Top Issue 1-2024

22 July 2004 Edition

Resize: A A A Print

Níl Pápa Anseo!

There's been a lot of talk recently on whether or not the Pope might return to Ireland. The thing is, asks AN DRAOI RUA, would there be many who would go to see him a second time round?

Bhí a lán plé sna meáin le déanaí maidir leis an moladh go raibh an Pápa Eoin Pól II ag smaointiú fá phileadh ar Éireann ar an bhliain seo chugainn. Bhí tuairimí éagsúla nochtaithe ina raibh caint ar dháta a shocrú nó an mbeadh sé tuillteanach a ghabháil ar cuairt chuig na sé chontae ó thuaidh nó nach mbeadh. (Ní raibh sé níos faide ó thuaidh ná Droichead Átha agus creidtear nach raibh Naomh Pádraig níos faide ó dheas ná Luimneach.)

Dúradh gur thug easpaig na tíre cuireadh don phápa teacht ar ais ar Éireann toisc gur chreid siad gur mhaith an rud a bheadh ann dá dtiocfadh comóradh a dhéanamh ar an chuairt a rinne sé 25 bliain ó shin. Faraor, bhí an t-Ardeaspag Seán Ó Brádaigh dóchasach go leor go dtiocfadh leis an phápa pilleadh.

Ní thuigim cad chuige a raibh an oiread sin plé sna meáin fán ábhar seo mar ní raibh a dhath ar bith cinnte fá dtaobh de agus ní raibh ann i ndáiríre ach dúirt bean liom go ndúirt bean léi. B'fhéidir go raibh triail de chineál éigin ar siúl agus údarás na heaglaise ag iarraidh fiosrúcháin a dhéanamh fán shaghas fáilte a bheadh roimh chuairt ón Phápa.

Dar le preas ráiteas amháin ón Vatican, bhí an pápa sásta go leor 'i bprionsabal' glacadh leis an chuireadh. An lá dar gcionn, áfach, cuireadh amach ráiteas eile ag rá nach raibh turas ar Éireann mar chuid de chlár oibre an phápa ag an am.

Le fírinne, gach seans nach mbeadh mórán fáilte roimh an phápa agus é ag smaointiú teacht an treo seo. Deirtear go bhfaca breis agus dhá mhilliún duine an pápa áit éigin in Éireann agus é abhus i 1979. Bhí na céadta mílte amuigh lena fheiceáil gach aon áit ina raibh sé agus milliún duine i bPáirc an Fhionnuisce. Maise, bhí na céadta mílte eile sa bhaile ag féachaint ar gach uile imeacht ar an teilifís.

Níl amhras ar bith ann ach go raibh muintir na tíre an-tógtha fán chuairt ag an am agus cuireadh muinín ins sa phápa seo i 1979. Dúradh gurbh é seo an chéad uair a thug easpag na Róimhe cuairt ar Éireann riamh agus cuireadh muinín ins sa phápa toisc gur chreid daoine go dtiocfadh leis moltaí Vatican II a chur i gcrích. Bhí na Gaeil féin sásta a chloisteáil gur fhreastail sé ar cheachtanna Chairdinéal Uí Fhiach nuair a chuala siad a leithéid de 'Moladh go deo le Dia' agus 'Buíochas le Dia'.

Deirtear gur fada an ama é seachtain i saol na polaitíochta. Más amhlaidh an cás, is faide i bhfad 25 bliain i saol na heaglaise. Ní amháin go bhfuil an pápa seo níos sine anois ach is cosúil gur tháinig ciall le haois is go bhfuil neart ceachtanna crua foghlamtha ag pobal na hÉireann fosta. Tá a lán fíricí nochtaithe ó shin. Tá a lán scéalta scanallacha tagtha chun solais agus níl an smacht céanna ag an údarás Caitliceach ar dhaoine ach oiread. Tá neart ceisteanna ag daoine maidir leis an chumhacht is an saibhreas a choinníonn an cléir ar fud na cruinne. Cé go gcáineann Eoin Pól II gníomhartha cogaíochta is agus go ndeanann sé a dhícheall ar son síocháin domhanda, is ceannaire coiméadach é agus níor tháinig moltaí Vatican II i bhfeidhm go fóill. Tuigimid mar shampla, nár tháinig dul chun cinn i stadas na mban ina réim.

Níl cinnteacht ar bith ann go mbeadh i gcumas an phápa seo pilleadh ar Éireann toisc nach bhfuil a shláinte go maith aige. Is cinnte, áfach, nach mbeadh dhá mhilliún ag taisteal na tíre lena fheiceáil ach oiread.

Gluais

cuireadh invitation

comóradh comemoration

fiosrúcháin investigation

preas ráiteas press release

muinín confidence

ceachtanna crua difficult lessons

ceannaire coiméadach conservative leader

Seanfhocal na Seachtaine

'Deireadh an tSoiscéil an t-airgead.'

Ar an drochuair, tá cuma ar an scéil go gcreideann daoine in airgead níos mó ná i nDia ar bith.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland