Top Issue 1-2024

2 April 2012 Edition

Resize: A A A Print

Ó Cuív faoi chinsireacht sna meáin

• Éamon Ó Cuív: faoi chinsireacht ag na meáin

Ach tá riail na cinsireachta chomh diangean sin i dtaobh chúrsaí na hEorpa nach féidir leis an meáin oifigiúla ligint d’aon phlé den chineál seo

CÉ GO RAIBH an teachta Dála, Éamon Ó Cuív, go mór sa nuaíocht le deireannas, mar gheall ar a chuid aimhris i leith an chonartha fhioscaigh agus an Aontais Eorpaigh, rinneadh neamhaird ar fad sna meáin ar an oráid Dála a thug sé ag míniú an tseasaimh a thóig sé.

Dúshlán domhaite do cheannaire an pháirtí a thug an t-iriseóir Stephen Collins ar sheasamh Uí Chuív, agus bhí a lán cainte ann gur sheas an páirtí le Mícheál Martin ag an ard-fheis.

Cheapfá mar sin go mbeadh spéis éicínt sa gcaint a rinne Ó Cuív sa Dáil ar an ábhar díreach sin. Dúirt se nach bhfuil ach an t-aon fhócas ag an Aontas Eorpach, agus sin é an méad airgid is mó a fhail ar ais do bhainc na hEorpa agus do bhainc na Gearmaine ach go háirithe.

Ní baothchaint a bhí ar siúl ag Ó Cuív, mar léirigh sé an dochar a dheanfadh an conradh fioscach tré iachall docht a chur orainn gan an géilleagar a spreagadh fiú dá mbeadh sé sin ag teastáil.

Ach is féidir nuachtán na dtaifead, an tIrish Times, a scrúdú go mion ach tásc nó tuairisc den óráid seo níl sé ann. Ar ndóigh níl na cinn eile aon cheó níos fearr, ach ní mhaíonn siad gur nuachtán na dtaiifead iad.

Cinnte tá ceisteannaí speisiúla le cur ar Ó Cuív maidir leis an eachtra seo: eadhon, an féidir leis fanacht le Fianna Fáil, nó cá rachadh sé da n-imeódh sé.

Ach tá riail na cinsireachta chomh diangean sin i dtaobh chúrsaí na hEorpa nach féidir leis an meáin oifigiúla ligint d’aon phlé den chineál seo. Caithfidh daoine a choinneáil ar an aineólas.

Labhróidh Ó Cuív thar a chionn fein gan dabht, agus feicthear domsa go bhfuil bearna mór idir é agus Sinn Féin mar shampla, go háirithe chómh fada is a bhaineann sé le nádúr an stáit seo.

Ach cén cineál daonlathais é a dhéanann cinsireacht ar pholaiteóir chómh mór le rá sin i saol na tíre? Is céard a deireann sé linn maidir le cothrom na Féinne sna meáin?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland