Top Issue 1-2024

21 October 2004 Edition

Resize: A A A Print

Trí Ghearradh ar an Ghaeilge!

There have been three separate onslaughts on the Irish language within a week, relating to Lá, TV and the Gardaí, writes AN DRAOI RUA

Taobh istigh de sheachtain amháin, bhí trí ionsaí éagsúla ar an Ghaeilge le plé againn. Chuaigh an Tiarna Laird i gcomhrac le Lá, gearradh 40% de chiste léirithe teilifíse sna Sé Chontae is bhí an t-Aire Michael Mac Dubh Ghaill i mbun iarrachtaí riachtanas na Gaeilge a bhaint ó na Gardaí Síochána.

1. Tá an nuachtán laethúil 'Lá' fiche bliain ar an fhód anois agus in ionad a bheith i mbun ceiliúradh agus an sprioc sin bainte amach acu, tá feachtas tosaithe ag lucht an nuachtáin a gcuid postanna a shábháilt.

Ní nach ionadh go bhfuil dearcadh cúng-aigeanta na n-Aontachtach taobh thiar de na hionsaithe seo ar 'Lá'. Bhí an Tiarna Laird ag cur i gcéill go raibh sé ag iarraidh cothrom na Féinne a fháil do Albainis Uladh l'ionsaí mar seo ar lucht na Gaeilge. Creideann sé nár chóir don nuachtán tacaíocht airgid a fháil ón stát is dúirt sé gur 'bagairt do shaoirse an phreasa' an tacaíoocht céanna.

Níorbh é gur thosaigh an Tiarna Laird ar an fheachtas seicteach seo seachtain ó shin. Tá lucht Bhord Albainis Uladh ag iarraidh an méid céanna airgid a fháil ón stát is a fhaigheann grúpaí Gaelacha le fada an lá. Deir an Bord nach bhfuil cothrom na féinne tugtha dóibh nuair nach bhfuil punt ar phunt, nó euro ar euro le fáil acu. Mar chuid de fheachtas Laird, tá ceisteanna tugtha aige féin is ag an Bhantiarna Sylvia Hermon fá mhaoiniú 'Lá' in dhá theach Pharlaimint na Breataine le míonna beaga anuas.

2. Ansin, ba é an scéal ba mhó a bhí le plé ag an Gaeil sna Sé Chontae thar dheireadh na seachtaine seo chaite ná go bhfuil ciste léirithe teilifíse gearrtha 40% fiú sular íocadh oiread is pingin amháin as. Gealladh £12 milliún thar trí bliana ón tús ach anois deirtear le Máire Killoran, ceannasaí ar an chiste nua, go gcaithfidh an t-airgead céanna mairstin ar feadh cúig bliana.

I ndáiríre, níl oiread is punt curtha sa chiste go fóill agus tuigtear go bhfuil sé i gceist an sparán a oscailt i Mí Eanáir seo chugainn. Anois, cad é mar is féidir le Gaeil a bheith dóchasach as a leithéid de mhaoiniú. Cén cineál maoiniú a bheas ann i ndiaidh an chéad chúig bliana? Nuair a osclófar an ciste an ndeirfear le Máire Killoran go gcaithfidh an £12m mairstin cúig bliana eile?

Faraor, tá Gaeil ag fanacht rófhada leis an chiste seo ach tá ag teip ar rialtas na Breataine a chuid dualgais a chomhlíonadh. Léiritear arís nach féidir muinín a chur iontu.

3. Tá an t-Aire Mac Dubh Ghaill i mbun rámhaille arís. Tá sé i gceist aige fáil réidh leis an riail Ghaeilge d'earcaigh Gharda ar de chúlra eitneach iad. Anois cén treo a bhfuil sé ag dul lena leithéid? B'fhéidir nach mbeidh riachtanas Ghaeilge ar bith ann do Ghardaí i gceann roinnt blianta.

Má éiríonn leis an Aire a chuid pleananna a thabhairt i bhfeidhm, is dócha go mbeidh sé deacair an difear a aithint. Go dtí seo, am ar bith ar labhair saoránach na tíre seo le Garda i nGaeilge tugadh drocham dó. B'fhéidir nach dtuigfidh siad go bhfuil drocham tuillte ag an saoránach muna bhfuil Gaeilge acu.

Le fírinne, ní dóigh liom go gcuireann na hionsaithe seo mórán iontais orainn mar Gaeil, táimid breá cleachtaithe leo. Is dócha go nglacann muid leis go mbíonn orainn achrann a thógáil i gcónaí lenár gcearta a fháil.

Tá sé cruthaithe ag lucht na Gaeilge gur gluaiseacht bríomhar agus pobal láidir iad agus go bhfuil riachtanais forleathan uathu mar phobal. Tá éileamh cinnte ann d'oideachas trí mheán na Gaeilge agus Naíonraí, Gaelscoileanna is Gaelcholáistí bunaithe ar fud na tíre. Tá nuachtán laethúil, seachtainiúl, irísí de gach saghas, raidió agus teilifís de dhíth ag an phobal seo. Tuigeann an pobal céanna seo go bhfuil sé de cheart acu gach cineál gnó a dhéanamh trí mheán theanga na tíre.

Ní féidir le lucht Albainis Uladh a mhaíomh go bhfuil siad ar chomh-chéim leis an phobal gaelach, tá réamh obair le déanamh acu.

Maidir leis an Acht Teanga sna sé chontae is fiche, ní thiocfadh mórán muiníne a chur ann, má tá gearraithe siar ar riachtanais Ghaeilge le teacht i bhfeidhm.

Gluais

ciste bursary

cúng-aigeanta narrow minded

Albainis Uladh Ulster Scotch

Maoiniú funding

dualgais a chomhlíonadh fulfill duties

rámhaille rambling

cleachtaithe accustomed to

riachtanais forleathan wide range of needs

Seanfhocal na Seachtaine

'Ná seas ar chois an mhadaidh a fhad is atá do láimh ina bhéal!'

B'fhéidir gur chóir do Thiarna Laird, an t-Aire Mac Dubh Ghaill agus rialtas na Breataine cuimhneamh gur féidir le Gaeil a bheith cosúil le madraí in amanta.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland