Top Issue 1-2024

19 August 2004 Edition

Resize: A A A Print

Ruaig ar Rónta

Seals may not be hunted for their skins these days but by salmon farmers protecting their stock. Judging by the folklore behind them, these creatures of the sea should be treated more fairly, writes AN DRAOI RUA.

Cé nach bhfuil sé

san fhaisean craiceann rónta a chaitheamh na laethanta seo, tá siad go mór i gcontúirt ón chine daonna go fóill.

Bhí mé ar chuairt ar Alban le seachtain anuas agus thug mé fá deara nach raibh an oiread sin rónta le feiceáil is a bhí roinnt blianta ó shin. Mar a tharlaíonn sé níor éirigh mé oiread agus rón amháin a fheiceáil thar chósta an oileáin ina raibh mé ag stopadh. Dúirt muintir na háite liom nach bhfaca siad féin rónta in sa chomharsanacht le tamall.

D'fhoghlaim mé go bhfuil sé de chead ag feirmeoirí bradáin sa cheantar na rónta a scaoileadh má dhéanann siad ionsaí ar a gcásanna. Faraor, is cosúil go bhfuil na feirmeoirí ag scaoileadh gach uile rón a thagann i ngar don chósta. Níl a fhios agam ach seans go bhfuil an cead céanna ag feirmeoirí bradáin go hidirnáisiúnta. Má tá, ba cheart srian a choinneáil ar na feirmeoirí óir is cinnte go bhfuil siad ag dul thar fóir.

Tá áit ar leith ag rónta i mbéaloideas na hÉireann agus na hAlban. Mar atá a fhios againn, tá sé de chead ag an bhéaloideas a leagan féin a dhéanamh de scéal ar bith. Le linn aimsir Nóá, bhí go leor daoine báite. Cé nach n-insíonn an Bíobla linn, deirtear gur tháinig na daoine seo ar ais mar rónta agus go bhfuil tionchar daonna orthu ar fad.

Go dtí an lá inniu, creidtear go dtig le rónta teacht i dtír, na craicinn a bhaint dóibh, agus an oíche a chaitheamh ag damhsa ar thránna an chósta. Cinnte, bíonn muintir na mara le feiceáil mar rónta go minic.

Uaireanta tagann maigh-deán mhara i dtír agus baineann sí a craiceann róin di sa dóigh is gur féidir léi súil ar thalamh. Tá leaganacha éagsúla den scéal a chuireann síos ar mhaighdeán mhara a tháinig i dtír amhlaidh. Cuireann fear a craiceann i bhfolach sa dóigh is nach féidir léi filleadh ar an fharraige. Pósann sé í agus bíonn roinnt páistí acu le chéile. I ndiaidh na blianta a chaitheamh pósta le chéile go sona sásta, tagann sí ar a craiceann de thaisme agus cuimhníonn sí gur maighdeán mhara atá inti go fírinne. Níl an dara rogha aici ach filleadh ar fharraige agus a fhear chéile a fhágáil le croí briste. Uaireanta, déanann sí iarracht teacht i dtír arís lena páistí a thabhairt go tír fó thoinn léi.

Deirtear go mbíonn na fir mhara le feiceáil mar rónta chomh maith ach go bhfuil siad fíor gránna nuair a bhaineann siad a gcraicne dóibh. Ní amháin sin, ach tá sé i gcumas na fir mhara stoirmeacha a thógáil, rud a dhéanann siad agus éad orthu nuair a théann maighdeán mhara i dtír.

B'fhéidir go bhfuil sé tugtha fá deara go mbíonn rónta iontach fiosrach ar fad. Ba cheart a bheith cúramach, áfach, óir is féidir leis na rónta anamacha daonna a ghoid má caitear barraíocht ama ag féachaint orthu. Le déanaí, bhí fear darbh ainm Nesbitt a chónaigh ar chósta oileán Albannach agus dúirt sé riamh go dtiocfadh sé ar ais mar rón nuair a gheobhadh sé bás. Nuair a fuair sé bás, bhí rón feasógach le feiceáil díreach in aice lena theachsa taobh istigh de sheachtain agus d'fhan ansin ar feadh míosa — Ar ndóigh, fear feasógach a bhí ann agus b'annamh a bhíodh a leithéid le feiceáil thart.

Tá roinnt de na feirmeoirí bradáin ag gearán na laethanta seo nach bhfuil an gnó ag déanamh chomh maith sin. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh na rónta ag cur mallacht orthu.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is é an gadaí is mó is fearr a dhéanann crochadóir.'

Is cosúil go bhfuil na feirmeoirí bradáin sásta na rónta ar fad a scaoileadh. B'fhéidir nach dtuigeann siad an difir idir chosaint agus slad.

Gluais

comharsanacht .................................................. neighbourhood

i ngar ............................................................................. close to

go hidirnáisiúnta .................................................. internationally

tionchar daonna ............................................ . human influence

maighdeán mhara ...................................................... meirmaid

fiosrach .......................................................................... curious

cúramach .......................................................................careful

anamacha ......................................................................... souls

Election victory function An Sciobairín

Ag an ceiliúradh i Sciobairín ar 14ú Lúnasa ar son Donnchadh Ó Seaghdha a bheith tofa do Comhairle bhaile an Sciobairín bhí na cúig comhairleoirí ó Iarthar Chorcaí i láthair.

Ó chlé tá comhairleoirí: Cionnaith Ó Súilleabháin, Pól Ó HAodha, Áine Uí Laoire, Donnchadh Ó Seaghdha agus Séan Ó Deasmumhan. Is é Donnchadh an chéad comhairleoir Sinn Féin i Sciobairín le caoga bhliain. D'fhreastail slua breá ar an ocáid agus bhí an-óiche cheoil agus ámhránaíochta acu le Johnny Donegan agus a bhanna cheoil.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland