Top Issue 1-2024

31 March 2005 Edition

Resize: A A A Print

Amadán Aibreáin

Apparently there are Celtic, Roman and Christian foundations to celebrating April Fool's Day, writes AN DRAOI RUA

Mar phoblachtánaithe, bíonn muid i gcónaí ar aire agus muid faoi thionchar ag na meáin cumarsáide. Ar an ábhar go bhfuil rud eigin le léamh sa nuachtán nó le cloisteáil ar an raidió nó ar an teilifís, tá a fhios againn go maith nach ionann sin is a rá go bhfuil sé fíor. 1 Aibreán, áfach, bíonn muid ag siúl le bréaga a chloisteáil ar mhaithe leis an ghreann.

Tuigtear go raibh féile ag ár sinsir Ceilteacha in ónóir 'Lud', dia an ghrinn. Tharla an fleá seo nuair a bhí deireadh ag teacht leis an gheimhreadh agus díreach i ndiaidh ghrianstad an earraigh. Creidtear gur mhair sé idir 25 Márta agus 1 Aibreán.

Bhí féile mar a gcéanna agus ag an am céanna ag na Rómhánaigh. 'Hilaria' an t-ainm a bhí ar an fhleá a bhí acu féin.

Lena chois sin, b'fhéidir go bhfuil bunús de shaghas éigin ag amadán Aibreáin ins sa scéal fán bhó riabhach. Thosaigh an bhó ag ceiliúradh go raibh mí an Mhárta thart agus í den tuairim go mbeadh sí i gceart agus biseach ag teacht ar an aimsir dá bharr. Chuala mí an Mhárta an méid a dúirt an bhó agus ghlac sí cúpla lá ar iasacht ó mhí Aibreáin. D'éirigh le mí an Mhárta teacht ar ais ar feadh trí lá leis an sioc is an fhuacht agus mharaigh sí an bhó riabhach. Ar an ábhar sin, cuirtear na 'Laethanta Riabhaigh' ar an chéad chúpla lá de mhí Aibreáin.

Ar an dóigh céanna, seans go raibh amadáin den bharúil nach raibh gá dóibh a bheith buartha fá chruachás an gheimhridh i ndiaidh ghrianstad an earraigh. Cinnte, cuimhníodh fosta nach mbíodh mórán fágtha sa stóras ná mórán eile ag fás go fóill. Ní nach ionadh gur chuir muintir Oileán Mhanannán 'Mí an Ocrais' ar Aibreán.

Cuireann muintir na Fraince 'Poisson d'Avril' (iasc Aibreáin) ar amadán Aibreáin. Ní fios go cinnte cad chuige ach creidtear go bhfuil bunús de shórt éigin i tréimhse 'Pisces' na bliana. Tuigtear go bhfuil 'Pisces' thart ag an am seo ach bíonn an t-amadán i dtólamh rud beag mall.

Maise, is féidir a rá go bhfuil bunús Críostaíochta leis an phleidhcíocht ar 1 Aibreán. Tá teoiric amháin a chreideann go bhfuil amadán Aibreáin fréamhaithe i bpaisean Chríost, go raibh na saighdiúirí Rómhánacha ag spochadh as sular céasadh é. Fiú agus é ar an chros, bhí daoine eile ag magadh faoi. Caithfidh a rá, áfach, nach chuirfeadh a leithéid fonn maith ar dhuine le bheith i mbun cleasaíochta is araile.

Ta tuairim eile ag Críostaithe go bhfuil an pleidhcíocht, an chraic agus an súgradh ar fad bunaithe sa cheiliúradh na Cásca a thágann i ndiaidh staonaireacht an Charghais.

Cibé bunús staire atá le 'Amadán Aibreáin', tá súil agam go mbeidh cúis gáire againn uilig.

Gluais

grianstad an earraigh Spring Equinox

riabhach speckled

biseach improvement

pleidhcíocht foolery

cleasaíocht trickery

staonaireacht an Charghais self denial of Lent

feirc a tilted cap

Seanfhocal na Seachtaine

'Trí chomhartha an amadáin:

fead, feirc is fiafraí.'

Gach seans go bhfuil ár gcomharthaí féin againn ar amadáin ach bígí ar aire!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland