Top Issue 1-2024

4 August 2005 Edition

Resize: A A A Print

Éamonn an Chnoic

An Irish Jacobite highwayman of the late 16th and early 17th Century known as 'Ned of the Hill' not only was immortalised in song but also has quite a folk history.

Éamonn an Chnoic

Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth

ag réabadh mo dhorais dhúnta?

Mise Éamonn an Chnoic atá báite fuar fliuch

ó shíorshiúl sléibhte is gleannta.

A lao dhil is a chuid, cad a dhéanfainnse duit

mura gcuirfinn ort beinn de m'ghúna

is go bhfuil púdar go tiubh á shíorshéideadh leat

is go mbeimis araon múchta.

Is fada mise amuigh faoi shneachta is faoi shioc

is gan dánacht agam ar aon neach,

mo sheisreach gan scor, mo bhranar gan chur

is gan iad agam ar aon chor.

Níl caraid agam is danaid liom san

a ghlacfadh mé moch ná déanach,

is go gcaithfidh mé dul thar farrige soir

ó is ann nach bhfuil aon de mo ghaolta.

Nach iontach an dóigh ar féidir linn cuimhneamh ar dhaoine ar leith i stair na tíre seo trí amhráin atá bronnta orainn ónár sinsir. Is iomaí sampla atá againn dá leithéid ach tharla gur chuir mé spéis sa bhoc áirithe seo ar na mallaibh. Aithním an t-amhrán ceart go leor a chuireann síos ar chomhrá Éamoinn lena ghrá-geal agus é ag iarraidh cead isteach sa teach oíche fhuar fhliuch. Cibé ar bith, tháinig mé ar a thuilleadh eolais ina thaobh.

Deirtear gur Éamonn Ó Riain a bhí air i ndáiríre, gur rugadh é i gCaisleán Chnoc Mhaothail, Áit Sean Bhoth i gCo. Tiobráid Árainn. Creidtear gur bhain sé leis an uasalaicme ach gur chuir Cogaidh Rí Liam brú air a shaol a chaitheamh mar 'rápaire' (eisreachtaí). De réir fhorfhógra a eisíodh i 1702, bhí dhá chéad punt de dhuais air, airgead ollmhór gan amhras a bhí ann ag an am.

Deirtear gur ábhar shagairt a bhí ann agus é ag staidéar ar Mhór-Roinn na hEorpa. Uair amháin, bhí sé ag filleadh abhaile ar saoire nuair a tháinig sé ar bhailitheoir cánach ag glacadh bó ó sheanbhean bocht. Sheas Éamonn an fód ar son an tseanmhná ach le linn an troda maraíodh an bailitheoir cánach. Ní raibh an dara rogha aige ach dul ar a theitheadh.

Níorbh fhada go raibh buíon fir faoina chúram agus deirtear gur iomaí ionsaí a rinne siad ar shaighdiúirí Shasana. Rinneadh slad ar bhuíon Shasana in aice le Dún Droma i gCo. Tiobráid Árainn. Seacaibítigh a bhí iontu a throid go díograiseach i gcoinne Rí Liam.

Ar ball, chaith sé a shaol go haonarach agus é ag taisteal na tíre ar a chapall liath. Bhí sé de nós aige airgead a ghoid ó dhaoine shaibhre agus an brabús a thabhairt do dhaoine bochta. Tá trácht sa bhéaloideas fiú ar an dóigh ar bhronn sé airgead ar dhaoine bhochta i gcruachás a bhí faoi bhrú ollmhór ag tiarna talún a chur cíos an-ard orthu. Nuair a bhailigh an tiarna talún a chíos, ghoid Éamonn an t-airgead ar ais uaidh agus bhronn ar na daoine bochta arís.

Tá scéal ar leith a chuireann síos ar an dóigh ar lig sé do fhear bhocht áirithe na húdaráis a chur ar an eolas cá háit ina raibh sé i bhfolach sa dóigh is go dtiocfadh leis an fhear bhocht airgead a fháil mar dhuais. Ar ndóigh, d'éalaigh sé chomh luath agus a bhí seans aige.

Is cosúil, áfach, go raibh sé i gcónaí cúirtéiseach, cairdiúil agus cainteach. Uair amháin, bhuail sé le bean uasal ó Shasana a dúirt leis go raibh buíon fir faoi chúram s'aigesean i ndiaidh gach rud a ghoid uaithi. D'fhreagair sé féin léi nach raibh duine ar bith faoina chúram a thuilleadh agus chuaigh sé sa tóir ar na fir, ghlac sé an t-airgead uathu agus thug ar ais don bhean. Mar a tharla sé, bhí a fear chéile mar oifigeach sinsearach in arm Shasana agus thosaigh sé ag déanamh a dhícheall pardún a fháil d'Éamonn dá bharr.

Ar an ábhar go raibh sé chomh cainteach sin, ní i gcónaí a raibh sé de rún aige airgead a ghoid ó na taistealaithe saibhre. Uair de na huaireanta, áfach, bhí sé i gcuideachta oifigeach airm a raibh ag iarraidh é a thabhairt chuig na húdaráis. Tugadh cuireadh dó dul chuig teach tábhairne ach nuair a bhain siad ceann scríbe amach, bhí dream saighdiúirí ag fanacht air. Nuair a d'éirigh na saighdiúirí súgach, bhí deis ag Éamonn éalú. Chuaigh sé sa tóir ar an oifigeach airm ar ball agus scaoil sé é le hurchar amháin.

De réir an bhéaloidis, bhí sé ag stopadh le fear darbh ainm Ó Duibhir. Chuir Éamonn muinín san fhear seo mar chara ach bhí sé ar intinn ag Ó Duibhir airgead a bhailiú mar dhuais. Creidtear gur mhúscáil Éamonn i rith na hoíche de gheit agus tromluí aige go raibh Ó Duibhir sa tóir air le tua. Nuair a d'éirigh Éamonn óna leaba, dúirt sé leis féin nach raibh ann ach brionglóid agus nár chóir dó a bheith chomh piseogach sin. Nuair a thit Éamonn ina chodladh arís, bhain Ó Duibhir an cloigeann dó agus chuaigh sé go Cluain Meala lena dhuais a bhailiú.

Ba ag an phointe seo, a d'éirigh leis an oifigeach sinsearach in arm Shasana (thuasluaite) pardún a fháil go díreach d'Éamonn an Chnoic Ó Riain agus ní bhfuair Ó Duibhir oiread agus pingin dá throiblóid.

An Draoi Rua

Seanfhocal na Seachtaine

Níl íseal ná uasal ach thíos seal is thuas seal .

Fágann sé sin nach bhfuil éinne níos fearr ná duine eile.

Gluais

cuimhneamh ...... remember

rápaire/eisreachtaí ...... highwayman / outlaw

bailitheoir cánach ...... tax collector

ar a theitheadh ...... on the run

Seacaibítigh ...... Jacobites

i gcruachás ...... in hardship

na húdarásaí ...... the authorities

brionglóid ...... dream

piseogach ...... superstitious


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland