Top Issue 1-2024

6 May 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cré na Cille

BY AN DRAOI RUA

With all the concrete and tarmac poured over this country, it's hard not to think of what might be buried beneath the clay, writes AN DRAOI RUA.

Is cosúil nach dtugtar an oiread sin ómós don talamh faoinár gcosa is a thug ár sinsear fadó. Cuimhnítear gur ghnách leis na seantaoisigh ceilteacha a bheith curtha faoin fhód is crainn a bheith curtha ar a mbarr. Inniu tógtar léachtanna móra cuimhniúcháin in onóir don té faoin creafóg is tá reiligí scaipithe ar fud na tíre.

Caithfidh muid a admháil nach bhfuil mórán uaigheanna sna reiligí ag dul níos faide siar ná an 17ú haois. San am céanna, áfach, mhair ár sinsear sna blianta roimhe is glacaimid leis go bhfuair siad uilig bás is go bhfuil siad curtha áit éigin.

Sa lá atá inniu ann, caitear coincréit is tarramhacadam ar an oiread sin talaimh go mbím ag smaointiú go minic cad é atá curtha faoi. Is beag forbairt atá déanta nach ndéantar tochailt seandálaíochta is go dtagtar ar foinsí luachmhara ón tseanaois. Uaireanta, tagann na tochailteoirí ar shuíomhanna a bhí lonnaithe i dtréimhse réamhstaire, ó ré na gCeilteach, aimsir na Lochlannach, na Normannach, láithreáin págántachta nó Críostaíochta.

Cé go dtagtar ar na suíomhanna iontacha seo, ní thugtar mórán measa dóibh. Le fírinne, déantar iarracht dearmad a dhéanamh fán tsaibhreas atá curtha faoin fhód ar mhaithe le 'dul chun cinn' a dhéanamh. Deir lucht an rachmais go mbíonn staraithe ag cur bac ar an fhorbairt atá le déanamh is go bhfuil géarghá leis an obair a chur i gcrích go práinneach. Ar an drochuair, bíonn an lámh an uachtair ag an lucht gnó is tugtar cluas le héisteacht dóibh siúd i gcónaí.

Má tá bóthar le tógáil nó láithreán dramhaíola le lonnadh, deirtear linn go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí an obair sin a chríochnú chomh luath agus is féidir. Glactar leis an taifead go bhfuil suíomh áirithe ann is ansin leagtar é.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil na mílte suíomhanna seandálaíochta scriosta is millte ag an ghlún seo in Éirinn. Tá liosanna, dúnta, caisleáin, clocha cuimhneacháin, reiligí páistí agus a lán eile imithe ó na léarscáileanna de bharr 'forbairt na haoise seo'.

Ba cheart is ba chóir an 'dul chun cinn' seo a mheas i gcomparáid leis an stádas ina bhfuil timpeallacht ár linne, bochtannas, cogaíocht is fadhbanna eile na cruinne.

Beidh an chéad ghlún eile ag cur ceisteanna orainn cad chuige ar lig muid don scrios ar fad lenár linn agus cén fáth ar fhág muid méid millteanach coincréite is tarramhacadam inár ndiaidh. Tá súil agam gur féidir le cuid againn a rá go ndearna muid ár ndícheall ár n-oidhreacht a chosaint.

Seanfhocal na Seachtaine

'Cos san uaigh is an chos eile ar a bruach.'

Is dócha nach mbíonn a fhios againn i ndáiríre, cén uair a leagann muid cos ar uaigheanna ár sinsir na laethanta seo.

Gluais

léachtanna monuments

tochailt seandálaíochta archaeological dig

géarghá extremely necessary

suíomhanna/láithreáin sites

oidhreacht heritage


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland