Top Issue 1-2024

20 January 2005 Edition

Resize: A A A Print

Éire -- 2025

Looking forward to the year 2025 has been a bit of a pastime throughout the media of late. Although it seems to be inferred that people in general play a passive role, AN DRAOI RUA likes to think that we all can play a constructive part in building a better future.

Cad é atá i ndán dúinn in Éirinn sa bhliain 2025? An mbeidh Éire saor gaelach againn?

Caithfidh a rá go raibh go leor tuairimí nochtaithe ag iriseoirí éagsúla sna meáin an mhí seo agus iad ag tuar forbairtí móra i dteicneolaíocht, athraithe nach beag ar an timpeallacht agus araile. Cinnte, bhí neart tairngreachtaí ag na saineolaithe seo agus mhothaigh mé nach raibh le déanamh ag an phobal i gcoitinne ach suí siar agus fanacht. Le fírinne, áfach, cén ról atá againn inár dtodhchaí féin nó an bhfuil sé uilig leagtha amach ag na húdaráis dúinn.

Ta fealsúnacht ar leith de mo chuid féin agam ar an ábhar. Is maith liom smaointiú ar an todhchaí agus é a chur i gcomparáid le turas áirithe ullmhaithe ag duine. De ghnáth, bíonn pleananna de shaghas éigin leagtha amach ag an duine don turas ach ní bhíonn a fhios aige/aici cad go díreach a bheas le titim amach ar an bhealach. B'fhéidir go mbeidh constaicí éagsúla ann, go mbeidh fonn ar an té stopadh le bláthanna a thógáil nó go dtarlóidh rud éigin iontach spéisiúil sula mbainfear amach ceann scríbe (Ar ndóigh, ní i gcónaí a éiríonn le duine ceann scríbe a bhaint amach).

Is cuimhin liom a bheith ag comhdháil sna ochtóidí agus ba é téama an seisiúin ná 'Éire Saor Gaelach roimh 2000'. Ba é an cheist ba mhó a bhuail mé ag an am ná cad is brí le 'Éire Saor Gaelach' dúinn? Maith go leor, glacaimid leis nach mbeidh saighdiúirí Sasanacha ar bith in Éirinn ach cén cinéal tír a bheas tógtha againn agus iad ar shiúl?

Creidtear go bhfuil neamhspléachas de shórt ar fáil sna Sé Chontae is Fiche inniu. I ndáiríre, áfach, tá meon an cailín aimsire ar mhuintir na tíre agus iad go mór faoi thionchar dhearcaidh iar-choilíneach. Tuigtear go bhfuil gach rannóg rialtas is gach uile institiúid sa stát ag feidhmniú mar chóip de na córais atá leagtha amach ag na hiar-mháistrí i Sasana.

Faraor, tá sé thar am do phobal na tíre ar fad obair bhaile a dhéanamh agus córais nua a thógáil ina mbeidh cothrom na Féinne ar fáil do chách. Tá saoirse is cearta de dhíth ag gach uile saoránach is ba chóir go mbeidh sé de chuspóir againn deireadh a chur le gach raon den seicteachas is ciníochas atá ar fud fad na tíre fá láthair. Cuirfimid feabhas den scoth ar an córas sláinte is ar an córas oideachais agus déanfaimid iarracht na flaithis a chur ar thalamh. Sea, muna bhfuil brionglóidí is aislingí againn, ní fiú a bheith beo.

Maidir le forbairt na teicneolaíochta, tá súil agam go mbeidh sé ar son ár leasa cibé. Tá gach inneall is giuirléid ar leith úsáideach ach guím nach mbeidh na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh ag brath an iomarca orthu. Mar shampla, is mór an difear atá idir Éire inniu agus 1985 maidir le córais cumarsáide; ríomhairí, ríomhphostanna, láithreáin idirghréasáin, gutháin pócaí, seinnteoirí DVD... Is iomai athrú atá feicthe againn ach cé mhéad cumarsáid a dhéantar idir dhaoine i ndáiríre sa lá inniu. Ní dóigh liom féin go bhfuil na náscanna céanna idir chomharsana. Níl mé ag moladh gur cheart dul siar chuig na seanlaethanta ach ba cheart dúinn srian a choinneáil ar gach uile giuirléid teicneolaíochta is a dhéanamh cinnte nach bhfuil muidne faoi smacht acu.

Cé go bhfuil drochscéalta á thuar ag iriseoirí maidir le timpeallacht na cruinne is daoine ar fud an domhain i gcruachás, ní ghá go mbeidh na tubaistí ar fad i ndán dúinn. Tá spriocanna domhanda leagtha amach ag eagraíochtaí carthannachta cheana le deireadh a chur le bochtanas agus cothromas a chothú idir phobail. Ní amháin sin ach tá pleananna maithe sa chonradh Kyoto is ag grúpaí timpeallachta le aire cheart a thabhairt do gach saghas beatha sa domhan. Ar ndóigh, tá cuid mhór ag brath ar an phobail idirnáisiúnta ach cén ról a bheas ag ár leithéidí.

Seanfhocal na Seachtaine

'Fiche bliain ag fás,

Fiche bliain faoi bhláth,

Fiche bliain ag meath

agus fiche bliain gur cuma ann nó as.'

Ma tá an t-ádh ar dhuine maireachtáil, seo mar atá an saol leagtha amach.

Gluais

tairngreacht prophecy

saineolaithe experts

fealsúnacht philosophy

constaicí obstacles

comhdháil conference

neamhspléachas independence

iar-choilíneach post colonial

seicteachas sectarianism

giuirléid gadget


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland