Top Issue 1-2024

26 August 2004 Edition

Resize: A A A Print

Spriocanna Domhanda

KeepOurWord.org is part of Trócaire's awareness campaign that should make a difference to achieve world peace and end global poverty, writes AN DRAOI RUA.

Tá an oiread sin cogaíocht ar siúl ar fud na cruinne go bhfuil sé deacair in amanta smaointiú go féidir a dhath ar bith a dhéanamh le cúrsaí a leigheas. Caitear an t-uafás airgid ar airm is ní réitítear bunfhadhbanna na coimhlinte. Mar shampla, deirtear go gcaitear níos mó airgid ar airm núicleach i SAM in aon lá amháin ná mar a chothódh an tríú domhain ar feadh bliana. Mar aon leis sin, caitheadh na mílte milliún dollar ar bhuamaí ollscriosta le slad a dhéanamh ar an Iaráic. Nárbh fhearr i bhfad seirbhísí éagsúla a fhorbairt?

Tharla go raibh cruinniú mullaigh ag na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac Meán Fómhair 2000. Bhí 189 ceannairí domhanda i láthair nuair a d'aontaigh siad ar ocht spriocanna domhanda agus é mar de chuspóir acu iad a bhaint amach faoin bhliain 2015:

1.Deireadh a chur le fíor-bhochtanas agus ocras - go mbeidh leath an mhéid daoine ag maireachtáil ar $1 gach lá is ag fulaingt ón ocras.

2.Go mbainfear bunoideachas uilíoch amach.

3.Cothramas gnéis a bhaint amach, cumhacht a thabhairt do mhná - deis a thabhairt do chailíní freastal ar bunscoileanna is ar mheánscoileanna.

4.Básmhaireacht pháistí a laghdú.

5.Sláinte máthracha a fheabhsú.

6.Gabháil i ngleic le SEIF, maláire agus galair eile.

7.Timpeallacht a chaomhnú - iad siúd nach bhfuil uisce sábháilte acu a laghdú faoina leath.

8.Comhghuaillíocht ar fhorbairt domhanda a bhunadh - a thuilleadh cuidiú, faoiseamh ar fhiacha, go mbeidh teacht ag daoine ar dhrugaí riachtanacha, is rialtas ceart is cóir a chothú.

Go dtí seo, creidtear go bhfuil roinnt oibre déanta ar na spriocanna thuasluaite sa tSín agus san India go háirithe. Caithfear a admháil, áfach, go bhfuil ceannairí domhanda ag teip sna aidhmeanna seo go formhór. Dar leis na Náisiúin Aontaithe iad féin, ní bheidh siad in ann bochtanas domhanda a laghdú faoina leath go dtí 2147 má leanann siad ag obair ag an ráta atá acu anois. Tuigtear fosta go bhfuil coinníollacha maireachtála níos measa inniu i dtíortha éagsúla ná mar a bhí i 1990.

Tá dúshlán mhór romhainn mar chine daonna aghaidh a thabhairt ar na spriocanna domhanda thuasluaite. Tuigtear gur muidne an chéad ghlún daoine a bhfuil na cumasaithe cuí agus an t-airgead againn leis na aidhmeanna seo a bhaint amach taobh istigh den spriocam. San am céanna, is dócha go bhfuil muintir an tríú daomhain tinn tuirseach ag éisteacht le geallúintí bréagacha ó thíortha an rachmais.

Tá na spriocanna seo uilig ceangailte lena chéile. Má dhéantar forbairt i rud amháin is cinnte go mbeidh feabhas le feiceáil sna aidhmeanna eile. Le fírinne, ní bhainfear a dhath ar bith amach muna bhfuil comhoibriú idir rialtais agus ceannairí domhanda. Caithfidh a admháil gurb iad na polasithe eacnamaíochta atá ag na tíortha saibhre a choinníonn tíortha bochta i gcruachás.

Tá feachtas tosaithe ag Trócaire ag díriú ar na ceannairí domhanda gan dearmad a dhéanamh fá na spriocanna seo agus cloí lena bhfocal a gcuid geallúintí a chomhlíonadh. Iarrann siad ar dhaoine achainí idirghréasáin a shíniú ag www.KeepOur Word.org agus tá sé i gceist acu 250,000 sínithe a bhailiú roimh Meitheamh 2005. Má tá deis ag daoine úsáid a bhaint as ríomhaire ní ghlacfadh sé ach bomaite tacú leis an fheachtas. Cinnte, beidh seans ag an tríú domhain forbairt nach beag a dhéanamh más féidir leis na 189 ceannairí domhanda cloí lena bhfocal.

Seanfhocal na Seachtaine

'Tuigeann fear léinn leathfhocal.'

Tá i bhfad níos mó ná 'leathfhocal' le comhlíonadh sna spriocanna domhanda seo.

Gluais

spriocanna domhanda....................................global goals

bunfhadhbanna na coimhlinte...........root causes of conflict

bunoideachas uilíoch...............universal primary education

cothromas gnéis........................................sexual equality

básmhaireacht pháistí.................................child mortality

maláire................................................................malaria

dúshlán............................................................challenge

comhoidriú............................................................co-operation

geallúintí......................................................................promises


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland