25 August 2005 Edition
Ganntanas Foirne Cáilithe
Le
CATHAL Ó MURCHÚ
While the lack of hospital beds and proper investment are significant problems in the Irish health system, among the biggest problems it faces is the lack of qualified personnel. As a wealthy OECD country, there shouldn't be any problem in training the doctors and nurses needed, but this has been blocked by vested interests in the medical profession and an outdated government decision taken in 1978.
Tá a lán fadhbanna ag gabháil leis an gcóras sláinte sa tír seo againne. Ní bhaineann sé seo le heaspa leapaí amháin nó le heaspa airgid ach an oiread, cé gur suntasach na fadhbanna seo iad féin. Ceann de na fadhbanna is bunúsaí ná an easpa foirne i measc dochtúirí cáilithe agus altraí cáilithe sa chóras sláinte. Os rud é go bhfuil gur tír shaibhir den OECD an tír se, ní hé nach bhfuil an bonneagar oideachasúil ann chun an méid de dhíth de dhochtúirí agus d'altraí a cháiliú. Ach ní de thaisme a tharlaíonn sé seo. Bheartaigh an Rialtas i 1978 nach mbeadh ach líon 160 mac léinn (80 mac léinn Éireannacha) in ann dul chun staidear ar leigheas. Tá leasa dílsithe freisin an-láidir ag lucht liachta na tíre seo ar pholasaí sláinte an rialtais agus go dtí seo, níl aon rialtas le dromchla mar is cuí sásta seasamh ina n-aghaidh.
Ó a bunaíodh Stát na Sé Chontae is Fichead, tugadh an iomarca ómóis do lucht liachta agus lucht gairme eile ar nós lucht dlí agus lucht léinn chomh maith leis an bhuirgéiseacht chaitliceach i gcoitinne. Is ar a leasa siúd a bhí riachtanais an stáit dírithe - ní ar leasa an phobail i gcoitinne. Agus is as an socrú áirithe seo a eascraíonn an-chuid fadhbanna sa stát agus sa chóras sláinte go háirithe. I dtír atá in ainm is a bheith daonlathach, is ag an rialtas ba cheart an cúram le polasaí sláinte a bheith agus iad freagrach don phobal. Sin daonlathas mar is ceart, ní mara thuigeann lucht rialaithe na tíre seo.
An réiteach bunúsach atá de dhíth ná tuilleadh dochtúirí agus tuilleadh altraí a cháiliú. Ní cheart go mbeadh an chumhacht ag Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann bac nó srian ar bith a chur ar cháiliú an méid ceart dochtúirí agus altraí chun go reachtálfaidh an córas sláinte mar is ceart. Mar a sheasann sé anois, tá an CDÉ i bhfeighil go hiomlán ar dochtúirí nua a cháiliú sa chaoi go bhfuil acusan ar na rannta liachta sna hollscoileanna. Tá sé mar pholasaí ag an leas dílsithe áirithe seo pointí an-ard a éileamh chun cead isteach i cúrsaí liachta do mhic léinn Éireannacha, ach ar an lámh eile ligtear mic léinn ó tíortha eile (agus iad a eascraíonn as cúlraí thar a bheith pribhléidithe caithfear a rá) teacht isteach le cúrsaí liachta a dhéanamh chomh fada is a íoctar na táillí arda.
Mar sin chun go mbeidh córas sláinte náisiúnta so-thagtha saor in aisce a bheith againn ar bhonn oll-oileánda agus ar bhonn daonlathaigh, tá sé riachtanach go mbrisfear greim na leas dhílsithe seo.
Stór Focal
easpa leapaí ...... shortage of beds
altraí cáilithe ...... qualified nurses
bonneagar oideachasúil ...... educational infrastructure
leasa dílsithe ...... vested interests
lucht liachta ...... medical profession
dromchla ...... backbone
lucht dlí ...... legal profession
lucht léinn ...... academia
lucht gairme eile ...... other professionals
an bhuirgéiseacht chaitliceach ...... the catholic bourgoisie
réiteach bunúsach ...... fundamental solution
bac nó srian ...... block or restriction
rannta liachta ...... medicine departments
pribhléidithe ...... priveleged
córas sláinte náisiúnta ...... national health system
so-thagtha saor in aisce ...... freely available
ar bhonn oll-oileánda ...... on an island-wide basis
ar bhonn daonlathaigh ...... on a democratic basis