Top Issue 1-2024

25 August 2005 Edition

Resize: A A A Print

Pisreoga Iascaireachta

Le

AN DRAOI RUA

Fishing seems to be a pastime for many folk, but for the fisherman that depends upon his catch, there are a number of superstitions to be adhered to.

Níorbh é go mbíonn cách ag brath ar an iascaireacht mar shlí bheatha ach is iomaí duine a chaitheann tréimhse ag gabháil dó mar chaitheamh aimsire. Fiú muna bhfuil duine amach sa tóir ar an mhurlas agus an taoide ag teacht isteach, ba cheart a bheith airdeallach ar phisreoga éagsúla.

Ní bhíonn iascairí sásta duine rua a fheiceáil agus iad ar tí dul chun na farraige. Bíonn siad i gcónaí den tuairim gurbh fhearr dul abhaile ná aghaidh a thabhairt ar an fharraige ar chor ar bith. Ní mó ná sásta a bhíonn iascaire bean rua a fheiceáil go háirithe.

Tá an pisreog áirithe seo chomh láidir sin nach maith leo a bheith ag caint ar dhuine ar bith rua fiú agus iad amuigh ar an fharraige. Ní dóigh liom mar sin go mbeadh mórán cainte ar sliochtanna scríofa ag an Draoi Rua. Dá mbeadh orthu tagairt a dhéanamh dó, is dócha go gcuirfeadh siad an Draoi Deadhathach air.

Le fírinne, moltar cosc ar phlé ar rud ar bith rua nó le craiceann donn fiú. Mar sin, ní bheadh mórán cainte ar mhadaidh rua agus creidtear dá mbeadh giorria luaite fiú go dtiocfadh stoirm a thógáil go tobann.

B'fhearr i bhfad le iascairí na farraige tagairtí don bhradán agus don bhreac a sheachaint fiú. Seans gurbh é bunús na pisreoige seo ná go bhfuil feoil dearg ag na héisc seo agus iad le fáil san fharraige mhór is in uisce intíre chomh maith.

Is cosúil go bhfuil claonadh ag iascairí ábhair cainte fán chléir, fán mhuc, fán easóg agus fán dobharchú a sheachaint fosta. B'fhéidir go bhfuil an iomarca baint leis an talamh ag a leithéid.

Is cosúil go maireann sean-nósanna páganacha i measc iascairí go fóill agus ómós don ghrian go háirithe. Tá sé de nós acu bád nó long a thiontú de réir an chloig (de réir na gréine) agus iad ar a mbealach chun na farraige.

Ní amháin sin ach nuair a bhíodh na bádaí seoil, na húicéir is a leithéid ag dul chun na farraige, bhíodh na hiascairí ag brath go mór ar an ghaoth chuí a bheith acu. Cinnte, ba ghnáth do chuid acu paidreacha ar leith a rá agus iad ag siúl thart ar charraigeacha áirithe ar an chladach sular thug siad aghaidh ar an fharraige. Lena chois sin, bhí sé i gcumas chuid de na sheandaoine gaoth a dhíol do na hiascairí.

Is minic a mbíonn ortha ádhúil i bpóca iascaire agus is beag bád atá ann nach bhfuil cóip den Bhíobla ar bord áit éigin. Níl mé ag rá go mbeadh mórán ama caite ag léamh an Bhíobla ach gur mhothaigh siad níos sábháilte agus cóip ar bord.

Ar ndóigh, bíonn iascairí ag brath ar a lán rudaí agus iad amuigh ar an fharraige mhór. Cé go bhfuil cúrsaí feabhasaithe an oiread sin sa lá atá inniu ann agus inneall de gach saghas, réamhfhaisnéis ar an aimsir ar fáil go furasta agus cúrsaí cumarsáide i bhfad níos fearr ná riamh, ní féidir le iascaire ar bith a bheith ag brath go hiomlán ar teicneolaíocht nua-aimseartha.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is annamh iasc ag liairne díomhaoin'

Ní amháin go gcaithfidh an t-ádh a bheith ag na hiascairí ach tá an-obair ag baint leis an cheird.

Gluais

pisreoga ...... superstitions

murlas ...... mackerel

sliochtanna ...... articles (written)

deadhathach ...... nicely coloured

tagairtí ...... references

claonadh ...... tendency

easóg ...... weasle

dobarchú ...... otter

ortha ádhúil ...... lucky charm

réamhfhaisnéis ...... forecast

liairne díomhaoin ...... lazy lout


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland