Top Issue 1-2024

31 March 2005 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh Shinn Féin 2005

Tharla Slógadh Shinn Féin 2005 i mbliana i nGaoth Dobhair ar an deireadh seachtaine 18ú - 20ú Márta.

Bhí scoth den craic agus plé ag an ócaid le daoine ón tuaisceart agus an deisceart agus fearadh na fáilte romhainn ón phobal Gaeltachta áitiúil.

Bhí go leor iarrthoírí Shinn Féin i láthair idir daoine atá tófa agus cuid eile ag súil go mbeidh roimh i bhfad. Ina measc siúd Bairbre de Brún, Aengus ó Snodaigh agus Piaras Ó Dochairthigh is Séan Mac Giolla Cheara. Chomh maith leo bhí Grainne Mhic Chéidigh a thóg sos ón canbhasáil, Mairéad Uí hAdhmaill, Séan Ó Loinsigh agus Caoimhin Mac Giolla Mhín atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla i gceann sé seachtaine.

Ar na príomh-imeachtaí den slógadh bhí léacht ar stair Shinn Féin le Pádraig Ó Snodaigh, turas áitiúil iontach le Noel Ó Gallachóir, díospoireacht ar 'forbairt na nGaelscoileanna agus stáid na nGaeltachtaí' agus séisiún thar a bheith maith de 'Ceisteanna agus Freagraí'.

Mar a tharla sé thit an Slógadh i lár feachtais toghcháin don Údaras agus dá réir sin, gabh daoine a leithscéal nach dtiocfadh leo freastal ar an deireadh seachtaine ó na Gaeltachta ina mbeidh iarrthóiri ag seasamh do Shinn Féin - 'sé sin Conamara agus Rath Carn.

Beidh tabhacht níos práinní leis an chéad Slógadh eile san athbhliain agus ionadaíocht Sinn Féin ar an Údaras don chéad uair riamh. Tá cuid againn ag súil go mór leis sin cheana féin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland