Top Issue 1-2024

10 February 2005 Edition

Resize: A A A Print

Tóg go Bog é!

Ronan Ó Snodaigh

Ronan Ó Snodaigh

The 'Tóg go bog é!' philosophy has become a bit of a luxury in modern day Ireland or is it that it's not quite understood, asks AN DRAOI RUA

'Tóg é go bog é

Glac é go réidh

Tóg é go bog é

Ná bí ag troid leat féin

Tóg é go bog é

Glac é go réidh

Tóg é go bog é

Tochail go doimhin ionat féin.'

- Rónán Ó Snodaigh, Kíla

Mothaíonn neart againn faoi bhrú na laethanta seo. Tá a lán dualgasaí is cúraimí eile le comhlíonadh ag gach uile duine agus is cosúil nach bhfuil go leor ama ag duine ar bith againn na spriocanna éagsúla a chur i gcrích.

Is dócha go bhfuil an frása 'Tóg go bog é!' cloiste ar fud na tíre ach cá mhead againn atá ábalta an fhealsúnacht seo a leanstan.

Sa lá atá inniu ann, is cosúil go bhfuil cuspóirí agus aidhmeanna níos tábhachtaí ag daoine ná mar a bhí riamh. Ní amháin sin, cé nach n-iarrtar ar dhaoine níthe áirithe a dhéanamh go dtí amárach, creidtear gur cheart an rud a bheidh déanta inné. Cuireann daoine spriocamanna dódhéanta orthu féin is ní mór an t-ionadh é go mothaíonn siad faoi strus ollmhór.

Fiú, nuair atáimid ag dul ar laethanta saoire, bíonn daoine ag gearán fán turas féin agus iad ag déanamh a seacht ndícheall ceann scríbe a bhaint amach chomh gasta agus is féidir. Is cosúil mar sin gur ualach mór an turas is nach bhfuil sé mar chuid de na laethanta saoire ar chor ar bith. Níl meas ar na háiteanna, na daoine, an timpeallacht ná a dhath eile idir A agus B. Sin é, caithfidh B a shroicheadh chomh tiúbh géar is a thiocfadh leo agus pilleadh ar A go sciobtha.

I mbéaloideas na tíre seo, bhí ard-mheas riamh ar gach cinéal turas. Mar a tharlaíonn sé is ionann an focal 'turas' agus 'oilithreacht'. D'inis ár sinsir a lán scéalta ar thurasaí éagsúla. Cinnte, tuigtear gurbh é 'Navigatio Sancti Brendani' an chéad scéal a bhreac na manaigh síos. Faraor, níorbh iad na laochra is na gaiscígh gaelacha amháin a bhíodh ag taisteal óir tá a leithéid ar fáil i mbeagnach achan cultúr ar fud na cruinne.

Tá an domhan ag éirí níos lú nuair a chloisimid daoine ag tabhairt amach go mbíonn orthu suí síos in eitleán ar feadh cibé uair a chloig nuair b'eachtra iontach an turas céanna a dhéanamh trasna na farraige nó trastíre na blianta romhainn. Is deacair comparáid a dhéanamh eadarthu.

I láthair na huaire, feictear go bhfuil claonadh ag daoine cibé rud a dhéanamh chomh gasta agus is féidir is ní bhaintear an oiread sin pléisiúr as an ghníomh féin. B'fhearr le daoine greim gasta a ithe in ionad am a chaitheamh le cócaireacht a dhéanamh. B'fhéidir go bhfuil an dearcadh céanna ag duine mar seo ar gach uile rud ina chuid oibre nó ina shaol. Leanfaidh sé leis na tuairimí seo go mbainfear an ceann scríbe deireanach amach - an bás. Ansin, cuirfidh a mhuintir ceist, 'Ar bhain mo dhuine sult as an tsaol?' Is dócha gurb é an freagra ná: 'Áaa, ní raibh an t-am aige'.

Ar ndóigh, tá a mhalairt iomlán ar an scéal seo is daoine ann a théann thar fóir leis an fhealsúnacht 'Tóg go bog é!' Seá, tá an saol chomh bog sin ar dhaoine áirithe go bhfuil sé de phribhléid acu é a chaitheamh ar an tolg is roghnaíonn siad a dhath ar bith a dhéanamh ach cnaipí a bhrú. Ar ndóigh, níl saol ar bith acu siúd.

Seanfhocal na Seachtaine

'Dá fhaid é an lá tagann an oíche, dá fhaid é an samhradh tagann an geimhreadh.'

Ba cheart dúinn cuimhneamh nach maireann rud ar bith ach seal is ba chóir an méid seo a thuiscint agus iarracht a dhéanamh taitneamh a bhaint as.

Gluais

spriocanna aims/objectives

cuspóirí aims/objectives

aidhmeanna aims/objectives

ualach burden

eachtra adventure

cócaireacht cooking


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland