Top Issue 1-2024

2 April 2012 Edition

Resize: A A A Print

Acht Teanga Thar Am

Moill ar Acht Teanga a thabhairt isteach sna Sé Chontae

Fiú má thabharfaí isteach an tAcht mar is ceart, beidh ar pobal na Gaeilge bheith cinnte go ritheann sé le spiorad an bhunéilimh

TÁ SÉ i bhfad thar am anois go mbeadh Acht Teanga tógtha isteach sa reachtaíocht sna Sé Chontae. Bhí sé seo geallta i gComhaontú Chill Rďmhinn sa bhliain 2006 nuair a ghlac an Dá Rialtas agus na páirtithe uile le linn na n-idirbheartaíochtaí chun go dtabharfaí Acht Teanga isteach mar chuid de. Sé bliana ina dhiaidh, táthar fós ag fanacht le feidhmiú an achta úd.

Go bunúsach, is iad na haontachtóirí - bíodh ón DUP nó UUP iad - is mó atá ag cur bac is constaicí roimh thabhairt isteach an achta féin, go háirithe le linn tréimhse Edwin Poots mar Aire Cultúrtha san Fheidhmeannas atá caite. Agus le linn na tréimhse céanna, sheas Rialtas na Breataine ar an taobhlíne (os rud é gurb acu an dualgas an tAcht a thabhairt isteach) gan a ndualgaisí sa chás seo a chomhlíonadh. Is beag brú a tháinig ó Rialtas na Fiche Sé Chontae ar Rialtas na Breataine chun an Acht a thabhairt isteach is a fheidhmiú. D’éiligh Sinn Féin i gcónaí go gcaithfear seo a dhéanamh ón tús.

Ní hé go raibh lucht na Gaeilge ciúin faoi cheist an achta seo agus an moilliú a ghabhann leis, ar ndóigh. Bhí mórshiúl mór ann de ghníomhairí agus de thacadóirí na Gaeilge ina mílte ó cheann ceann na tíre cruinnithe i croílár Bhéal Feirste i Feabhra 2007. Ag an am sin, rinne na meáin Bhéarla (sa Deisceart agus sa Tuaisceart) neamhaird ar an léirsiú suntasach seo.

Fiú má thabharfaí isteach an tAcht mar is ceart, beidh ar phobal na Gaeilge bheith cinnte go ritheann sé le spiorad an bhunéilimh - is é sin le rá go mbeidh cearta teanga aitheanta agus feidhmithe do lucht na Gaeilge. Ciallaíonn sé sin go mbeadh ar a laghad na cearta céanna ag gaeilgeoirí sna Sé Chontae is mar atá ag lucht labhartha na Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Mar sin tá tosaíocht ann cheana féin i stát na Breataine a leithéid acht a thabhairt isteach is a fheidhmiú.

Tá scátheagraíocht ann ar a dtugtar Pobal orthu ag éileamh tabhairt isteach ‘Acht na Gaeilge Thuaisceart Éireann’ (Irish Language NI Act) ar a luaithe agus cuid mhaith cruinnithe eagraithe acu le déanaí leis an éileamh seo thapú. Chun teacht ar éileamh Pobal féach ar: www.pobal.org/gaeilge/acht_na_gaeilge.php.

Ach ná bíodh leisce ar poblachtánaigh nó ar gaeilgeoirí meas faoi chumas na n-aontachtóirí nó na bhfrithghníomhuithe eile a chur ina n-aghaidh!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland