Top Issue 1-2024

17 February 2005 Edition

Resize: A A A Print

An Iaráic i ndiaidh an Toghcháin

After looking at the results of the election in Iraq, it's hard not to learn a few lessons from Vietnam and to speculate what might happen in the future, writes AN DRAOI RUA

Is iontach an méid rúille búille a bhí déanta sna meáin i ndiaidh an toghcháin san Iaráic 30 Eanáir le déanaí. Dúradh linn gur iontach an bua a bhí ann don daonlathas agus cuireadh in iúl go raibh gach éagóir curtha ina ceart. Cinnte, bhí an port céanna cloiste againn cheana féin - i Vítneam.

4 Meán Fómhair 1967, bhí scéalta scaipithe sna meáin ar fud SAM ag rá gur iontach an rud é gur éirigh le 83% de dhaonra na tíre vótaí a chaitheamh sa toghchán ansin. Ar ndóigh, bhí iarracht ollmhór a dhéanamh ag fórsaí mhíleata SAM dallamullóg a chur ar an domhan mhór agus iad ag maíomh go raibh siad ann ar mhaithe le muintir Vítneam.

Anois, agus an méid bolscaireachta a bhí le léamh, le cloisteáil is le feiceáil ar na mallaibh, shílfeá go raibh saoirse iomlán bainte amach ag muintir na hIaráice agus gur dream carthanachta iad SAM agus Sasana.

Bhí neart figiúirí éagsúla scaoilte chuig na meáin i dtaobh an toghcháin seo. Dúradh ar dtús go ndeachaigh 72% de dhaonra na tíre amach le vóta a chaitheamh. Ar ball, insíodh dúinn gur chaith 57% dóibh siúd a bhí cláraithe le vótaí a chaitheamh a ngutha. Cinnte, is iontach an méid 57% de 14 milliún ach cad fá na daoine ar fad nach bhfuair vóta. Tá uimhreacha suimiúla againn i dtaobh mhuintir na hIaráice thar lear. Tuigtear go bhfuil thart fá 4 milliún Iaráicigh ar dheoraíocht. Chláraigh 280,000 acu siúd le vótaí a chaitheamh ach i ndeireadh an lae bhain 265,000 úsáid as na vótaí sin.

Tá roinnt pointí eile i dtaobh an toghcháin ar cheart dúinn a chuimhneamh:

• Bhí breis agus 70 páirtí polaitiúla ag glacadh páirte ann.

• Ní raibh dream ar bith idirnáisiúnta neamhspléach ag breathnú ar an toghchán.

• Bhí an toghchán féin cáinte ag Ionad Carter i SAM.

• Ní raibh a fhios ag formhór an phobail cé a bhí ag seasamh.

• Bhí airgead mór caite ag SAM ar ionadaithe áirithe.

• Ghlac sé coicís na vótaí a chomhaireamh sula raibh torthaí againn.

• D'eagraigh fórsaí SAM an toghchán

Caithfidh a rá go mbeidh sé suimiúil anois feiceáint cad é mar a thitfeas cúrsaí amach.

Tuigtear gur roghnaigh pobal Sunni baghcat a dhéanamh ar an toghchán toisc nár chreid siad ann ar chor ar bith.

Ar an lámh eile, chuaigh pobal Shia amach le vótaí a chaitheamh agus d'éirigh leo 48% den vóta a fháil. Creidtear go ndeachaigh an oiread sin de mhuintir Shia amach le vótaí a chaitheamh toisc go ndúirt a gceannaire, Ayatollah Sistani, leo go mbeadh an toghchán ar an chéad chéim le ruaig a chur ar fhórsaí mhíleata SAM agus Shasana.

D'éirigh le muintir Kurdistan thart fá thrian den vóta a fháil agus iad den tuairim gur féidir leo rialtas féin-riail a bhunadh.

Ní thiocfadh a rá go raibh an oiread sin tacaíochta acu siúd a thacaíonn le fórsaí Mheiriceá is Shasana.

Le fírinne, cén cineál cumhachta a bheas ag an rialtas nua seo san Iaráic. B'fhéidir go mbeidh cead cainte acu i halla éigin ach nach mbeidh siad ábalta a gcuid tuairimí a nochtadh go hidirnáisiúnta na a dhath ar bith a dhéanamh. Ba é an rud a dúirt Condolezza Rice le déanaí ná go mbeidh 150,000 saighdiúirí Mheiriceá ag fanacht sa tír go dtí go mbeidh muintir na hIaraice ábalta an jab céanna a dhéanamh. De réir cosúlachta, tá na fórsaí céanna ag déanamh réidh le fanacht sa tír ar feadh i bhfad eile agus dúnta is foirgnimh ollmhóra a thógáil acu ann.

Ag na am céanna, tá teachtaireachtaí measctha á scaoileadh acu chuig na meáin agus iad ag cothú míthuiscint maidir le cúrsaí na tíre. Ní amháin sin, ach is cosúil go bhfuil gach iarracht a dhéanamh acu easaontas a chothú idir na pobail éagsúla sa tír ar mhaithe le leithscéal a chruthú dóibh féin fanacht sa tír. 'Divide and Rule' a bhí mar cleachtadh oibre ag an dream impiriúlach riamh.

Caithfidh a admháil, áfach, go bhfuil muintir na hIaráice uilig (Sunni, Shia, Kurdistan is eile) den tuairim gur cheart do Mheiriceá agus Sasana tír s'acusan a fhágáil.

Seanfhocal na Seachtaine

"Chonaic mé cheana tú" mar a dúirt an cat leis an bhainne te.

Tá ceachtanna éagsúla foghlamtha againn ó chúrsaí eile a thit amach ach cé go bhfuil a fhios againn go mbeidh meancóga uafásacha móra déanta san am atá le teacht, leanfar ar aghaidh.

Gluais

toghchán election

rúille búille uproar

daonlathas democracy

carthanacht charity

comhaireamh count

easaontas dispute

impiriúlach imperialist


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland