ar imirceoirí mar naimhde agus iad siúd a fhéachann ar leasa coitianta an lucht oibre i gcoitinne.

Mar atá ag tarlú le lucht oibre na tíre seo agus an scéal in Irish Ferries ag treabhadh ar aghaidh, tá dúshlán mór os comhair oibrithe na hEorpa uile. Níl amhras ach go ndéanfaidh fostóirí agus lucht rialaithe gach iarracht na coinníollacha oibre agus na cearta oibrithe sean-bhunaithe tar éis blianta fada streachailte a scoir. An t-aon chosaint a bhfuil ann, mar a bhí i gcónaí, ná oibrithe i gcoitinne a sheasamh ar aon le chéile.

Stór Focal

fó-aicme imirceach immigrant underclass

círéibeacha riots

faillí neglect

pobail dhímhaoin disadvantaged communities

ciníochas racism

oidhreacht chóilíneach colonial legacy

ag atógáil rebuilding

coinníollacha oibre workers' rights

sean-bhunaithe long-established

fostóirí employers


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland