Top Issue 1-2024

7 April 2005 Edition

Resize: A A A Print

Niall Naoi-Ghiallach

Pope John Paul II may have come to Ireland in 1979 but many believe that Niall of the Nine Hostages was indirectly responsible for firstly bringing Christianity to our shores, writes AN DRAOI RUA

Creidtear gur de mhuintir Chonnachta Niall ó dhúchas. Tuigtear go raibh an clú céanna ar a athair agus a bhí air fein maidir le sclábhaithe a ghlacadh agus é ag tabhairt ruaig creiche faoin Bhreatain go rialta. In ruaig ar leith, deirtear gur ghoid an t-athair bean áirithe mar sclábhaí agus gur choinnigh sé í mar bean leapa dó féin.

Ardrí na hÉireann a bhí ina athair agus bhí ceithre mhac aige eile lena bhean cheile, Mongfhind. Ba é Niall an cúigiú mac a bhí aige lena bhean leapa Caireann. Bhí an oiread sin éad ag Mongfhind ar Chaireann gur choinnigh sí í faoi chruachás i rith a saoil. Fiú agus Caireann ag iompar clainne le Niall, tuigtear go raibh uirthi uisce a iompar ón tobar go fóill. Ní amháin sin ach nuair a bhí Caireann i dtinneas clainne amuigh faoin spéir, níor thug éinne cuidiú di ar eagla roimh Mhongfhind agus saolaíodh Niall ar a mbealach ar ais ón tobar. Bhí fiacha dubha ag bailiú thart ar an leanbh nuair a tháinig an file Torna ar an láthair. Ghlac Torna an leanbh leis agus tógadh é ina chuideachta. Nuair a bhí Niall in aois fir, d'fhill sé ar Theamhair na Ríthe agus thug sé Caireann leis sa dóigh is nach raibh obair an sclábhaí le déanamh aici a thuilleadh.

Creidtear go raibh comórtas mór idir na mic nuair a fuair an t-athair bás agus duine le roghnú le bheith mar Ardrí. Bhí Síthcheann an draoi mar bhreitheamh orthu. Dúirt Síthcheann leis na mic go raibh sé i gceist aige teallach an ghabha a chur trí thine agus gur chóir dóibh na rudaí is luachmhaire a shábháilt. D'iompar siad uilig uirlisí éagsúla amach as teach an cheárta ach d'iompar Niall an inneoin féin amach. Dúradh go raibh an rud is luachmhaire sábháilte ag Niall. San am céanna, ní dóigh liom féin go dtiocfadh le tine móran dochair a dhéanamh d'inneoin.

I gcomórtas eile, bhí seanchailleach gránna ag cosaint tobair agus iarradh ar na mic uisce a fhail ón tobar. Dúirt an seanchailleach gránna leo nach mbeadh sí tuillteanach uisce ar bith a thabhairt dóibh ach amháin dá mbéarfadh duine acu póg di. Bhí an chailleach chomh gránna sin gur dhiúltaigh na mic eile dul in aice léi. Chuaigh Niall a fhad léi agus thug póg di ar a béal agus luigh léi ar an fhéar. Thiontaigh sí ansin ina spéirbhean álainn agus dúirt gurbh í 'bua na ceannasaíochta'. Ní mór an t-ionadh ansin gur roghnaíodh Niall mar Ardrí na hÉireann.

Creidtear gur chaith Niall an chuid is mó dá chuid ama ag taisteal go tíortha eile le ruathar a dhéanamh orthu. Tuigtear go raibh sé ag tabhairt ruaig creiche faoin Bhreatain, faoin Bhriotain agus faoin Iodáil fiú amháin. Cuireadh Niall Naoi-Ghiallach mar leasainm air mar chomhartha ómóis den chumhacht a bhí aige chan amháin in Éirinn ach thar lear. Glactar leis go raibh naoi ngiall aige, duine as gach cúige, Albanach, Sasanach, Briotanach agus Francach. Cinnte, bhí ar a laghad sclábhaí amháin iontach clúiteach aige óir creidtear gur ghlac sé Pádraig mar ghasúr go hÉirinn leis. Ar ndóigh, tháinig Pádraig chun na tíre ag an phointe seo in éadan a thola agus d'éalaigh sé ar ball ó Shliabh Mís. D'fhill sé arís mar Naomh arís i ndiaidh dó 'Glór na nGael' a chloisteáil.

Tuigtear go raibh Eochu, mac Rí Laighin, in achrann le file de chuid Néill agus i ndeireadh na dála maraíodh an file. Díbríodh Eochu as Éirinn dá bharr. Go luath ina dhiaidh sin, bhí Niall féin in Alban agus é le cruinniú a bheith aige le rí Albanach ann. Ar a bhealach, deirtear gur scaoileadh Niall le saighead ó Eochu agus é ar deoraí ansin. Bhí an oiread sin brón ar Thorna, (file Néill a bhí mar chara dó ó shaolaíodh é), gur thit sé marbh ar an toirt nuair a chuala sé an scéal.

Creidtear go bhfuair Niall Naoi-Ghiallach bás timpeall na bliana 454 A.D. ach tuigtear go raibh muintir Uí Néill i gcumhacht le haghaidh sé chéad bliain ina dhiaidh sin.

Gluais

sclábhaithe slaves

ag tabhairt ruaig creiche raiding

bean leapa concubine

i dtinneas clainne in the pains of labour/birth

teallach an ghabha/teach an cheárta forge

inneoin anvil

bua na ceannasaíochta gift of sovereignty

ruathar raid

leasainm nickname

saighead arrow

deoraí exile

Seanfhocal na Seachtaine

'Is é fear na fianaise is mó a fheiceann achrann.'

Is iomaí achrann a bhí le feiceáil in Éirinn roimh aimsir Uí Néill agus ó shin


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland