9 June 2005 Edition
Caoimhghín
St Kevin of Glendalough is among one of the saints of Ireland that has a wealth of folklore stories about him and whose feastday falls in June, writes AN DRAOI RUA
Is cuma cén dearcadh atá ag daoine ar an Chríostaíocht, caithfidh a admháil go bhfuil scéalta iontacha taobh thiar de na naoimh. Ní nach ionadh agus Críostaithe ag iarraidh dul i gcomórtas leis an chreideamh phágántach in Éirinn. Is cinnte go raibh bua na cruthaíochta ag na scríobhaithe a bhreac síos stair na naoimh agus níor ligeadh don fhírinne cur isteach ar scéal maith riamh.
Deirtear nár mhothaigh a mháthair pian ar bith nuair a saolaíodh é agus gur sin an fáth a tugadh 'Caoimh Ghin' air; gur rugadh é go séimh gan fadhb. Bhí dhá aingeal déag i láthair le lampaí óir lasta nuair a bháist Naomh Crónán é. Is cosúil go raibh sé beannaithe riamh óir tháinig bó bán go rúnda chuig an teaghlach ar mhaithe le bainne a sholáthar don leanbh. Ní amháin sin ach ní raibh a áit chónaithe sioctha ná faoi bhrat sneachta riamh le linn a óige.
Nuair a bhí Caoimhghin in aois fir, deirtear gur tháinig aingeal chuige agus é ag tabhairt treoracha dó gabháil go Gleann Dá Loch. D'iarr sé ar thaoiseach sa cheantar talamh a thabhairt dó le mainistir a thógáil ann. Rinne an taoiseach ábhar magaidh dó agus nuair a thug sé gé le sciathán gortaithe faoi deara dúirt sé go mbeadh sé sásta cibé talamh thar a d'eitil sé dó. Ag an phointe sin, d'éirigh an gé suas san aer agus d'eitil sé thart ar Ghleann Dá Loch ar fad.
Nuair a bhí an mainistir á thógáil, creidtear gur chuir Caoimhghin mallacht ar fhuiseoga gan a bheith ag canadh sa cheantar. Bhí na fuiseoga ag cur isteach ar an obair tógála agus iad ag canadh ró-luath ar maidin, rud a d'fhág na hoibrithe ró-thuirseach leis an obair a dhéanamh i gceart.
Chaith Caoimhghin a shaol i nGleann Dá Loch i mbun paidreacha, ag troscadh agus ag déanamh aithrí. Ba ghnách leis seasamh sa loch agus é ag guí óna leabhar naofa. Uair amhain, thit an leabhar óna lámh de thaisme ach d'éirigh le dobarchú greim a fháil air sular thit sé isteach san uisce. Ansin, bhí sé de nós ag an dobarchú bradán a thabhairt chuig an mhainistir gach lá. Bhí manach áirithe den bharúil go dtiocfadh leis láimhíní a dhéanamh as a chraiceann agus tharla nár tháinig an dobarchú ar ais arís. Dhíbir Caoimhghin an manach áirithe seo as an mhainistir nuair a thuig sé an méid a thit amach.
Ar feadh na blianta, níor ith Caoimhghin ach samhadh agus neantóga. Faraor, bhí sé de nós ag an naomh dul thar fóir leis an troscadh. Ba bheag nach bhfuair sé bás leis an troscadh uair amháin agus é in uaimh leis féin. Tháinig bó áirithe chuige le bainne a thabhairt dó agus é ar phointe a bháis. Creidtear go bhfuair an bó bua de bhainne toisc gur ghnách léi cosa an naoimh a lí gach maidin as sin amach.
Ba ghnách dó craicinn na n-ainmhíthe fiána a chaitheamh agus bhíodh sé ina luí ar carraigeacha loma san oíche. Ghlac sé móid aontumhachta air féin. Chreid sé go daingean sa mhóid áirithe seo. Deirtear gur thit bean áirithe i ngrá leis agus go ndearna sí a dícheall é a mhealladh. Ar ócáid áirithe amháin, sheas sí lomnocht os a chomhair ach chuir sé an ruaig uirthi le neantóga agus thit sí ón aill isteach sa loch agus bádh í. I leagan eile den scéal, d'éirigh léi éalú uaidh agus chaith sí a saol mar bhean rialta i gclochar as sin amach.
Deirtear gur chuir Caoimhghin an ruaig ar ollpheist a mhair sa loch is lú i nGleann Dá Loch. Tá leigheas le fáil ag duine ar bith a théann ag snámh sa loch beag ó shin agus tá an t-ollphéist fágtha chomh lag sin nach dtig leis duine daonna a ghortú a thuilleadh. Má thiontaíonn an t-ollphéist sa loch mór, áfach, éiríonn an t-uisce chomh hard leis na sléibhte ina thimpeall. Má fheiceann duine ar bith a leithéid, deirtear go bhfaighidh sé bás taobh istigh de sheachtain. Is iomaí míorúilt a rinne Caoimhghin, thug sé beatha do na marbháin fiú.
Bhí Caoimhghin iontach tugtha leis an dúlra fosta. Nuair a bhí sé ag guí ba ghnách do éanacha beaga teacht agus suí ar a ghuaillí, ar a sciatháin nó ar a lámha. I rith an charghais uair amháin, tháinig lon dubh agus rinneadh nead i mbos a láimhe. Ar an ábhar go raibh uibheacha ag an lon dubh sa nead, choinnigh Caoimhghin a lámh san áit ina raibh sé go dtí go raibh an charghas thart agus na héanacha beaga tagtha as na huibheacha.
Deirtear go bhfuair Caoimhghin bás timpeall na bliana 618 A.D. Is é 3 Meitheamh a lá Fhéile.
Seanfhocal na Seachtaine
'Go maire tú an céad agus bliain chun aithrí!'
Is beannacht é seo do leanbh nua-beirthe. Ní fios cá fhad a mhair Caoimhghin ach creidtear go ndearna sé a sháith aithrí.
Gluais
bua na cruthaíochta gift of creativity
caoimh gentle
gin birth
ábhar magaidh subject of mockery
dobarchú otter
samhadh sorrel (dockings)
móid aontumhachta vow of celibacy
lomnocht nude
carghas lent