Top Issue 1-2024

2 April 2012 Edition

Resize: A A A Print

Mol an óige

Céard tá i ndán d’aos óg na hÉireann?

Dóibh siúd nach bhfuil in acmhainn beidh rogha le déanamh cé acu mac nó iníon a thiocfaidh ar aghaidh go dtí an choláiste, má théann aon duine acu

TÁ MO MHAC naoi mbliana d’aois inniu. Agus mé dhá scríobh seo tá mé ag cloisteáil ar chlár teilifíse go gcosnaíonn sé ar an meán dhá chéad míle euro páiste a thógáil in Éirinn. Freisin, tá eolas ag teacht amach go bhfuil socrú dhá dhéanamh ag an Rialtas ó dheas banna eile a thógáil amach, nach mbeidh iníoctha go dtí 2025, in áit an nóta barántais Anglo. An cheist atá seo ag ardú i m’intinn ná cén ualach atá muid ag leagan ar ghuaillí ár gclann agus clann ár gclainne agus cén tionchar a bheidh aige seo orthu agus ar an tír ina mhaireann siad?

D’fhág 76,000 duine Éireann anuraidh, sin 210 in aghaidh an lae - formhór acu sin is daoine óga iad. Tá an chuid is cliste agus is ábalta dár daonra ag éalú ón ngéarchéim eacnamaíochta. Dóibh siúd atá ag fanacht tá na deiseanna dul chun cinn ag fáil níos deacra. Tá an Rialtas ag cruthú dhá sraith arís inár gcoras oideachais tríú leibhéal. Go bunúsach má tá airgead agat - nó ag do mhuintir - beidh tú in ann céim a dhéanamh agus iarchéim ina dhiaidh. Dóibh siúd nach bhfuil in acmhainn beidh rogha le déanamh cé acu mac nó iníon a thiocfaidh ar aghaidh go dtí an choláiste, má théann aon duine acu. Cruthóidh sé seo míbhuntáiste mór dóibh sin nach bhfuil airgead acu agus is iad clann na ndaoine rachmasacha a gheobhfaidh na jabanna a mbeidh cailíochtaí tríú leibhéal ag teastáil dóibh.

Is cinnte go mbeidh cuid mhaith den dream a fhaigheann oideachas tríú leibhéal ag dul thar sáile ar thóir oibre. Cén fáth? Mar go mbeidh luach níos fearr le fáil dá gcuid scileanna. Mar shampla, tá athruithe molta ar an gcóras íocaíochta do mhuinteoirí nua-cháilithe a fhágfaidh go leor acu ar buntuarastal de €419 sa tseachtain - beagán bídeach le cois an íosphá náisiúnta. Cuid mhaith acu seo is daoine iad a d’fhill ar an oideachas nuair a thit an tóin as na gairmeacha a bhi siad iontu. Tá dualgaisí orthu - morgáistí, páistí agus eile. Tá postanna múinteoireachta le fáil thar sáile agus suas le €100,000 le fáil acu ar an obair céanna a dhéanfaidís anseo ar ceathrú cuid an méid sin. Gan trácht ar ualach na bhfiacha baincéireachta atá muid ag iarraidh orthu iompar. Cén fáth a bhfanfaidís?

 Tá an cheist seo níos casta arís má thógann muid san áireamh go bhfuil cuid den dream seo ag fiafrú dóibh féin ar fiú, nó níos measa arís, ar acmhainn dóibh clann a thógáil in Éíreann. Bíonn muid ag caint ar chóras saor oideachais, ach le fírinne tá costas ollmhór ag baint le páiste a chur chuig scoil Éireannach - leabhra, imeachtaí, éadaí, tacaíocht breise is araile. Léigh mé go gcaitheann cuid mhaith de lánúin Bhleá Cliath leath a gcuid tuarastail ar chúram leanai go minic. €42,000 an meán chostas a thógann sé duine a chuir chuig an ollscoil nuair nach bhfuil cónaí sa mbaile orthu. Cé mhéid duine a bheidh in acmhainn sin a sheasamh in aimsir géarchéime?

Bhí mé ag glacadh páirt i gclár teilifíse le mac léinn sna meáin as DCU le déanaí chomh maith agus fiafraíodh dom céard is féidir a dhéanamh d’aos og na tíre chun iad a choinneáil anseo. Bun agus barr an scéil ná go gcaithfidh muid fostaíocht fiúntach a chruthú. Chuige sin caithfidh muid an geilleagar a chuir ag fás - ní tríd ciorruithe a chuir i bhfeidhm ach tríd infheistíocht in infreastructhúr, tograí caipitil agus seirbhísí poiblí. Bhainfeadh sé seo daoine den chlár beo, chuirfeadh sé daoine ag caitheamh airgead, bheadh ardú meanma i ndán do shiopaí, cúrsaí turasoireachta agus eile. Breis ioncam cánach don Stát agus mar sin de.

Ní thuigeann mo mhac óg, atá ag ceilúradh inniu, conraí fioscach, athstruchtúrú fiacha ná buiséidí rialtais - ach tuigeann sé go bhfuil smaointí aige, samh

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland