Top Issue 1-2024

14 July 2005 Edition

Resize: A A A Print

Brí na Bóinne

BY AN DRAOI RUA

With the passing once more of the 12 July, An Draoi Rua delves into the mythology of the Boyne river.

Na cianta ó shin, deirtear go raibh tobar beannaithe áirithe i gcroílár na tíre ag na Tuatha Dé Danann. Bhí draíocht iontach bainte leis an tobar céanna agus is iomaí leigheas agus bua ar leith a bhí le fáil uaidh. Bhí taoisigh is ríthe na tíre in achrann lena chéile i gcónaí agus iad ag iarraidh seilbh iomlán a ghlacadh ar an tobar agus baineadh an oiread sin úsáid as go raibh sé beagnach tráite ar fad tráth.

Bhí comhdháil ag draoithe na tíre leis an ghéarchéim a phlé agus socraíodh nach mbeadh cead úsáid a bhaint as an tobar in am ar bith ach amháin dá mbeadh gorta ann. Lena chois sin, bhí cúram an tobair tugtha do mhuintir Neachtain le aire a thabhairt dó.

Bhí an tobar áirithe seo suite i lár choill darach. Ar an ábhar go raibh smacht curtha ar úsáid an tobair, líonadh le uisce arís é. Mar chomhartha ómóis, cuireadh ciorcal cloiche timpeall air agus leagadh clúdach óir ar pholl an tobair. Le imeacht ama, tharla go raibh dearmad déanta ag formhór na tíre ar an áit ina raibh an tobar lonnaithe. Choinnigh muintir Neachtain an rún dóibh féin go daingean.

I ndiaidh tamaill, bhí sé réitithe go raibh ar Neachtain an bhean óg Bóinn a phósadh de bharr bhrú pholaitiúil. Is mór an aois a bhí idir an bheirt agus is beag grá a bhí eadarthu.

Thug Bóinn faoi deara go ndeachaigh Neachtain is a dheartháracha chuig an tobar draíochta agus iomlán gealaigh ann ar mhaithe le searmanas éigin a cheiliúradh ann. Bhí Bóinn i dtólamh ag cur ceisteanna ar Neachtain i dtaobh an tobair agus í ag iarraidh cead dul ann ina chuideachta. Cé go raibh sí pósta leis, ní de mhuintir Neachtain í agus sin an fáth nach raibh cead aici dul leo.

Bhí Bóinn ceanndána go leor agus lean sí na deartháracha chuig an tobar i ngan fhios dóibh. Nuair a bhí an searmanas críochnaithe acu, chuaigh na deartháracha abhaile agus ghlac Bóinn an deis dul chomh fada leis an tobar. Bhí sí den tuairim go mbeadh an beatha síoraí bronnta uirthi dá n-ólfadh sí ón tobar. Nuair a shiúil sí a fhad leis an tobar, sceitheadh uisce amach as agus gortaíodh cos amháin is lámh amháin uirthi agus fágadh dall i súil amháin í. Ag an phointe seo, phléasc an t-uisce amach ón tobar agus thosaigh Bóinn ag rith chomh tiubh géar agus a thiocfadh léi. Cé go ndearna sí a seacht ndícheall éalú ón tsruthán uisce, lean an t-uisce í chun na farraige móire áit ar bádh í.

Tá 'bó' agus 'Fionn' mar bhunfhocail ag 'Bóinn'. Creidtear go raibh ómós nach beag tugtha don bhó in Éirinn riamh. Is é an bhrí atá leis an fhocal 'Fionn' anseo ná 'gile' nó 'críonnacht'. Mar sin de, is cosúil gur bhreathnaigh ár sinsir ar abhainn na Bóinne mar a bhíodh bó naofa ann ag scaoileadh le bainne go flúirseach ar fud na tíre.

Cuimhnítear go bhfuair Fionn Mac Cumhaill an bradán feasa ón Bhóinn fadó. Deirtear go fóill go mbíonn bua fhios na filíochta tugtha do éinne á ólann ón Bhóinn i mí an Mheithimh. Ar ndóigh, ba cheart a bheith cinnte nach bhfuil an t-uisce céanna truaillithe.

An Draoi Rua

Seanfhocal na Seachtaine

'Gach éinne ag cur a bhó féin thar abhainn'

Cé go mbíonn daoine áirithe den bharúil go bhfuil siad tuillteanach obair a dhéanamh ar son na cúise, is cinnte go mbíonn siad ag tabhairt aire dá gcúraimí féin ar dtús.

Gluais

beannaithe ........... blessed

in achrann le ......... in dispute with

comhdháil ............. convention

iomlán gealaigh ..... full moon

searmanas ............ ceremony

beatha síoraí ......... eternal life

bradán feasa ......... salmon of knowledge

truaillithe .............. polluted


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland