Top Issue 1-2024

12 August 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cúlra an Choill

Fertility, kingship, poetic inspiration and the gift of wisdom are all qualities that the Hazel tree is associated with. As the nuts are just ripening, now is the time that the Celts honour this noble tree, writes AN DRAOI RUA.

Tá cnónna le feiceáil ar an choll ag an am seo den bhliain mar chuid de thorthaí an fhómhair. Dá bhrí sin, chuimhníonn na Ceiltigh ar an chrann uasal seo. Tuigtear go bhfuil neart buanna le fáil ón chrann seo; torthúlacht, ríogacht, ionspioráid na filíochta, bua an fheasa agus eolas ar rudaí rúnda.

Creidtear go bhfuil cosaint láidir sa choll ó spioraid an olcais. Ba ghnách le taistealaithe slat coill a iompar agus iad ag dul ó áit go háit sa dorchadas go háirithe. Lena chois sin, ba mhinic a bhíodh craoibhín coill ceangailte le capall sa dóigh is nach mbíodh sé i gcumas na síog an t-ainmhí a sciobadh leo. Ós rud é go raibh an cosaint ann ó spioraid an olcais, ní mór an t-ionadh é gur thángthas ar chraobhacha is cnónna coill in uaigheanna ar fud na tíre. Ní amháin sin ach nuair a d'imigh Éireannaigh go Meiriceá ar dtús, ba ghnách leo slatanna coill a thabhairt leo le nathracha nimhe a mharú thall.

Bíonn an coll ag fás in aice le uisce de ghnáth agus dá bharr sin, creidtear go bhfuil torthúlacht ar leith le fáil uaidh. In Alban, tugtar cnónna coill do leanaí óga ag an tráth seo den bhliain fosta óir bíonn siad deas milis agus cosúil le báinne.

I bhfinscéal ársa de chuid na hÉireann, deirtear go raibh tobar speisialta ann a chothaíonn gach abhann sa tír. D'fhás naoi gcoll thart ar an tobar seo agus ag an am seo den bhliain tháinig an bradán feasa chuig an tobar ar mhaithe leis na cnónna a ithe. Bhí bua an fheasa le fáil sna cnónna agus le gach cnó a d'ith an bradán bhíodh spota dearg le feiceáil ar a chraiceann. Ar ndóigh, d'éirigh le Fionn Mac Cumhaill bua an fheasa a fháil nuair a dódh a ordóg is é ag ullmhú an bradán céanna ar fhriochtán.

Ní amháin gur ith an bradán feasa na cnónna sa tobar draíochta seo ach bhí bua na filíochta tugtha do na glúnta Gael leis na cianta as siocair gur ól siad uisce ó aibhneacha na tíre. Bhí ionspioráid iontach le fáil go gairid i ndiaidh an t-uisce a ól. I gcuid den fhilíocht, cuireadh fiosrú an fheasa i gcomparáid le cnó coill a bhriseadh leis an toradh a fháil istigh.

Tuigtear go raibh seanbhrí ag an fhocal 'coll' i nGaeilge ná 'taoiseach'. Mar sin de, b'fhéidir go dtuigtear cad chuige go bhfuil a lán suíomhanna ríoga is naofa lonnaithe in áiteanna ina raibh coillte coill ag fás tráth.

Bhuel tá súil agam go mbeidh deis ag gach duine bua an fheasa agus na buanna eile a lorg ón choll i mbliana.

Seanfhocal na Seachtaine

'Nuair atá an toradh gann, is fearr an blas.'

Seo leagan eile de 'bíonn blas ar an bheagán' agus tá a fhios againn go bhfuil cnónna coill beag go leor ach tá siad fíor blasta.

Gluais

ionspioráid inspiration

craobhacha branches

cnónna nuts

nathracha nimhe snakes

friochtán frying pan


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland