Top Issue 1-2024

23 March 2005 Edition

Resize: A A A Print

Sinn Féin: 100 d'aois

Arthur Griffith

Arthur Griffith

Many republicans may have noticed by now that this year Sinn Féin is commemorating reaching the grand age of 100. Here, AN DRAOI RUA takes the opportunity to look at the historical foundation of the political party.

"For the Orangeman of the North, ceasing to be the blind instrument of his own as well as his fellow-countrymen's destruction, we have the greeting of brotherhood as for the Nationalist of the South, long taught to measure himself by English standards and save the face of tyranny by sending Irishmen to sit impotently in a foreign legislature whilst it forges the instruments of his oppression".

Arthur Griffith, Samhain 1905.

'Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, cuireadh tús le réabhlóid na hÉireann', is ráiteas clúiteach é seo ó Phádraig Mac Piarais. Cuimhnímid gur i 1893 a bunaíodh Conradh na Gaeilge féin, go raibh a lan gluaiseachtaí eile ag forbairt is ag fás i rith an ama chomh maith.

Is cosúil go raibh athbheochan i ngnéithe cultúrtha na hÉireann ag deireadh an 19ú haois. Ní amháin go raibh Conradh na Gaeilge gníomhach ach bunaíodh an Cumann Lúthchléas Gael i dtaca an tréimhse céanna agus bhí gluaiseacht iontach forbartha maidir le litríocht agus drámaíocht na tíre agus béim láidir anois curtha ar thréithe dhúchasacha na hÉireann.

Is cosúil gur chothaigh na gluaiseachtaí cultúrtha seo féin-mhuinín agus misneach i bpobal na tíre ag an am agus bhí fás nach beag le sonrú i ngluaiseachtaí eile in Éirinn. Tuigtear go raibh dul chun cinn ag tarlú i dtalmhaíocht agus i dtionsclaíocht na tíre. Ní amháin sin ach bhí na ceardchumainn ag éirí níos láidre agus ba chosúil go raibh gluaiseacht na mban spreagtha fosta agus a leithéid de 'Inghníne na hÉireann' ag teacht chun tosaigh.

Bhí a lán irisí agus nuachtáin éagsúla scaipithe ar fud na tíre ag tús na haoise seo chaite. Creidtear gurbh é an 'United Irishman' ar an nuachtán is tábhachtaí i measc na foilseacháin seo. Bhí Arthur Griffith mar eagarthóir ar an nuachtán áirithe seo agus réimse leathan ábhair ar fáil ann: filíocht, scéalta, drámaíocht, aistí agus taighdí éagsúla.

Is ins sa chúlra seo ar fad a bunaíodh an pairtí polaitíochta 'Sinn Féin'. Caithfidh a admháil nach 'Sinn Féin' an t-ainm a bhí ar an ghrúpa a thainig le chéile sa Rotunda i mBaile Átha Cliath 28 Samhain 1905. Cuireadh 'Comhdháil Náisiúnta' ar bun ar an lá úd. Ba iad na daoine a bhí i láthair agus a bhí mar bhaill ar an Chomhdháil Náisiúnta ná: Arthur Griffith, Maud Gonne Mac Bride, Alderman Tom Kelly, Henry Dixon, Seamas Mac Manus agus Edward Martyn. Bhí sé mar aidhm ag an Chomhdháil Náisiúnta teachtaí Westminster a tharraingt ar ais go hÉirinn agus Dáil sealadach a bhunadh in Éirinn. Bhí pleananna móra leagtha amach ar mhaithe leis an náisiún a eagrú. In ionad 'United Irishman', bhí 'Sinn Féin' anois seolta mar nuachtán polaitiúil seachtainiúil. Deirtear gurbh í Máire De Búitléar a cheap an t-ainm 'Sinn Féin' ar dtús.

Bhí Arthur Griffith mar eagarthóir ar an nuachtán seo. Bhí leathanaigh líonta le smaointe forleathan i dtaobh fhorbairt an náisiúin i ngach uile gné den saol: eacnamaíocht, tionsclaíocht, socheolaíocht, litríocht agus a lán eile. Cé go raibh cuma ar an ghluaiseacht poblachtánach go raibh siad ina gcodladh sna blianta seo roimh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí díospóireacht leanúnach ag dul ar aghaidh i measc an phobail i rith an ama.

Bhí deis ag léitheoirí 'Sinn Féin' tuairimí concréiteacha is criticiúla a fhorbairt agus sliochtanna is altanna ar réimse ábhair le léamh acu. Ba chosúil go raibh a lán dul chun chinn agus ceachtanna foghlamtha ó na héirithe amach i 1798, 1848 agus ó 1867.

Bhí pleananna ó aimsir na Young Irelanders forbartha don aois nua agus iad nochtaithe anois i 'Sinn Féin'. Mar shampla: chonacthas go raibh sé i gceist earraí ghallda a chaitheamh ar leataobh sna duganna ar mhaithe le tionsclaíocht na hÉireann a chosaint. Bheadh pobal na tíre spreagtha le tacaíocht a thabhairt don tionsclaíocht dúchasach. Bheadh cúirteanna dá chuid féin bunaithe le dlí na tíre a chur i bhfeidhm. Bhí cuspóirí leagtha amach le haghaidh smacht a ghlacadh ar gach uile rud sa tsochaí, fiú le bancanna a bhunadh agus airgead reatha dá chuid féin a chruthú 'Gael'.

Níl amhras ar bith ann ach gur thug Arthur Griffith treoir agus ceannasaíocht den scoth sna blianta seo. Is cosúil gur duine an-díograiseach ar fad a bhí ann agus nár bhrath sé mórán ar dhaoine eile. Tuigtear go bhfuair sé ionspioráid ó éachtraí a thit amach san Ungáir agus an dóigh a d'éirigh le muintir na tíre ansin neamhspléachas a bhuachaint dóibh féin i 1867 trí cheannasaíocht 'Deak' agus i ndeireadh na dála ghéill rialtas na Ostaire dóibh.

Bhí forbairt nach beag ar an ghluaiseacht poblachtánach ag tús na haoise seo chaite agus ba léir go raibh sé ina chumas dul i bhfeidhm ar mhuintir na tíre. Ar an drochuair, is dócha go bhfuil dearmad déanta ag Fianna Fáil, Fine Gael is araile go bhfuil a bpáirtithe féin fréamhaithe sa ghluaiseacht céanna. Cinnte, ba cheart do gach uile dream acu céad bliain de 'Sinn Féin' a chomóradh.

Gluais

athbheochan revival

gnéithe aspects

tréithe characteristics

gluaiseachtaí movements

foilseacháin publications

sealadach provisional

eagarthóir editor

socheolaíocht sociology

díospóireacht debate

ceannasaíocht leadership

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní thagann ciall roimh aois.'

Caithfidh gach duine a admháil go bhfuil ciall ceannaithe ag Sinn Féin thar na blianta.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland