Top Issue 1-2024

26 June 2003 Edition

Resize: A A A Print

Maith thú Mandela!

This week, AN DRAOI RUA congratulates Nelson Mandela on receiving his honorary doctorate from NUI, Galway, his acceptance speech on that occasion and for the oration he gave on the opening night of the Special Olympics.



Bronnadh céim onóracha, Dochtúir le Dlí, ar Nelson Mandela in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Dé hAoine 20 Meitheamh. Bhí breis agus 1200 i láthair ag an ocáid sa halla agus na mílte ag breathnú ar scaileáin speisiúlta ar fud an choláiste. Ba léir go raibh daoine bródúil an deis a bheith acu laoch idirnáisiúnta comhaimseartha a fheiceáil ina measc.

Ba cheart comhghairdeas a ghabháil le hOllscoil na Gaillimhe as onóir mar seo a bhronnadh ar Mandela. Dúirt Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán an Choláiste, gur chreid sé nach raibh duine chomh tábhachtach maidir le cúrsaí daonna riamh ar champas na hollscoile cheana. Dúirt sé go raibh ard-mheas aige ar an Dr. Mandela agus go raibh sé sásta an ollscoil a náscadh le fear a rinne an oiread sin ina streacháilt ar son cearta daonna i rith a shaoil.

Is cinnte go raibh sé de mhisneach ag Nelson Mandela oráid cróga a thabhairt agus thapaigh sé an deis SAM a cháineadh as feachtas míleata aontaobhach a thoiseacht nuair a d'ionsaigh siad an Iaráic. Léirigh sé go raibh contúirtí móra ann nuair a ligeadh do thír amháin agus do cheannaire amháin dul as smacht idirnáisiúnta. Dúirt an Dr Mandela go gcaithfidh gach náisiún glacadh le dlí agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta. I ndáiríre, bhí ábhar magaidh déanta de na Náisiúin Aontaithe ag SAM.

Mhol sé do thíortha cosúil lenár dtír féin seasamh láidir neamhspléach a ghlacadh i gcúrsaí idirnáisiúnta. Dúirt sé gur cheart d'Éireannaigh a bheith níos tuisceana fá fhadhbanna na dtíortha laga toisc gur fhulaing ár sinsear an oiread sin faoi impiriúlachas. Mhol sé gur chóir do rialtas na sé chontae is fiche seasamh leis an uilethaobhachas i gcúrsaí polaitíochta óir muna ndéanann beidh na Náisiún Aontaithe ar a gcosa deiridh agus gan feidhm.

Ba cheart do pholaiteoirí Theach Laighin dianmhachnamh a dhéanamh ar na moltaí a bhí ag Mandela. Is dócha go raibh náire ar na hairí rialtais a bhí i láthair ag an searmanas in Ollscoil na Gaillimhe b'iad siúd Éamonn Ó Cuív, Michael Smith agus Frank Fahey. Gach seans gur mhothaigh siad giota beag mí-chompordach ag éisteacht leis an fhírinne lom ón Dr Mandela. Cinnte, ní dhearna an rialtas seo a dhath ar bith ar son cearta daonna le linn dóibh a bheith ag ligint do fhórsaí SAM úsáid a bhaint as aerphort na Sionna agus iad i mbun ionsaithe ar an Iaráic. Tá stadas morálta ag Nelson Mandela a chuireann náire an domhain ar pholaiteoirí na cruinne.

Bhí an Dr Mandela i bPáirc an Chrócaigh oíche Shathairn 21 Meitheamh leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta a oscailt go hoifigiúil. Dúirt sé gur mhothaigh sé go raibh pribhléid air a bheith i láthair ar an oíche agus mhol sé na lúthchleasaí ar fad mar ambasadóirí ar leith de spiorad an duine. Thug sé ardmholadh dóibh as na gníomhartha iontacha a chuireann siad i gcrích mar spreagann siad an cine daonna ar fud an domhain as na héachtaí seo agus gur cheart do thíortha an domhain foghlaim uathu.

Ba cheart do Dáil Éireann an deis seo a thapú anois deireadh a chur leis an bhéalchráifeacht agus rudaí dearfacha cinnte a dhéanamh ar son daoine mí-chumasacha.

Tá súil agam nach ndéanfar dearmad fá na moltaí uilig a bhí ag Mandela dúinn ach is dócha go bhfuil aiféaltas ar chuid polaiteoirí gur tháinig sé go hÉirinn ar chor ar bith.


Seanfhocal na Seachtaine



'Bíonn an fhírinne searbh go minic.'

Ní amháin go mbíonn sí searbh do chuid pholaiteoirí ach garbh chomh maith!


Gluais



céim onóracha    honorary degree

scaileán    screen

comhaimseartha    contempory

streacháilt    struggle

aontaobhach    unilateral

smacht idirnáisiúnta    international control

neamhspléach    independent

uilethaobhachas    multilateral

dianmhachnamh    serious consideration

searmanas    ceremony

stadas morálta    moral status

gníomhartha    achievements

aiféaltas    regret

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland