Top Issue 1-2024

30 June 2005 Edition

Resize: A A A Print

Gaeilge don Todhchaí: Leathnú seachas caomhnú

BY Cathal O Murchu

LE CATHAL Ó MURCHÚ

Níl aon amhras ann ach go bhfuil crosbhóthar tábhachtach sroichte ag an teanga Gaeilge le linn na blianta beaga anuas maidir le céard atá i ndán don Ghaeilge sa todhchaí. An dá thoradh a d'fhéadfaí a bheith i ndán ná bás nó saol. Tá tuairim is 5,000 teanga fós beo sa domhan i láthair na huaire ach maíonn saineolaithe teanga go bhfuil ar a laghad 80% acu i ndeireadh ré go huile is go hiomlán. Don míle teanga atá fágtha tá an fórmhór acu i mbaol báis le dóchas beag go mairfidh siad. Sa chomhthéacs seo, níl scéal na Gaeilge chomh dona sin sa chaoi go maítear go bhfuil i measc na trí chéad teanga is treise ar domhan maidir le líon cainteoirí (milliúin go leith go hoifigiúil) and stádas de.

Le déanaí tá céim ollmhór agus thar a bheith tábhachtach bainte amach ag an nGaeilge nuair a rinne an Aontas Eorpaigh teanga oibre oifigiúil di. Tharla sé seo in ainneoin an droim láimhe a thug lucht rialaithe na tíre seo don teanga náisiúnta thar na blianta, ach tar éis an feachtas Stádas ó Chonradh na Gaeilge agus iarrachtaí suntasacha ó baill an rialtais, mar shampla Éamonn Ó Cuív. Tá céimeanna eile bainte amach ag an nGaeilge ar nós bunú Foras na Gaeilge ar bhonn olloileánda i 1998, bunú Theilifís na Gaeilge (TG4) i 1996, bunú nuachtán Lá agus Foinse in 1996, bunú Raidió na Life i 1993, bunú Raidió na Gaeltachta i 1972 agus leathnú ollmhór amach ar chóras gaelscolaíochta ó na luath seachtóidí ar aghaidh. Tá an ghaelscolaíocht ach go háirithe thar a bheith tábhachtach chun bunús a thabhairt don athbh


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland