Top Issue 1-2024

5 August 2004 Edition

Resize: A A A Print

Síolta le Sábháil

We may be enjoying the harvest of 2004, but we should also remember to save some seeds for the coming spring, writes AN DRAOI RUA. This is just one piece of advice from the Irish Seed Savers Association (www.irishseedsavers.ie).

Le fírinne, is deacair a bheith ag smaointiú fá greim a choinneáil ar roinnt síolta agus muid ag tús an fhómhair. B'fhearr i bhfad linn sult a bhaint as an fhlúirse bia atá curtha ar fáil dúinn ag an dúlra gan a bheith buartha fán earrach seo chugainn. Is dócha go bhfuil muid uilig ró-ghnóthach ag baint an fhómhair nó ag baint sult as le machnamh a dhéanamh ar chiorcal an bheatha ag teacht thart arís.

Le blianta beaga anuas, tá sé tugtha fá deara go bhfuil neart síolta dúchasacha in Éirinn ag dul i léig de thairbhe nách ndearnadh aon pleanáil le síolta a shábháil. Dá bhrí sin, thosaigh 'Irish Seed Savers' togra ina bhfuil siad ag iarraidh na síolta a shábháil.

Mar shampla, glactar leis go hidirnáisiúnta go maireann na Gaeil ar phrátaí amháin. Tuigimid, áfach, nár thosaigh muintir na tíre seo ag cur prátaí go dtí tréimhse Walter Raleigh (1554 - 1618). Ghlac sé suas le céad bliain do dhaoine teacht isteach ar an phlanda nua. Go dtí sin, bhí na Gaeil ag maireachtáil ar ghráinní, beagnach.

Bhí Michael Miklis i gCill Cháinnigh den bharúil gur cheart cuid de na síolta seo a aimsiú agus a shábháil. I 1997, thosaigh sé ag cuartú na síolta éagsúla seo. D'éirigh leis teacht ar 48 gráinní éagsúla. Cé nach raibh ach idir 5 is 10 síolta de gach saghas, tá 6 acra talúin curtha aige leis na gráinní éagsúla i mbliana. Ar ndóigh, tá i bhfad níos mó i gceist ná síolta a shábháil óir is féidir na gráinní seo a sholáthar le bia a chur ar fáil do dhaoine is d'ainmhithe.

Mar chuid den togra seo fosta, tá iarrachtaí móra déanta crainn úill dúchasacha na tíre a shábháil. Go dtí seo, d'éirigh leo 14 crainn úill na hÉireann a shábháil.

Ta an oiread sin síolta éagsúla de gach cineál bia a chailleadh i rith an ama. Sna laethanta seo ina bhfuil an feirmeoireacht comhaimseartha dírithe ar an ollmhargadh is ar na táirgí a sholáthar chomh gasta agus is féidiir le brabús mór a dhéanamh, tugann sé dóchas dom go bhfuil a leithéid d'eagraíocht mar 'Irish Seed Savers Association' ann. B'fhéidir nach dtig leo go leor bia a chur ar fáil do mhuintir na tíre ach tá sár-obair á dhéanamh acu. Seans nach dtuigfidh an glún seo an tábhacht a bhaineann le obair an ghrúpa seo ach tá mé cinnte go mbeidh glúnta inár ndiaidh thar a bheith buíoch dóibh.

Seanfhocal na Seachtaine

'An té a chuireann san earrach, bainfidh sé san fhómhair.'

Tá súil agam go bhfuil obair an earraigh ag teacht chun tairbhe anois do chách.

Gluais

flúirse abundance

dul i léig declining

gráinní grains

soláthar provide

iarrachtaí attempts


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland